Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daighceamhail
aidiacht as daighce.
meargánta, stuacach; olc, musánach; doi-mheanmnach.
+
Is daighceamhail an mhaise dhuit é. Mise i mbannaí dhuit dhá bhfaighteá neart slaite gur maith gasta a d'eireochthá as an bhfaisean sin. Chonnaic muid do mhacsamhail cheana, agus smachtuigheadh iad.
Tá sé cho daighceamhail, cho stuacach le nímé cé hé. Ghreamuigh sin dá dhream. Bhí aithne mhaith agamsa orra, agus ceart agam air.
TUILLEADH (6) ▼
Sin é féin an Seán daighceamhail. Níl cinneadh ar bith leis féin ag magadh faoi 'chuile dhuine eile ach do dhubhshlán teirigh ag magadh faoi féin
Ní daighceamhail go dtí é. Chonnaic mé na gearrbhodaigh annseo thíos oiche. Bhí siad ag caitheamh clo' neart (cloch). Chaith seisean í cho maith le duine. Bhí timcheall agus troigh ag C. ar 'chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin dar diaguidhe chinn air marc C. a chrínnt (chreinnt). D'fháisc sé air a shaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daighce faoi gur bhuail C. é
Measaim go bhfuil an capall sin aige sáthach daighceamhail. Bhí siad thíos annsin an lá faoi dheire agus chaith siad uair an chluig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aice, ach in a staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corruighe. Is diabhlaidhe contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
Bhí mé thíos ann lá annseo anuiridh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag strócadh ag iarraidh a dhul síos 'un bóthair. Ní leigfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le nigheachán nó rud fánach ar aon-nús (nós). D'iarr an mháthair uirre é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá cho daighceamhail agus a d'iompuigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh 'fhad's gheobhainn teas in a craiceann. Bhí sí do-chorruighthe freisin, ach níor leig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
'Sí an t-oibridhe is fearr in Éirinn scaithtí í, ach amanntaí eile, ní thiubharfadh sí deoch uisce agad dá naomhtaí thú. Tá sí sáthach daighceamhall deirimse leat. Ach cá bhfágfad sí é arsa tusa. Cineál Bh. an T.
Ná cuir araoid ar bith anois air go mbeidh an coca déanta aige. Bíodh a fhios agad gur liomsa an coca. Is daighceamhla é sin ná an diabhal. Dá gcaitheadh sé in a cheann é, d'fhágfadh sé an coca agus a bhfuil ann annsin. 'Sé atá deas air

Féach freisin