Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deirgeadas
ainm-fhocal fireann as dearg
sé is coitianta de na trí cinn: deirge, deirgeacht, deirgeadas
1.
a bheith dearg, daithte dearg.
+
Is diabhlaí an deirgeadas atá san aer sin ó dheas. Gothadh toirní atá air
Nach ann atá an deirgeadas? (gliomach)
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfidh an dath sin aon-deirgeadas san ngeansaí sin duit. Dath buí a thiúrfas sé sin air
2.
a.
snuadhúil luisniúil.
·
Ní deirgeadas ceart é sin atá in a ceannaghaidh. Ní fhéadfadh duine ar bith a bheith cho lasta sin, marach go bhfuil sí dhá dathú féin
Chíthear dhomsa nach bhfuil deirgeadas ar bith ann thar mar is ceart dó a bheith ann. Má tá is le neart fuisce é. Dheamhan a mhalrait ariamh!
b.
a bheith tóigthe in do chraiceann nó scóllta.
·
Is beag an mhaith "starch" leis an deirgeadas a bhaint as naoineáin. Sén chaoi a dteigheann siad 'un óthrais leis = tóigthe sna bléantrachaí
Tá sórt púdar eicínt dhá dhíol i dtíthe na ndrugaí i nGaillimh a bhainfeadh an deirgeadas sin as páistí ar an bpuinte

Féach freisin

Deirgeadas in iontrálacha eile (2)

 
dealg
Is maith atá an áit thiar ag dul duit bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Tá tú dearg círíneach anois, agus bhainfeadh duine fuil asad le dealg spíonáin. Dar fiadh ní raibh an deirgeadas sin ionnad an uair a bhí tú annseo
 
dubh 3
Bhí sé dearg idtosach, agus d'imigh an deirgeadas as, agus shíl mé go raibh sé (lot) ag cneasú ach in a leabaidh sin séard a rinne sé dúachan, agus bró thinn a dhéanamh, agus b'éigin dom a dul chuig an dochtúr faoi