Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearg
aidiacht
fc. freisin, dearglaoch, deargán, deargadaol srl.
1.
dath.
a.
+
Tá súile dearga aige — mar a bheidís thar éis goil nó dhá mbeadh galra eicínt ag dul dóibh. Bíonn súile dearga ó bhroinn ag daoine
Bhí a dhá shúil chomh dearg leis an splainc, muran ag gol a bhí sé
TUILLEADH (3) ▼
Tá éadan dearg aige
Níorbh iontaí liom an sneachta dearg a fheiceáil ná é — chuir sé an oiread iontais orm a fheiceáil agus dá mba sneachta dearg a bheadh ann
Bheadh an saighdiúr ina spól dhearg taobh thiar den ghunna gan aireachtáil (fc. spól)
·
Ní thaitníonn an t-aer dearg sin liom.
"An t-aer dearg thiar (nó dearg dearg thiar adeirtear amantaí) gealach is grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na buaibh; An t-aer dearg thoir sneachta go fro (fraigh); An t-aer dearg ó dheas mil ag gach (/ɡax/) meach" (tuartha faoi dheirge an aeir)
+
Éinín broinndearg é ar nós na spideoige — a ucht nó a chliabhrach dearg
Bó droimeann dearg í
TUILLEADH (5) ▼
Gadhar coisdearg a bhí ann
Fear crobh dearg é — ball dearg ar a chrobh mar a bheadh ball broinne ann
Éadach deargbhuí é
Madadh cróndearg atá aige
Ní thaitníonn an spéir glédhearg sin liom. Tuilleadh glasuaire atá uirthi cheapfainn
·
Bíonn rud chomh dearg le fuil, le rós, leis an splainc, leis an gcaor caorthann srl.
Las sé suas chomh dearg le fuil, agus bhuail taghd é
·
Tá snáth dearg sa móin sin. Dheamhan mórán gaisce ar mhóin ar bith a mbíonn siad inti — sreangannaí dearga ag dul thríthi
"Fear an chóitín deirg agus snáth dearg ina léine" (gliomach)
b.
 críathnaithe, fuiliúil.
+
Bhí sé dearg le fuil — é faoi fhuil ar fad
Bhí an t-urlár fré chéile dearg le fuil ach a raibh an troid thart
TUILLEADH (2) ▼
Tháinig sé abhaile aríst agus a lámha dearg le fuil. Ar ndóigh mura dteagadh, ní bheadh a fhios ag na daoine go raibh aonach ar bith ann. Is faisean leis anois é.
"An séú bliain déag beidh Éire dearg le fuil; Sa seachtú bliain déag séard déarfas na mná: mo léan cá ndeachaigh na fir" giota den Targaireacht: Targaireacht Choilm Cille
+
D'fhága sé ansiúd dearg ina chuid fola é (nó daite ina chuid fola) — chuir sé go leor fola leis
Mura n-éirí tú as do chuid aisiléireacht anois, fágfaidh mé dearg in do chuid fola thú
TUILLEADH (1) ▼
Bhí rud le déanamh leis sin: ar an dá luath is a n-osclódh sé a bhéal é a fhágáil dearg ina chuid fola. Ba in é an deasú air
2.
a.
snúúil, lasúnta.
+
Tá sé an-dearg as a cheannaghaidh. Níl a fhios agam nach bhfuil braon caite aige
Bhí sé dearg suas go bun na gcluas — lasta; adhnáireach
TUILLEADH (3) ▼
Tá sí dearg snúúil; tá sí dearg lasúnta
Bhí a grua chomh dearg leis an splainc le náire
Bhí a leiceann chomh dearg leis an gcaor. Ní thabharfadh sé deoir fhola le náire
·
Sin í ar chaoi ar bith a bhfuil an dá ghrua dhearg mar rós aici. Tá slacht a codach uirthi bail ó Dhia uirthi
+
Nach é atá craosach dearg. Tá a chuid ag dul chun maitheasa dhó sin ar chuma ar bith
Tá sé craosach dearg agus is diachta dhó sin ach an oiread le scéal. 'Sé an bia sa sruth fola a chuid sin. Nach mbíonn siad in árachaigh a chéile chuile ré solais?
TUILLEADH (4) ▼
Is tú atá círíneach dearg bail ó Dhia ort, ach is beag an dochar duit. Is maith é do ghreim, ní hé a fhearacht sin againne é
Dar fia chaithfeadh sé nach raibh mórán meirse sa bpríosún air mar 'sé atá círíneach dearg ina dhiaidh. Fuair sé a dhóthain le n-ithe ar aon chor
Is maith atá an pósadh ag dul dó. Tá sé bruithleach dearg. Má mhaireann dó is gearr go mbeidh sé ina dhamh
Má tá sé ag fuasaoid is beag dhá chosúlacht atá air. 'Sé atá bruithleach dearg. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
b.
scólta, tógtha.
+
Tá sé dearg — páiste tógtha ina bhléin nó ina mhásaí.
Cén uair ar hathraíodh na pluideogaí ar an bpáiste seo go deireanach. Dheamhan é le dhá lá! Tá sé dearg uileag an créatúr. Nach é an náire bhruite é
TUILLEADH (1) ▼
Níl pointe sa ló nach mbíonn sé dearg pébrí cén ghiollaíocht a gheobhas sé. An bhfeiceann tú scólta uileag anois é, théis nach bhfuil sé mórán le uair an chloig ó chuir mé balcaisí glana air
+
An bhfuil siad dearg (páistí agus an bhruitíneach orthu)? … Mura bhfuil, níor chuir siad amach tríothu fós í
Tá do chois an-dearg. Léas atá uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí an-dearg den domhan timpeall an loit. Láimh bhocht í
c.
+
Bhí sé ina chraiceann dearg — ní raibh folach éadaigh air; bhí sé lomnocht
Is gearr go mbeidh sé ina chraiceann dearg aríst muis ar shon na culaithín siúd. Ní sheasfaidh sí aon ráithe amháin go deo dhó
TUILLEADH (1) ▼
Imigh leat a bhreoille agus cuir snáth eicínt éadaigh ort agus ná bí ag imeacht in do chraiceann dearg mar sin. Shílfeá go mbeadh cuibhiúlacht eicínt ionat
3.
·
Má théann an duán sa mbéal dearg, sin ní fhágfaidh an breac — is furasta a aithinte an béal dearg ar bhreac, ar mhangach nó ar bhallach cuirim i gcás
Is diabhlaí mór an t-ionadh nár imigh sé. Ní raibh frídín an duáin i bhfostós chor ar bith, ní áirím é a bheith sa mbéal dearg
4.
+
Níl an tine baileach dearg (nó deargtha) fós
An bhfuil an píopa sin dearg agat (ní dhéanfadh deargtha anseo), nó ar lig tú as é — é a bheith ar lasadh
TUILLEADH (2) ▼
Théis nach bhfuil sé ach deargtha agam, níl sé dearg anois aríst (píopa)
Coinnigh an píopa sin dearg, go bhfaighe mé gail as
5.
aibí.
+
Tá úlla móra dearga ann
Níl na sú salúin dearg fós.
TUILLEADH (2) ▼
Ná hith na húlla sin. Tá siad róghlas. Níor mhór dóibh mí eile shula bheidís dearg
Tá sé faoi shilíní ar fad agus iad dearg.
6.
iontaithe (faoi fhód, créafóig srl.).
+
Cuir an taobh dearg den scraith aníos — an taobh íochtair; taobh na créafóige
Chuaigh sé ag cur ceaig poitín i bhfolach agus meas tú nach é an taobh dearg den scraith a d'fhága sé leis. Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin déarfá
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr go mbeidh an taobh dearg den chréafóig lena chraiceann. Tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh — is gearr gur thíos sa talamh (san uaigh) a bheas sé
Sin í an cailín atá in ann an taobh dearg den talamh a chur aníos. Beannacht Dé dhuit féin agus do do sheirseach (seisreach). Cáid le dhul uirthi sin í (tractor) — tá sí in ann an fód a chasadh; an talamh a threabhadh.
Ag cur an taobh dearg den ghrua in uachtar atá mé. Sin é atá mé a dhéanamh — ag casadh fóid; ag cur fhataí
·
Tá go leor talúna dearg aige — curtha faoi fhataí, tornapaí srl.; treafa nó rómhraithe
7.
daite, go maith, go binn, go nimhe neanta.
+
Fuair sé dearg é — buaileadh é; hídíodh rud eicínt air; fuair sé an teanga; cumadh go leor bréag dó; himríodh air srl.
Bailíodh leis anois! Fuair sé dearg é (daite). Ach a bhfaighe sé amach gur dalladh é le bréaga, ní thaobhóidh sé muid níos mó, agus dheamhan an fearr linn beirthe é
TUILLEADH (7) ▼
Gheobhaidh sé dearg é má theagann sé in mo líonsa go brách
'Sé a gheobhadh dearg é murach chomh héasca agus a lig sé leis féin. Ní bheadh aige ach malrait ar an rud a thug sé féin uaidh
Ní shaorfainn Seán nach raibh láimh aige ann, ach mo choinsias is dar m'anam dá mbeadh a fhios agamsa go raibh, gheobhadh sé dearg é
Shíl sé a thabhairt fúm dearg, ach ní dheachaigh leis. Bhí mise réidh faoina chomhair. Is togha scéiméara é
Dhá mionnaíodh J. go bhfaca sé ag bualadh an bhuille é, thabharfaí faoi dearg é, ach níor mhionnaigh.
Tabharfaidh siad faoi na Gearmánaigh dearg anois é. Ar ndóigh is acu atá a dheis! Iad fhéin uileag atá ann anois
Má chloiseann sé choíchin gur tú a rinne é, diabhal bréag nach dtabharfaidh sé fút dearg é. Beidh an chloch sa muinchille aige i gcónaí dhuit
+
Tá sé ina chogadh dhearg (ina achrann dearg) — tá cogadh tosaithe; tá sé ina chogadh chorpartha
Shíl mé go mbeadh sé ina achrann dearg ach d'fhuaraigh an cúpla acu as ina dhiaidh sin, nuair a chonaic siad nach raibh aon fhonn ar aon duine a dhul ag déanamh eadarascáin
TUILLEADH (1) ▼
Beidh sé ina achrann dearg ar ball feicfidh tú féin air. Ina chéile dóibh muise agus nár ba réiteach dóibh, gan dochar gan díobháil dúinne!
+
Tá sé ina stoirm dhearg — ina ghealstoirm. Cineál hurricane
'Sé an fáth a dtugann siad stoirm dhearg uirthi: dearg atá an gála agus an ghaoth. Chuala mé fadó é (deirtear seo)
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag teacht ina stoirm dhearg — ina chaor thintí a mhic ó. Is gearr go gcaithfidh fostú a dhul ar an teach. Tá an buntsop ag éirí cheana
Tháinig sé ina stoirm dhearg orainn agus muid leath cuain. Shíl mé nach srianfadh muid isteach go deo é. Bhí maidhmeannaí a bhí chomh mór le sléibhte ag dul tharainn.
·
Bhí an t-ádh dearg in do chaipín nár rug sé siúd ort (bhí an t-ádh críochnaithe ort). Dheamhan fata a changlófá le do luiseag!
Murach go raibh an t-ádh dearg in do chaipín, bhí do chnaipe déanta
·
Dheamhan brat pósta a ghabhfas air sin go deo dearg na díle — go héag
Ní dhéanfadh sé é go deo dearg na díle murach go bhfuair sé cúnamh, ná dheamhan déanamh!
+
'Sé an diabhal dearg é mura bhfuil riar a cháis aige féin agus ar thriomaigh de mhóin i mbliana — is rímhór an t-iontas é
'Sé an diabhal dearg é nó bronnfaidh sé an cairrín sin oraibh anois agus a bhfuil faighte ina ómós aige
TUILLEADH (3) ▼
Tá an diabhal dearg air agus tuilleadh dhá n-abraínn é — tá an mí-ádh mór air; is drochfhear (fear ábhailleach, doscúch, greannmhar, fealltach srl.) é.
Tá an diabhal dearg uirthi má dúirt sí sin
Tá an clampar dearg air — tá an diabhal dearg air
·
An bhfuil a fhios agat cén t-ainm a thug sé orm, ach bastard dearg (níl aon bhaint aige sin le dath a chuid gruaige, a ghné craicinn ná eile). Cá'il sé agam an striapach nó go ngiorraí mé leis?
Má bheirimse i mbealach ná i ndearmad ar an mbastard dearg sin, bainfidh mé an t-anam as. Ní bheidh sé tada níos lú aige
·
Tá an bhuinneach dhearg orm inniu — droch-chineál den bhuinnigh
8.
+
Nuair is dubh dóibhsean is dearg domsa — nuair a bhíos spéireataí nó triufasaí ina mámhasaí, hairteasaí nó muileataí a bhíos agamsa
Is dearg dom aríst. Sea a mh'anam agus go tóin. Cén smál atá orm chor ar bith?
TUILLEADH (2) ▼
Ní mé an dubh nó dearg dom an babhta seo. Dearg a mh'anam! Ní bhfuair mé dath an mháimh le uair an chloig
Más dearg dom aríst d'imigh an diabhal orm. Agus sea. Scráibeannaí muileataí agus hairteannaí. Múchadh agus báthadh orthu!
9.
·
Cloch dhearg uileag atá sa mbóthar ó Chromghleann siar — clocha a bhfuil dath dearg orthu. Cineál eibhir
·
Tá cosa dearga ar an spéir — sórt léasáin (fc. cos)
·
Rug mé ar iascán dearg — iascán a bhfuil dath dearg air a bhíos sa gcladach
·
Chuir muid glac mheacna dearga i mbliana, ach loic siad. An ceann fhéin dhíobh, níor tháinig
·
Tá glúineach dhearg ann luibh. (fc. glúineach)
·
Sin péine dhearg atá ansin — adhmad: red pine
·
Tá feamainn dearg isteach (fc. feamainn)
Ag plé leis an dearg atá tú ar an aimsir seo — feamainn dearg (níl ann ach ainm magúil uirthi)
·
Is gearr go dtriomaí sé. Tá an coileach ag cur a thóin dearg amach — tuar aitealla. Tá an tóin dearg scaitheamh isteach sa gclaise
Dhá gcuirtheá do thóin dearg amach anois, ní bhfaighidh tú aon cheo dhe
·
Tá fiabhras dearg orthu go sábhála Dia sinn — aicíd, scarlet fever
·
Tá barr dearg air — galra a bhriseas amach i naíonáin nó i ngásúir. Cineál aodh ar an gcraiceann atá ann
Dheamhan barr dearg ná bruitíneach ná leicneach ná rud ar bith dhá raibh ag imeacht ariamh nár bhuail é seo againne. Is fada a chaith sé ina shnag
·
Déardaoin Dearg é (fc. dia)
+
Liostáil sé san arm dearg (arm Shasana)
An t-arm dearg fré chéile agus ní dhealódh ó chéile iad, bhí siad chomh líofa sin ag a dhul ag troid
TUILLEADH (2) ▼
Tugadh suas ag an mBeairic Dearg é (an beairic a dtugtar Eglinton St. Barracks i nGaillimh anois air. Bhíodh sé ag arm Shasana roimhe seo)
"Saighdiúirín dearg i mbarr an chrainn: cloch ina bholg agus maide ina dhroim" (sceachóire)

dearg in iontrálacha eile (100+)

+
Thug sé amach é agus gan é baileach dearg aige. Ní raibh sé ach cródhearg (dath na fola mórán) agus thosaigh sé ar an bpointe ag múnlú an chrú. Ar ndóigh ní fhéadfadh an crú sin gan a bheith fabhtach, ach ba chuma sa tubaiste leis siúd ó bhí furú air cén chaoi a raibh sé ach comharthaíocht an chrú a bheith air chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Faigh ruainne pháipéar dom a bheas dubhdhearg agus cródhearg nó go ndearga mé mo phíopa
 
Dalláin ag an diabhal ort. Cá'il na dalláin? An caoch atá tú? Tóraigh an méid atá gearrtha agat aríst agus togh na síolta caocha as. Is deas iad mo chuid síolta! Bhí sé chomh maith dhom imeacht ag gabháil Laddie O'Lee ar na cnocáin le dhul ag deargadh talúna lena n-aghaidh sin
 
dán
Dhá gcuirtheá leasú ar an ngarraí dúrabháin sin thíos le cladach agat, ní raibh sé ar dhánta na talúna ariamh aon swedes mar a bheadh ann. Ach is beag an mhaith an dearg (feamainn dearg). B'fhearr duit daithín feamainn dubh ná ar thug tonn ar thrá den dearg
 
déag
Bhí sé as na déaga shula ndeachaigh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart ansin lena chóta dearg agus é ina chliobaire mhór shínte. Chonaic mise tite ar meisce é faoina chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe den chích anois nuair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orthu …
 
Mura ndealaí tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agat air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhroim. Rún atá agat mo bhruith agus mo loscadh. Chonaic mise gasúir ábhailleacha go minic ach ag an diabhal go raibh sibhse — crosaim aríst sibh! — sháraigh sibh a bhfaca mé ariamh
+
dealg
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaigh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag plé leis an bhfeamainn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla. Tá gor faoi ionga anois déanta aici ar chaoi ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Ar ndóigh ní hí an bhornóg mhór siúd atá sé le pósadh. 'Sí atá craosach dearg bail ó Dhia uirthi. Bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin
Chonaic mise í sin nuair a bhí sí ina cailín óg agus bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin, bhí sí chomh craosach dearg sin. Ach ó phós sí, tá sí an-drochbhreathnaitheach. Shílfeá scaití nach mbeadh deoir fhola ar bith inti
Is maith atá an áit thiar ag dul duit bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Tá tú dearg círíneach anois, agus bhainfeadh duine fuil asat le dealg spíonáin. Dar fia ní raibh an deirgeadas sin ionat nuair a bhí tú anseo
 
déan 1
Rinne an t-aonach cogadh dearg
 
Casadh liom lá i nG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireanach déanach di, mar rinne mé trua di. Meas tú arbh iontaí liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugat, í a fheiceáil ag ceannacht cuingir bhullán ansin thoir. Ní fhaca mise aon amharc ar mo phunt ó shin
 
Sin é an lá a ndearna sé lom dearg an mhí-áidh — ní dhá roinnt leis é — an lá a ndearna sé suas léithe sin. Ní fhágfaidh sí bonn bán air nach n-ólfaidh sí. Is gearr ar a scóig siúd a chuid céadta
 
'Sé an diabhal dearg é mura bhfuil tú déanta ar an mbaile sin fós. Breá nach mbrúnn tú orthu. Ní fhéadfaidh siad thú a ithe. Buail amach ar cuairt, agus déan teanntás orthu. Chonaic mise laethúil fáilí ariamh iad, ach tá an iomarca den phúcaíocht ag siúl leat féin ó chaithfeas mé a rá leat …
 
dearc
Má áitíonn tú ag dearcadh uirthi, is gearr go ndearga sí suas go dtí bun a dhá cluas, agus tosóidh sí ag sníomh sa gcathaoir. Níl gair ag aon duine tosaí ag breathnú uirthi nach mbíonn sí mar sin
+
dearg- 3
Dearg-ghadaí é (deargchuimleachán, deargdhruncaera, deargbhacach, deargbhastard, deargmhurdaróir, deargscéiméara, deargshlíomadóir, deargrobálaí, deargchluanaí, deargbhréagadóir, deargbhithiúnach, deargchladhaire, deargchantalóir, deargdhreancán, deargabhlóir, deargcheoláinín srl.) — tabhair faoi deara gur le tréathra nach bhfuil inmholta a chuirtear dearg mar seo i gcónaí
TUILLEADH (2) ▼
Tá dearg-ghliondar air faoi gur briseadh as mo chuid oibre mé (ach tá an-ghliondar airan t-an-ghliondar, nó fíorghliondar srl. faoi gur éirigh liom)
Rinne sé dearg-mhístaid timpeall an bhaile chomh uain is a bhí sé ann. Ba mhaith an scéal don bhaile gur bhailigh sé leis
+
Flainín geal a bhí ann i dtosach, ach dhathaigh sí é, agus tá sé ina dheargán anois. Sin é a ghnídís uileag fadó leis an bhflainín thart anseo. Bhíodh cótaí dearga, agus cótaí gibíneacha agus cótaí cóirithe acu. Ní fheicfeá a malrait chor ar bith. Déanann na seanmhná fós é; (n)ach a n-imí an líne seo, is beag na cótaí dearga a fheicfeas tú. Is mór a d'athraigh an saol le scór blianta féin
TUILLEADH (3) ▼
Tá na fataí atá againne i mbliana ina ndeargáin as éadan. Facthas domsa nuair a bhí mé dhá gcur, nach raibh na síolta ródhearg chor ar bith. Ach nach é an cás céanna é. Is beag an locht iad na fataí dearga dhá mbeadh a sháith ag duine díobh.
Tá an t-aer ina dheargán. Saighneáin triomaigh iad sin thiar. Feicfidh tú aimsir bhreá uaidh seo amach: "dearg dearg thiar, gealach agus grian"
Deargán de dhúch é seo shílfeá. Ní raibh a fhios agam ariamh cheana go scríobhfaí litir le dúch dearg
+
Tá an dearg-ghráin aige orm
TUILLEADH (1) ▼
'Sé mo dhearg-ghráin an cineál dráimh a leagas tú — cuireann sé olc orm
 
deifir
Cá'il mo dheifir ag dul ab ea? Nach bhfuil airde crann loinge d'fheamainn dearg sa gcaladh!
+
deilbh 2
"Aithním culaith an Deirg ach ní aithním a dheilbh ná é féin; Agus fear gan bheannú i measc an tslua, dorna a bhí a leathnú ar chnáimh a ghéill" (Sin é adúirt an Chailleach — máthair an Deirg Mhóir, nuair a tháinig Fionn isteach chuici agus culaith an Deirg air)
TUILLEADH (1) ▼
"Aithním claimhe agus culaith an Deirg ach ní aithním a dheilbh ná é féin" (leagan eile air) "Aithním claimhe an Deirg ach ní aithním a nú-dheilbh ná é féin" (Cois Fharraige — a shnua dheilbh b'fhéidir (/ə nū/)? Tá an n seo faoi anáil imithe as Gaeilge Chois Fharraige, ach tá sí fágtha faoi na hOileáin: Leitir Móir, Leitir Mealláin, srl. Ní mheasaim gur chuala mé ariamh í i gCois Fharraige ar aon nós)
 
Ní raibh aon bhacach ná aon cheannaí ná aon fhear bocht ná aon fhear déirce ag dul an bealach ariamh nach ann a tharraingíodh. Is ann a bhí an leaba dhearg i gcónaí ag lucht bóthair agus bealaigh
+
deirge
Bhainfeadh an snua atá air bail ó Dhia air, barr deirge den chaor caorthann — tá a shnua chomh dearg le caor caorthann
TUILLEADH (2) ▼
Tá a cheannaghaidh ar dheirge na splaince — chomh dearg leis an splainc
Nach ina grua atá an caor! Tá deirge na tine inti.
+
deis
Tá deis mhaith ar an bhfeamainn dearg ansiúd aige agus é buailte ar an gcladach. Má tá féin, dar príosta ní leis a éiríos sí i gcónaí
TUILLEADH (5) ▼
Má theagann sé ar mo dheis seanleasóidh mé an garraí sin i mbliana. Ach ní móide go dtiocfadh. Is iomaí cruóig eile orainn, agus b'fhéidir nach dtiocfadh an fheamainn dearg an-chóiriúil
Tá deis lasta ag J. Sórt boiscín beag é agus níl ort ach do mhéir a chuimilt air, agus tiocfaidh lasair air. An-deis é le píopa nó feaig a dheargadh
An té atá ar a dheis anois le dhul ag seanleasú leis an bhfeamainn dearg seo, tá leis. Féadfaidh maicín S. a tapú. Bíonn sé os cionn a chuid oibre i gcónaí. Is ait an saothraí é
Ní fheicfidh tú ag caitheamh an phíopa é ach an uair a mbíonn sé ar a dheis ceart: am scortha tráthnóna, nó théis am dinnéir. Is beag an lua a bheadh aige é a dheargadh chomh uain is a bheadh sé ar a tháirm oibre. M'anam nach ndeargfaidh!
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aici anois. Measaim nach mbeidh aon duine le dhul ina béal ort. Tá chuile dhuine róchruógach le na fataí
 
Ní deiseacht mhór do bhean ar bith an earra dhearg sin a chur ar a béal. Cuireann siad iad féin as a slacht leis. Bean ar bith a bhfuil an deiseacht inti, is dhá uireasa sin é ar chaoi ar bith
+
Nach air atá an deisiú istigh ar an teallach. Is agam a bheadh an sásamh anois splanc dhearg a ghreamú dhá thóin, dhá mba rud é a chuirfeadh as a shó é beagán
TUILLEADH (1) ▼
Is bean deisithe ceart inniu í faoina hata dearg agus cleitiúchaí ann, agus bróga ar dhath na láibe atá thuas ansiúd thuas sa bportach agam
 
deo
Ní fheicfidh tú é go deo aríst; go deo na díle; go deo dearg na díle; go deo na ndeor; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go brách
+
dia 2
Titfidh Lá Nollag ar an Luan i mbliana agus Déardaoin Dearg a bheas i lá na leanbh
TUILLEADH (1) ▼
Déardaoin Dearg (lá na leanbh nó lá chrosta na bliana nuair is cothrom le Déardaoin a bhíos sé. Deirtear gur Déardaoin a bhí ann an lá a ndearna Herod ár na leanbh)
 
diaidh
Is mé atá i ndiaidh mo chuid tobac air, ach céard a d'fhéadfainn a dhéanamh. Ní raibh aon ghair agam gan a chaitheamh aige ó chonaic sé ag deargadh mé
 
Ba in iad an dream a bhí díbheirgeach lena gcuid buachaillí. Mura mbeidís ina suí le giolcadh an éin agus amuigh ag obair, bheadh an súiste ag S. suas ina n-éadan ar an lota. Bhí buachaill ann aniar as G. M. uair. Níor éirigh sé ar chuma ar bith nuair a glaodh air. Suas le seanSh. agus fás aige, agus thug sé cnap eicínt dó sa leaba. Diabhal easna den bhuachaill nár éirigh ina chraiceann dearg agus nach mbeireann ar Sh. agus nach gcoiglíonn faoi sa leaba é, agus greim píobáin aige air nó go raibh a theanga bheag amuigh. Thachtfadh sé beo beithíoch é murach an chaoi ar iarr na mná ar son Dé air gan giorrú leis ar fad. Ón lá sin go ndeachaigh sé i dtalamh, níor thóg seanSh. maide ag aon bhuachaill. Fuair sé a chomhairleachan
 
Thug mé liom siar sa gceapaichín oinniúin sin thiar é tráthnóna nó go nglanainn í. B'éigean dom a theacht aniar le mo phíopa a dheargadh, agus chuir mé fainic air gan drannadh le na hoinniúin. Mo léan géar ar a dhul siar dom, ní raibh oinniúin ná salachar ach an oiread le chéile fágtha sa mullach aige! Sin é atá dícheallach agat!
+
díle 1
Ní fheicfidh tú aríst é go deo na Díle; go deo na Díleann; go deo dearg na Díle — go lá an Bhrátha; go sleibhe
TUILLEADH (2) ▼
Ní thiocfaidh sé abhaile aríst go deo dearg na Díle. Ó dhealaigh sé uathu chor ar bith, is fada amach a fhanós sé uathu feasta
Go deo dearg na Díle aríst mar adeir S. T., ní ólfaidh mise aon deoir phórtair san áit ar ól mé aréir é. Ba gheall le blas gallaoireach a bhí air. Cén bhrí ach an phóit ó mhaidin! Tá snaidhm ar mo phutógaí, agus mo phíobán ina fhoirnís. Deargnimh atá aige
 
Tá mé sáraithe agaibh le bliain ag dilleoireacht liom go bhfaighinn madadh dhaoibh. Tá sé agaibh anois agus is beag an mheas atá agaibh air. Ag imeacht dhá chiceáil agus ag sá bior dearg ann. Diabhal bréag nach uaibh a theastódh an tslat. Tá sibh dhá tuaradh dhaoibh féin, tá sin
 
D'fheicfeá ag imeacht ina dhiocach suas sna póirsí siúd é corruair agus pluideog dhearg air, agus é gorm leis an bhfuacht. Ba dona an mhalrait ag an duine bocht sin é. Dhá bhfanadh sé san áit a raibh sé, bhí aige, seachas a dhul síos ar na leaca fuara sin ag scríobadh leis an nganntan go bhfaighe sé bás
+
Tá sí sin chomh leitheadach, chomh suimiúil, le cat a mbeadh póca air. Caitheann sí uair an chloig ag giogáil agus ag bruiseáil (brusheáil) na clainne chuile mhaidin roimh an scoil. Dhá bhfeictheá an suachmán siúd a mbíonn an coiléar air, thoir ar an mbóthar lá i mbliana, agus gasúr le M. Ph. Sh. dhá phlancadh. Is gearr nach geal a bhí an coiléar ach dearg — dearg lena chuid fola. Chuaigh sí féin ag an scoil, agus ag an mbeairic faoi, lá arna mhárach
TUILLEADH (1) ▼
Is dóibh is furasta a bheith diogáilte. Ní comórtas ar bith dhuitse máistrí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an deargmhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon tuiseal ginideach ar an gcuingirfhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar is a bheith dhá dhiogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach is dálach. Má fheileann, ní don talmhaí é
 
Níl aon oíche san aer nach mbíonn díogarnach bheag de sholas dearg le feiceáil thoir ansin thoir sna gleannta. Cónaíonn sé sa ngleann sin soir ar t'aghaidh nó go dtarraingí duine air, agus nuair a tharraingeos, tosóidh sé ag féithiú ó thuaidh sa sliabh. Níl a fhios againn ó neamh céard a bhaineas dó. Ní solas ceart é. Solas sí eicínt. Anam eicínt a bhfuil anó air b'fhéidir agus é ag cur a chuid peiriachaí dó (de)
 
díol 1
Sa L. a díoladh é. Bhí sé i dteach ann ar a chaomhúint agus cuireadh uisce ina chuid piostail, agus chuaigh fios ar an Arm Dearg ar chúla téarmaí
 
díol 2
Bhí sé ansin thíos an oíche cheana agus é ag iarraidh leota de pháipéar a ghreamú de dhroim S. B. Chinn air. As sin go ceann tamaill, dheasaigh beirt de na gearrchailí suas leis agus greamaíodh pictiúr taobh thiar air féin — an bhean dearg sin a mbíonn an fag ina béal aice. D'imigh leis soir ar fud an S. agus é air, hé brí céard ba chor dó soir. Níorbh fhearr liom leathghine buí ná gur cuireadh an méid sin de bhail air. 'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh adeir siad
 
Dhírigh sé cois na fuipe ar shráid a bhí síos ann. 'Téirigh síos ansin anois,' adeir sé, 'go gcastar teach dearg duit … '
 
díth
Ar ndóigh níl ann ach dearg-dhíth céille dhó sin a dhul ag pósadh mura bhfuil sé in ann bean a chothú
 
Dlaíóig thuí a thug sé amach sa doras ag deargadh an phíopa a dhóigh an teach. Bhí an-stolladh gaoithe ann, agus chuaigh an lasair sa mbuntsop
 
Is mór an tseanmóir thú chuile ré solais ag iarraidh dlaoiníní (dlaoithíní). Breá nach gcoinníonn tú dearg é nuair a bhíos sé dearg agus gan a bheith ag sárú na ndaoine leis
 
dlí
Níl dlí ar bith ar fheamainn dearg — féadfaidh chuile dhuine a tógáil; ní le duine ar bith go háirid í
 
Ní bheadh a fhios ag duine cé is dlúsúla an fheamainn dearg ná an mhóin. Mura mbaintear an mhóin, beidh na daoine ina mbambairne ag iarraidh a bheith dhá triomú amach anseo agus an ghrian maolaithe; agus mura dtapaí muid an fheamainn dearg, dheamhan is móide sop a thiocfadh aríst i mbliana. Tá duine idir ord agus inneoin i gcónaí
 
dlúth 2
"Do dhá ghrua dhearga mar an rósa agus do chúilín a bhí fite dlúth" (As Coinleach Glas an Fhómhair)
 
do 1
Nuair is dubh dóibhsean (do na mámhasaí), is dearg domsa ─ drámhasaí a bhíodh i gcónaí ag an gcearrbhach seo
+
dóigh 1
B'ait an dóigh fataí é an cúl thoir sin roimhe seo, ach dar leat, níl tabhairt ar bith fanta ann, murab é an síorchur atá dhá spíonadh. Is olc é an iomarca den fheamainn dearg sin freisin. Dónn sí an talamh uileag
TUILLEADH (2) ▼
An bhfeiceann tú iad sin. Is maith an dóigh iad. Spéireataí dubha go tóin. Nuair is dubh dhóibhsean is dearg domsa, agus nuair is dearg dóibhsean is dubh domsa
Níor dhona an dóigh chor ar bith anois dúinn na bruachannaí a leagan as láimh. Is gearr go bhfeice tú meall feamainn dearg sa gcladach agus ní hin é a (ár) dtráth a bheith ag leagan bruachanna. Feictear dhom nach bhfuil am ar bith is cóiriúla lena leagan ná ar an aimsir seo
 
dóigh 2
Measaim nach dóichíde feamainn dearg a bheith istigh ná gan a bheith
+
dóigh 3
Cén chaoi a bhféadfá gan do chuid fataí a bheith ina ngruth. Tá an talamh dóite agat le feamainn dearg. Talamh ar bith atá dhá leasú le feamainn ar a haghaidh féin, is talamh dóite é
TUILLEADH (1) ▼
Nach iad na háibhirseoirí gan choinsias anois iad! An bhfuil a fhios agat céard a rinne siad; asal le P. Mh. a raibh deargadh tiaraí air a thabhairt leo, agus seantiarach a chur air agus neantógaí a chur faoina dhrioball inti. Nuair a dhóigh na neantóga an t-asal bocht, chuaigh sé i ngealta. Ar éigean is ar árach a ceansaíodh chor ar bith é. Is minic ariamh a thóg muid neantóg le asal righin a dhó faoi bhun an driobaill, ach más ea ní asal deargadh tiaraí é
 
Go bhféacha Dia ort! Ní mná talmhaithe iad sin, ach cailíní Domhnaigh. Dhá leagthá scátháin agus boscaí púdair acu, ba é a mbuac é. Is cam a bhreathnóidís ort déarfainn dhá n-iarrthá orthu a dhul ag tarraingt fheamainn dearg lena ndroim
 
Tá dónaillín de lao agam thuas anseo agus dheamhan rath ná biseach faoi. Ní cheal muise nach bhfuil sé ag fáil a dhíol aire. Tá cosán dearg déanta agam chuige maidin is tráthnóna ag tindeáil air, ach bhí sé chomh maith dhom a bheith in mo chónaí
 
dorú
An gcreidfeá gur mharaigh mise bromóig cheana le dorú marbh i stopóig Charraig Mh. agus mé ar na mangaigh. Is dochreidte an scéal é ach mharaíos. B'iontaí liom féin é ná an sneachta dearg. Fhóbair dom rith chladaigh a thabhairt orm fhéin de léim i ngeall air
 
dosán
Dheamhan dosán seanleasú amuigh agam i mbliana thar is ariamh. Fuair mé drochruaig an t-am a raibh an cladach ag cur thar maoil le feamainn dearg. Caithfidh mé feamainn a cheannacht an t-earrach seo, arae níl in mo chuid feamainn dubh ach fás bliana
 
draoi
Tháinig an draoi feamainn dearg anuraidh. Bhí airde crann báid di sa gcladach agus lobh a leath; cheal gan na daoine a bheith in ann freastal di. Ná bac le seanleasú anois ó thosaigh an táirm seo: ag déanamh bóithrí
+
dreach
Is breá an dreach atá air muis. Ach níl aon airde le tabhairt air sin. Luisne bhradach na heitinne, ar chuala tú ariamh é. Feicfidh tú fear eitinne craosach dearg i gcónaí
TUILLEADH (3) ▼
Tá dreach maith, agus snua a chodach air, deirimse leat. Nach bhfuil sé chomh dearg chomh bláfar le spíonán agat. Tá cuid de na daoine agus bíonn siad róthógtha, ach cuid eile ní chuirfeadh an saol aon scioltar orthu. Nach bhfeiceann tú an beithíoch ar an gcóir chéanna
Ní fhaca tú aon chlann ariamh is lú atá ag dul i gcosúlacht le chéile as a ndreach ná iad. Tá iníon ann agus tá sí chomh círíneach dearg le búistéara, agus ansin an bheirt mhac ina mbás ar sliobarna. Sin é é. Is mór a bhíos idir na daoine
Féacha na tincéaraí sin thoir. 'Siad atá craosach dearg agus dreach gréine agus gaoithe orthu. Dheamhan duine in do thír is folláine ná iad
 
dreas 2
Dheamhan a fhios agam. An mhóin atá sna portaigh sin againne, ní chuirfeadh grian na nIndiachaí aon dreas uirthi. Chonaic mé ansin le cupla bliain í, agus dheamhan ceo triomaigh dhár chaith sé ar feadh an tsamhraidh nach bhfuair sí. Fuair sí creataí ón ngrian ceart go leor, arae bhí sí bainte an chéad choicís de Bhealtaine. Ach do cheann fine ní lasfadh í ina dhiaidh sin. Ní bheadh call dom sagart ar bith a thaobhachtáil murach a mbaineadh sí d'eascainí agus de mhionna móra asam ag iarraidh a deargadh chuile mhaidin
 
Chuaigh mé ar cuairt ann aréir ar na drochóirí dom féin. Is gearr gur bhrúigh an teach isteach le lucht cuarta — muintir Sh. Mh. Thosaigh na cleis. Chuir L. Sh. splaincín dhearg faoi bhonnachaí N. ar an teallach. Ar an dá luath is ar theangmhaigh an teas leis an gcois ag N. d'éirigh sé ina bhruithshléacht agus rug sé ar an tlú, agus orm féin ab áil leis é a ídiú a bhí chomh saor air leis an bhfear nár rugadh. D'éirigh mé féin — ní raibh a mhalrait le déanamh agam — go dtugainn mo bheanna liom. Aniar ar an slinneán a fuair mé é. Diabhal brí é, ach tá sé sách tinn. Bhí an dream eile dhá shaighdeadh — set(muintir) S. Mh. Bhí N. i bhfiántas ceart. 'Déanfaidh mé do lá,' adeir sé. Cheap mé féin nach raibh rud ar bith ab fhearr dom a dhéanamh — ó tháinig mé chomh saor sin — ná a theacht abhaile. Sin é an bhail a chuir mo chuid cuartaíochta orm fhéin
+
droim
Cuir do dhroim le leachta agus b'fhéidir go bhféadfá é a dheargadh. Nach diabhaltaí an soinneán atá ann
TUILLEADH (1) ▼
Ní thaitníonn liom an chorraí atá agat ar an tine sin chor ar bith anois. Bhí sí ag cnádadh go breá gur thosaigh tú ag dochtúireacht uirthi. Is mór m'fhaitíos go gcuirfidh tú de dhroim seoil ar fad í. Tá geis ar an tine sin nach bhfuil aon duine in ann a deargadh ach mise. 'Sí an tua a bhaint as láimh an tsaoir duitse a dhul ina héadan
 
Tóraigh leat soir an dromainn sin thuas, in aice leis an scaineamháin, agus b'fhéidir go ndúiseofá aon cheann. Bíonn an áit sin beo leo. Tá sé faoi chosáin dearga ar fad
 
druid 2
Tá an cladach druidte le feamainn dearg. Tá airde crann báid di i gC. an U.
 
duán
Go dtarrthaí Dia sinn! Dheamhan liobar fíonnaigh ariamh ar a mala. Agus is geall le deargadh tiaraí a béal! Sin í an cailín a bhfuil a cuid eochraí uileag ar bharr an duáin aici! Nár thé sé chun tosaigh ná chun tairbhe di muis, gan díobháil gan dochar dúinne
+
dubh 2
Dubh a bhfuil in mo ghlaic ó sháil go rinn. Nuair is dearg dóibhsean is dubh dhomsa (cártaí)
TUILLEADH (2) ▼
An chuid is lú den dubh agus an chuid is mó den dearg is fearr — ag imirt cúig fichead nó cluichí den tsórt sin i gcártaí
Nár dhúirt mé leat an chuid is lú den dubh agus an chuid is mó den dearg a chur orthu. Ní bheidh tú in ann aon chárta a imirt go deo
+
dubh 3
Bhí sé dearg i dtosach, agus d'imigh an deirgeadas as agus shíl mé go raibh sé (lot) ag cneasú, ach ina leaba sin, séard a rinne sé dúchan agus bró thinn a dhéanamh agus b'éigean dom a dul chuig an dochtúr faoi.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhan siad thuas ansin go raibh an cheapach dubhaithe acu ainneoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaíochaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroí agus a gcruite ag deargadh talúna
 
dúch
Dúch dearg, dúch gorm, dúch dubh
+
Tá fuacht agus duifean orm ag streachailleacht sa gcladach sin ó dheargadh na maidne. Dheamhan trí mhallach maith feamainne agam ina dhiaidh sin théis mo shaothair, ná cuid dhá bhfuil
TUILLEADH (1) ▼
Dar brí an leabhair muis, tá duifean teaspaigh ansin. An bhfeiceann tú é? Bail ó Dhia ort féin agus ar do smúit rabharta! Céard a bhéarfadh smúit rabharta chomh fada seo isteach faoi shliabh? Dhá mbeifeá ar bhrollach an Achréidh, ba cladóir a bheadh ionat i gcónaí! Tá an seanrabharta sin agus an tseanfharraige sin agus an tseanfheamainn dearg sin ag dul idir thú agus codladh na hoíche. Bheadh cumha ort is dóigh, mura mbeadh clagarnaíl na farraige le cloisteáil agat!
 
duine
"Garraí lán de dhaoine uaisle: cultachaí dearga agus bratachaí uaithne" (Tomhais: garraí lín)
 
Tá sé an-dúlaí go deo leis na feaigs. Ghoidfeadh sé aníos as do phóca iad. Is mór an díol trua é scaití ag imeacht ag crinneadh bunannaí fóthannáin nuair nach mbíonn aon ghail aige. An té a bheas ag obair in aice leis, sáróidh sé é. Ná bac le sárú a dhuine. Chaith mé cupla lá ag baint raithní i mbliana thíos sa mB. Bh. agus rinne sé cosán dearg anoir agam (chugam). Ní bhíodh mogall agam féin ag an dó dhéag a chlog sa ló. Níl a fhios agam cé againn ba mhó díol trua tráthnóna — eisean nó mise
 
Dhá gcuirtheá daithín beag den dearg (feamainn dearg) air sin, bheadh togha tornapaí agat ann. Dúrabhán deas tirim é, mura bhfuil sé róspíonta
 
Diabhal a leithide de dhúrúch agus atá uirthi sin. Ní dhearna sí aon chónaí ó mhaidin ach ar an dúrúch sin síos agus suas an pháirc, go sílfeá gur gridill dearga a bhí lena cosa. Sin í an cailín agat! Séard atá uirthi anois nuair nár fágadh i ngarranta an chladaigh í. Tá sí an-cheanúil ar gharrantaí an chladaigh. Má mhaireann di ar an dúrúch údan, dheamhan a cos a chónós go n-imí sí as an bpáirc. Ach tá sí réidh le garrantaí an chladaigh go Samhain seo chugainn aríst
 
Fir dhúshlánacha a mhic ó! Déanfaidh siad deargadh feicfidh tú an tseachtain seo. Ach ní mór dóibh sin ar shon an cheann atá ann. Dheamhan a mbeadh píosa fataí fódaithe ráithe aige agus fágtar faoi féin é
 
Dearg suas an seandúda. Tá mo theanga bheag amuigh cheal gail