Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Daor-bhasctha
aidiacht.
Tabhair faoi deara go mbíonn sé diúltach go h-iondamhail
basctha go leor; sáthach basctha; go dona; gan a bheith ach réasúnta; a bheith sáthach buailte; gan tada le cois a bheith ag an rud; gan mórán gaisce a bheith ar an rud; gan mórán a bheith le reic ag an rud.
+
Dheamhan an bhfuil daor-bhasctha chor ar bith de'n rud = tá an rud maith go leor; dheamhan an bhfuil caill ar bith ar an rud.
Deir siad nach bhfuil daor-bhasctha de Mh. chor ar bith indiu. Is iongantas sin. An té a d'fheicfeadh trathnóna indé é, déarfad sé nach sáróchadh sé an oíche, dá mbeadh Éire taobh leis. Ach 'ar ndú (ndóigh) is goire cabhair Dé ná an dorus
TUILLEADH (3) ▼
Dar príosta níl daor-bhasctha dhó ag gabhail fhuinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na "Gaedhilgeoirí" sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rádh ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an t-Oireachtas ag tigh Bh. agus luach cupla pionnta a bheith ag C. go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
Tá muis agus daor-bhasctha go leor. Breathnuigh tusa ar an bpradhas a bhí ar bheithidhigh le linn an Chogaidh cheana. Dar ndóigh ní bheitheá in do sheasamh ar chlár an aonaigh an uair a bheidís fuadaighthe uait agus do leathchéad punt istigh i gcúl do ghlaice. Deirimse leatsa go bhfuil saothrú ar do leathchéad ar na h-aontaigh atá anois ann. Bhí siad a thrí oiread an cogadh cheana. Agus deir tusa in a dheidh sin nach bhfuil daorbhasctha dóibh. Mo chreach mhaidne do cheann
"Tá P. thar cionn" adeir sí. "Tá M. go maith, agus dheamhan a bhfuil daor-bhasctha de N." Má's fíor di féin é níl call coláiste ar bith dóibh. Mhúinfidís a bhfuil is na colaistí cheana
+
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daor-bhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil in a "chlass" buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le h-ais a chéile, agus an uair nach ag gárthaighil a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nachar) thriomuigh a shúile ó'n lá a ndeachaidh sé isteach ins an scoil go dtí an lá ar fhága sé í.
Ní raibh sé daor-bhasctha as tús a óige. Minic go maith a d'fheicfeá ag imeacht ar a bhog-mheisce é agus glaodhmaireacht an tsaoghail mhóir aige. Ach ó buaileadh an tsuaróigín siúd air leig sé faoi, agus rinne sé fear críonna. Cé a d'fheicfeadh anois ag teacht súgach d'aonach ná de mhargadh é. Siúd í an cailín aige!
TUILLEADH (3) ▼
Aindeoin a bhfuil de chlamhsán ag na daoine ní saoghal daor-bhasctha é an saoghal seo. Tá cearc an áil (fear na cloinne) ag fáil an oiread seo leath-chorónacha; tá giolla na leisce ag fáil "trifle" (beagán); tá an caracháinín de ghasúr a fheiceas tú ag imeacht agus a "bheaig" (bag) aige faoin a ascaill ag saothrú a chion féin (dhá phunt na Gaedhilge); agus annsin 'ar ndú (dar ndóigh) tá "pensions" thar a chéile ann. Má mharbhuigheann tú sionnach ar an saoghal seo gheobhaidh tú cineál eicínt pinsean, agus dar príosta is fhearr an aghaidh ort é ná ar chuid mhaith atá dhá fháil, mar hébrí céard a dhéanfas tada, bhí sionnaigh a chuir in aer ar chaoi ar bith. Mo laichín imighthe ó indé … ní saoghal daor-bhasctha é chor ar bith
Níl T. daor-bhasctha chor ar bith marach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaithtí, agus nach gcuimhnigheann sé a dhul ag a ghna (gno) chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí ingarrdha agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gort-ghlanadh annsin thuas anuiridh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnuigh sé an garrdha ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh níorbh fhearrde an gort é ar aon-chor. Loic a raibh ann
Má's leatsa fear a fháil nach bhfuil daor-bhasctha in a churrachóir, gabh siar annsin thiar i S. agus fágh T. Th. Sin é an currachóir agad. Chonnaic mé ag seasamh amuigh ar an meath mhóir ar fhaidhtíní é, lá a raibh scoilb dhá gcur idtighthe istigh annseo: lá a raibh sé ag séideadh aniar aduaidh. Tabhair lá deannachtach air. Níor chorruigh sé go trathnóna. Dheamhan an trólar a dhéanfadh na fairrgí a bhí ann a bharruidheacht — dheamhan é muis