Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diomdhach
Aidiacht as diomdha
Fuaim: diomúch
1.
aithmhéalach, brónach, do-mheanmnach.
+
Is maith diomdhach a bhí sé ar maidin indiu, an uair a fuair sé a phócaí falamh th'éis na h-oíche agus a cheann dhá scoilteadh le tinneas óil
Is fhearr dhó é fhéin a shású anois ná a bheith diomdhach ar ball, an uair nach mbeidh aon-ghoir aige a dhul ar a thóin ins an margadh. Ní h-ionann pósadh agus rud ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Thiubharfá diomdhach orm! Is agam a bhí a údar: chúig phunta dhéag a eiteachtáil agus a caitheamh uaim aríst deich fichead faoi
2.
mí-bhuidheach, dith-bhuidheach, buaidheartha, leamh de, bréan de, caillteach le.
+
Má tá Dia buidheach do chuid do na daoine, is deacair Dhó gan a bheith diomdhach do thuilleadh. Go dtugaidh Dia ciall duit a dhuine sin! Níl peacadh ar bith i Sasana — peacadh ar bith — ach nach bhféadfaidh Éireannach bastard a thabhairt ar Churchill. Dheamhan thiomanta peacadh ann anois ach an méid sin
Bhí an mháthair ar chuma ar bith sáthach diomdhach de mhuintir Sh. Dh. Níor thaobhuigh sí iad ó cailleadh an inghean. Dubhairt sí gur fhága siad annsin í, gan fios a chur ar an dochtúr go raibh sí ag saothrú báis
TUILLEADH (5) ▼
'Sé a bhí diomdhach dhíom nachar thaobhuigh mé é an t-am a raibh sé buailte síos. Shílfeá nachar cheart dó guth ar bith a bheith aige ormsa agus cho fada amach uaidh agus a d'fhan daoine a bhí i bhfad ní ba ghoire dhó ná mise
Tá 'chuile dhuine diomdhach de'n aimsir seo. Ní chloisim aon-duine dhá moladh, cé's moite de Sh. Ó. Th. ach 'ar ndú 'sí an bháisteach a bhuac sin
'Sé atá diomdhach di, nachar iarr sí ar an mbainis é, ach go deimhin fhéin is beag a bheadh le déanamh aice a dhul ag tarraint sean-scramaire mar siúd isteach ina teach dhá mhilleadh
Is minic ariamh a bhí duine diomdhach de'n iasacht. Dlí na h-iasacht', adeir siad, an tiarach a bhriseadh
Is mór atá ag eirghe diomdhach de na sagairt chéadna de bharr na mbealaigh atá leo féin: ithte ag iarraidh airgid, agus gan goir ag duine a bhéal a oscal nach mbeidh siad ag tromachan air
+
"Ní bhíonn an chéad duine buidheach ná diomdhach" = b'fhéidir go mbeadh sé i bhfad níos fhearr ná cuid eile, agus i bhfad níos measa ná cuid díobh freisin (sean-fhocal)
Ba mhó a fuair sé ná mise, ach ní raibh sé sásta in a dheidh sin. Bhí sé ag strócadh ag rádh go bhfuair M. B. a dhá oiread leis. 'Ar ndú' ní raibh an chéad duine ariamh buidheach ná diomdhach. Sin é an chaoi a mbíonn sé.
TUILLEADH (6) ▼
Orainne a tháinig sé ag roint idtosach. Thug sé dhá mhuigín an duine dhuinn. Nuair a shroich sé siar cho fada leis an mbroscán a bhí ins an iothlainn, ní raibh aon-chosamhlacht ar mhórán eile a theacht, agus bhí sé ar phuintí an trí an uair sin. Thaosc sé amach an pórtar aca sin. Ach bhí an bóithrín aníos dubh le daoine ag leath-uair th'éis an trí agus ag an ceathair, agus gan faice le fáil aca, mar rinne sé plaicín ghabhair dó (de) ins an iothlainn. Maidir linne, ní bhfuair muid ach an dá mhuigín. Ní raibh muid buidheach ná diomdhach: sin é an chaoi len a rádh. Ní bhíonn an chéad-fhear buidheach ná diomdhach arsa tusa (Ól dhá roint ag sochraide)
Eisean an chéad-fhear ariamh a d'iarr í, agus fuair sé í (bean). Ní bhíonn an chéad fhear buidheach ná diomdhach
Ní raibh mé buidheach ná diomdhach de'n aonach. Feicthear dhom go mbadh cheart dom cuid mhaith eile a fháil agus an dá rampaire muice a bhí agam, ach ar an gcaoi ar díoladh muca eile, ní raibh daor-bhasctha chor ar bith dhom
Sin é an cineál duine é. Dá mbronntá Éire air, ní bheadh a fhios agad an mbeadh sé buidheach ná diomdhach
'Sé'n sórt caoi a bhfuil an pósadh seo níl siad féin buidheach ná diomdhach dó. Tá áit thar cíonn ann, marach an aois atá ag an bhfear
An obair a bhí agamsa i Sasana, ní raibh mé buidheach ná diomdhach di. Bhí togha na páighe agam, ach bhí na h-uaireanntaí dubh-fhada — naoi n-uaire déag, agus fiche uair ins an ló, scaithtí. Bheitheá tugtha aice ins an rith fada

Féach freisin

Diomdhach in iontrálacha eile (6)

 
daba
Ar an dá luath agus ar thosuigh an tsiúite, dheamhan asna dhíom nach sciobann an daba de'n phláta agus "haway" liom. Déarfainn go mbadh diomdhach an bheirt a bhí ionnta nuair ab éigin dóibh a mbéilí a ithe tur tar
+
Deir siad nach mbíonn an chéad-fhear buidheach ná diomdhach, agus deir siad freisin nach bhfuil a fhios cé's fhearr a thús ná a dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
M'anam nach bhfuil a fhios agam fhéin cé a bhéas buidheach nó diomdhach as a dheireadh, agus dheamhan an miste liom
 
deoir
B'fhurasta 'aithinte air go raibh sé diomdhach dhuit nach bhfuair sé cead a choise. Bhí an deoir faoin a shúil
 
Shílfeá nach raibh roint punann ná dornán idir é féin agus J. ariamh le go mbeidís cho saghdtha sin ag án a chéile. Ach is duine é J. sin a mbaineann gnotha 'chuile dhuine dhó. Tá an iomarca aisiléarachta aige ar fad. Tá a chomharsanaí féin sáthach diomdhach dó ar aon-chor
 
téigh
Chuaidh na trí galúin riar maith ar lucht na bainse. Níor riar siad 'chuile dhuine, ach dheamhan ceo ar bith nachar riar. Bhí againn teacht leo, agus an té a bheadh diomdhach a chead sin a bheith aige