deoch
—
·
Deoch! Deoch! Deoch! — mar sin a ghlaoitear ar mhuca nó ar bhainbh chun bídh
deoch in iontrálacha eile (50+)
Ní ligfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbarr ar an ngnaíúlacht
→
fág
"Gobadaí ar t'aghaidh nár éirí leat: gobadaí dí go bhfága tú thíos!" — caint adeirtear le cúig sna clocha péire nó sna screaga
→
fíbín
Breá nach n-ólann tú anois é. Tá tú ag ligean uisce isteach. Féacha dhá dheoch ansin ag fuiríocht leat. Ní cheal fíbín a bhí ort dhá iarraidh
Bhí an oiread tairt air agus gur scríob sé an chailimhineog de linn atá taobh istigh de chlaí ansin thiar ar thalamh J. Ph., agus d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid ann fanacht go bhfaigheadh sé deoch tigh Ch.
Chaithfeadh sé gur tugadh deoch shuain dó agus an codladh céatach seo a bheith air. Cáide ina chodladh anois é?
Is dhó is fusa a bheith ina chráisiléad: is maith í a ghreim agus a dheoch. Dhá gcaitheadh sé seachtain sa gCaladh Mór, ag cur aníos fheamainne ar a dhroim, deirimse leatsa go mb'fhurasta cur chuige. Sin é a bhainfeadh cuid den tsaill dhó.
+
→
bocht 1
Is mairg a bheadh gan deoch; Is mairg a bheadh gan bia; Is mairg a bheadh go holc; Agus go bocht ina dhiaidh (seanrann)
TUILLEADH (2) ▼
"Mo dheaide bocht bocht agus a mhaide faoina ucht agus é ag sileadh na ndeor ó mhaidin go neoin; mo dheaide bocht bocht agus a mhaide faoin ucht, agus é ag sileadh na ndeor agus ag ól dí as tobairín na féasóige" (Dhá leagan ar an tomhais atá ar bhuntsop)
Má tá mé tuirseach fhéin, nach bocht dom sin — duine a tháinig cúig mhíle d'aistear a chos agus gan blaiseadh dhe ghreim ná de dheoch fós inniu
→
brabach
Fuair tú amach muis, an té a bhfaightheá brabach óil air — an té nár ghluigh (ghlaoigh) deoch do Dhia shúlach ariamh — níor thug sé deoch isteach d'aon duine ariamh.
+
Ní raibh ar an mbéiréiste ach an dá dheoch — ceann a sheas seisean agus ceann muide.
TUILLEADH (1) ▼
'Is ar fhear díolta atá an chéad deoch den bhéiréiste a sheasamh,' adeir sé. 'Glaofaidh mé fhéin geábh ansin,' adeir sé, agus d'iarr sé gloine fuisce.
+
Cén bhoige shíne a bhain dó le gur sheas sé deoch dhuit?
TUILLEADH (1) ▼
Má bhí an oiread sin boige shíne ann inniu, i nDomhnach b'annamh leis. Ní fhaca Dia ná duine ag seasamh deoch ná blogam ariamh cheana é, ach dhó fhéin.
+
→
buail ar
'An té a bhíonns thuas óltar deoch air; An té a bhíonns thíos buailtear cois air' (seanfhocal)
TUILLEADH (1) ▼
Is amhlaidh a bhí sé ariamh: an té a bheadh thuas, d'ólfaí deoch air, agus an té a bheadh thíos bhuailfí cois air'
→
buail
Chomh luath agus a d'ól an capall an deoch, bhuail rud eicínt í agus shín sí siar ó chluais go iorball.
→
buinne 1
An bhfeiceann tú an muigín buí sin thuas? Ba é a leathcheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é agus dheamhan ar thóg sé dhá cheann é, ná a ndearna sé an darna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc agus acmhainn ar phoitín ag an bhfear sin!
+
→
ainm
Cuir ainm ar do rogha deoch anois agus gheobhaidh tú í.
TUILLEADH (1) ▼
Cuir ainm ar do dheoch go beo, mar is beag an lonnú a fhéadfas muid a dhéanamh anseo.
+
→
aire
'Sé atá in ann aire a thabhairt dhá chuid airgid. Ní sheasfadh sé deoch do Dhia shúlach — níl sé caifeach mar ní thabharfadh sé deoch d'aon duine, is cuma cé hé féin.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé atá deas ar aire a thabhairt dhá mbeidh aige. Ní fheicfeadh Mac Dé deoch ina dhiaidh.
+
→
airigh
Is beag a aireos sé sin deoch a sheasamh — tá dalladh airgid aige — ní chuirfidh sé aon cheo as dá chuid airgid luach deoch a bhaint as.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireoidh tú agat ná uait cupla scilling agus ní fiú dhuit droch-cháil a chur amach duit fhéin scáth luach deoch — ní chuirfidh cupla scilling (luach deoch) mórán as duit agus tá sé chomh maith dhuit iad a thabhairt uait i riocht is nach dtiocfaidh cáil péisteánaigh amach duit.
Tá mé ag cur mo theanga bheag amach sa ngarraí ó mhaidin le teann tairt, agus ní chuimhneodh sibh ar dheoch a thabhairt agam ina dhiaidh sin.
+
Thug an dochtúr deoch shuain dhó agus fuair sé fionnórtas breá go ceann cupla uair
TUILLEADH (1) ▼
Tá a cholainn ag bruith le teas. Ní mé an mbeadh rud ar bith a thabharfadh fionnórtas dó. Deoch ná tada
→
fásach
"Siúd ort a Mháire, agus ólfamaid deoch, agus beidh muid amárach i bhfásach na ngort" (.i. an áit a bhfuil rud ag fás) — leathrann; níor chuala mé ann ach an méid sin
→
isteach
D'ól muid trí phionta an fear (an duine) agus fuair muid deoch isteach uaidh fhéin (ón óstóir) ansin
→
fiach 1
Cén chaoi a seasfainnse deoch agus gan a luach agam. Is doiligh an fiach a chur as an tom nach mbíonn sé
→
fiata
An deoch fhiata é an gin? Níor ól mé ariamh é. Deochannaí cuideáin domsa ar fad iad cé is moite den fuisce, agus den phórtar
Chaith sé uair an chloig ag forcamhás orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó ach dheamhan é muis.
+
→
fuar 2
Sin é an deoch a rinne maith dhomsa. Bhí sé chomh fuar le deoir aille
TUILLEADH (1) ▼
Fuair tú amach an té a mbeadh boigréis ann. Diabhal deoch den uisce fuar a thabharfadh sé do dhuine ná cuid de thabhairt
→
céadéaga
Chuaigh S. Bh. a bhí anseo thoir sna céadéaga. Sílimse go raibh sé os cionn cláir nuair a shuigh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath is ar tugadh deoch dó, shéalaigh sé
→
daidhce
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
'Sí an t-oibrí is fearr in Éirinn scaití í, ach amantaí eile, ní thabharfadh sí deoch uisce agat dá naomhtaí thú. Tá sí sách daidhciúil deirimse leat. Ach cá bhfágfadh sí é arsa tusa. Cineál Bh. an T.
→
daigh
Daitheachaí atá ag dul duit. Ól deoch uisce fuar chomh tréan in Éirinn agus atá tú in ann a ól … Níl tú in ann fulaingt leis an uisce fuar! Nach maith a chaithfeas tú fulaingt lena daitheachaí!
→
danra
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
→
daor 1
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearbóir, agus b'éigean dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach ina (ár) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam, ach seasamh don bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigean dom íoc uirthi. Idir chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é sa deireadh
→
daor 3
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann
→
dearc
Bhí sé ag dearcadh idir an dá shúil orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dhá dtiteadh déidín aige dhá uireasa, dheamhan deoir de mo chuidse a gheobhadh sé le n-ól