Dara-thairt
—/darə-hær′t/ : /dārə hær′t′/
—ainm-fhocal
—níor chuala mé claochlódh tuisil ná uimhreach air. Focal buineann é
—
treascairt a bhaint as duine ach níor chall a leagan; duine a chur indiaidh a mhullaigh; an ceann is fhearr a fháil ar dhuine i dtroid; cartadh dalba a thabhairt do dhuine. (Baintear cuid mhaith leasa as is an gcleas a dtugtar faic air. B'fhéidir gur amhlaidh a thúsuigh sé, arae deirtear is an gcleas sin: "tharaibh tharaibh faic!" B'fhéidir gurb é atá i gceist ann go rachadh an fhaic thart is an bhfáinne an dara h-uair gan an fear a bheadh istigh féadachtáil breith uirre. Fc. faic).
+–
Sin anois fear a bhainfeadh dara thairt as duine an-éascaidh, agus go mór-mhór má tá sé ar a bhog-mheisce = thiubharfadh sé cartadh dhó an-éascaidh; d'ionnsóchadh sé duine agus bhainfeadh sé cuid mhaith sníomh as
Bhain sé an dára thairt ceart as muis, agus 'sé a bhí i riocht. M'anam nach bhfuil aon-ghnatha aige a dhul dhá fhéachaint siúd
TUILLEADH (5) ▼
Chruinnigh cluiche de'n dream seo thoir air, 'chuile lá dhá dteigheadh sé soir, agus bhainidís an dara thairt as i gcomhnaí, dá bhrughadh agus dhá chartadh eatorra, shul má theagadh sé anoir aríst. Dar fiadh muise, bhí sé in a dhóigh ceart aca! Ach tháinic an oiread críonnacht' dhó faoi dheireadh agus gur fhan sé uatha uiliog!
Beidh sé taithighthe síos annsin muis nó go mbainfidh na buachaillí báire atá síos ann an dara thairt as. Is orra nach mbeidh an mhoill má chuireann siad rómpa chor ar bith é
Cúigear nó seisear a bhí a dhul air sin agus an dára thairt a bhaint as. Ní mó ná sin a cheansóchadh é. Leagan air ceart nó go gcloistheá gioscán ag na cnámha ag pléascadh
Bainfidh siad an dara thairt as an Jap bocht anois, má's cúrsaí mar sin é. Ach diabhal a bhfuil daor-bhasctha de'n Jap fhéin déarfainn. Fágfaidh sé cuid mhaith aca ag craitheadh na gcrúb, shul a chuirfeas siad i dteanta é
Diabhal scáth ar bith a bheadh orm fhéin nach mbainfinn an dára thairt as, agus is dona an fear mé. Níl fuinneamh ná fáscadh annsiúd
+–
Tabhair an dara thairt dó a fhleascaigh! An bhfuil fuil ar bith ionnad. Má tá an sramacháinín sin ag cínnt ort, is mairg a bheadh de do bheathú!
Má d'airigh tú faoi do neart chor ar bith é, breagh nachar thug tú an dara thairt dó. Ní tada eile a bhí ag teastáil uaidh. 'Muire muise, dhá gceapadh seisean go raibh aon-fhearasbarr aige ortsa ní imeochthá uaidh cho réidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Thug siad an dara thairt di ceart annsin idtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan seadh ná seoladh ionnta. Thuit an driúll ar an dreall ar fad orra, ó chuaidh na Sasanaigh isteach do'n Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) 'sna fáscaí ag téicheadh (/ə t′ɛ̄w/) uatha
·
Bhain siad an dara thairt as shul a d'fhéad sé an fhaic a fhastú! 'Dhiabhail is é a fuair garbh é! Baineadh aithinneadhachaí as an druim aige deirimse leat
Tharaibh, tharaibh faic! Tugaighidh an dára thairt dó an crúbálaidhe mara bhfuil sé indon breith uirre!
Dara-thairt in iontrálacha eile (3)
→
buail ar
Buailfe mé tuighe shrathair (shrathra) ort; buailfe [mé] tuigheadh na bPunann ort; buailfe mé an dara thairt (tara thairt?) ort; buailfe mé an-ghleáradh, an-lascadh etc. ort; buailfe mé bruicneáil, druimeáil etc ort
→
ding
Gínn thú! Gínn thú a bhuachaill! Leag air a fhleasca(igh). Tabhair an dara thairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort in a dheidh sin … Dar fiaguidhe, tá tú in do phuca aige … Gínn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll as do chíonn fós … Tá féith ó'n tsinnsir ins an ngearrbhodach sin.
→
drandal
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhobair dó breith orm annsin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brigh an leabhair gheobhadh sé an dara-thairt, marach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'fhuireasbhaidh mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath agus a nochtfaidh sé an dranndal tiubharfaidh mise mo shean-snaoidhm de mhullach cois na fuipe, isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madar alla air, dhonóchadh an iarraidh sin é