→
                  
                    
                      dall 1
                    
                  
                
              
            daill (3)
                    →
                    deoladh 
                  
                  
                    Coinníonn an dream atá i Meiriceá corrdheoladh léithe ach má choinníonn féin, tá sí ag fáil fuílleach le déanamh ón saol.  M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin acu anois gur sách rite a théas sé leo, ní áirím ise nach bhfuil ní dhár dhealbh an ghrian aici ach an trifle beag sin a fhaigheas na daill
                    
                    →
                    díol 2
                  
                  
                    Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon cheo daille orthu ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buíochas le Dia.  Tá sé anseo thoir agus é in ainm is gan spré a bheith aige agus séard a bhí sé a dhéanamh romham an oíche cheana, ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nár léir dom an cró inti, mura bhfaighinn ó ló í …