Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dailleacht
/deʟ′əxd/
ainm-fhocal as dall
1.
a bheith d'fhuireasbhaidh amhairc.
+
Ó a tháinig an dailleacht air, ní sheasfadh an saoghal leis
Sin fear agus is gearr uaidh dailleacht déarfainn th'éis cho grinn agus a bhí sé tamall
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair aire do do shúile. Ní hé an uair a thiocfas dailleacht ort, atá agad a bheith dhá bhfuasaoid
Níl sé indon tada a léigheamh anois le dailleacht. Sílim dheamhan spré ar bith aige
2.
a bheith dímheabhrach, aineolach nó ainfhiosach; a bheith cheal tuisgiona.
·
Sháruigh an gasúr sin aige a bhfaca mé ariamh le dailleacht. Tá sé sé nó seacht de bhlianta anois ag dul 'un scoile, agus níl sé indon focal a léigheamh fós
Cá'r fhága tú an dailleacht! Ní fheicfidís sin poll i ndréimire. Duine ar bith a ghabhfas 'un bladair leo, agus a bhréagfas suas iad, beidh siad aige ar sheol na braiche