dallarán
—Ainm-fhocal, fireann
—geineamhnach uathaidh agus uimhir iolraidh = dallaráin
—Fuaim = dalluráin (a tosuigh mar "ea" i "bhfead")
—Is beag atá ciall a 1 anois faoi Chois Fhairrge ná faoi Chonamara. Ciall a 2 atá ann
1.
duine caoch nó leath-chaoch (Gnó Bheag agus Gnó Mhór).
+–
Tá sé in a dhallarán chríochnuighthe. Is fadó an lá a bhí aige a bheith ag fáil pinsean na daille. Is iomdha duine nach bhfuil leath cho dona leis atá dhá fháil ó'n gcéad lá
Tá an duine bocht in a dhallarán. Ní léar dhó an bhán-shoillse — tada leis
TUILLEADH (5) ▼
Bím in mo dhallarán d'fhuireasbhaidh mo chuid spéacláirí. An gcreidfeá mé nach léar dhom leitir ar an bpáipéar sin anois
Is mór a chaill mé an t-amharc le goirid. Is gearr go mbeidh mé in mo dhallarán. Táim cheana. Agus bliain go h-am seo d'fheicfinn an cró i snáthaid bheag le snáth a chur innte. Feacha sin anois
Níor fhan spré ar bith in mo shúile-sa ó a thosuigh siad ag déanamh uisce. Dheamhan spré muise. Tá mé in mo dhallarán
Dhá dtugthá saidhbhreas Sheoirse dhom, ní dhéanfainn mo bhealach anois ó'n mbóthar go dtí an teach, mara mbeinn ag sméaracht le claidhe. Níl cailleadh ar bith ins an ló orm, ach is dallarán mé de shiubhal oíche
Cé'n chall faitís atá dhuit. Ní fheicfeadh an dallarán siúd thú, dhá mbeadh do shrón in a bhéal. Dheamhan feiceál muis
2.
cluasánach, bobarún, duine dall ag tógáil ruda; duine gan mheabhair gan éirim; "dunce", "blockhead".
+–
Ní fhaca mé aon-dallarán ariamh ba mhó ná é ag dul chuig an scoil. Sháruigheadh sé an máistir ceart. "An bhfeiceann tú an ghruaig sin" adeireadh sé. "Ní raibh oiread agus ribe liath innte nó gur casadh thusa in mo líon"
Marbhuigheadh é le'r buaileadh air ag an scoil, ach b'aon-mhaith amháin é in a dheidh sin. Dallarán gan mheabhair gan éirim a bhí ann. Níorbh fhéidir focal a chur isteach in a chloigeann
TUILLEADH (4) ▼
Is diadhachta dhóib sin a bheith go maith agus na dallaráin de dhearbhráthracha a bhí aca. Tá mé ag ceapadh nachar thriomuigh a súile ó'n lá ar sheas siad ag an scoil go dtí an lá ar fhága siad aríst í, ach ag geonaighil chaoineacháin ar an bhfad sin. Ní raibh aon-pheacadh faoi'n domhan ach a mbualadh chor ar bith, arae ní raibh aon-neart aca air: ní raibh sé de mheabhair ionnta tada a thógáil
Nach h-é an dallarán ceart é má tá 'chuile dhailtíneach indon imeartas mar sin air. Dheamhan splanc chéille a thiocfas go deo dhó. Tá sé réidh léithe
Is dallarán ceart é muis má chinn air an cheist sin a fhuascailt. Nach bhfuasclóchainn fhéin í sin, má's mé is measa ar bith. Eirigheadh sé as a chuid scoile anois — eirigheadh sin
Ní bheadh lá maitheasa dhuit ag caint faoi rud[aí] mar sin le muintir na tíre seo. Dallaráin chearta iad. Éistfidh siad leat, beidh siad dhá leigean isteach i gcluais, agus amach ins an gcluais eile. Sin é an cha[oi] a bhfuil siad
dallarán in iontrálacha eile (2)
→
dallán
"Bhí dallarán an mhadadh alla in a bhéal agus é dhá dhiúl" (as sean-scéal — ó Sheán Ó Bheáin — Páirc Gharbh Baile an Chláir).
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daor-bhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil in a "chlass" buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le h-ais a chéile, agus an uair nach ag gárthaighil a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nachar) thriomuigh a shúile ó'n lá a ndeachaidh sé isteach ins an scoil go dtí an lá ar fhága sé í.