Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deiseacht
/d′ešəxd/
ainm-fhocal: buineann.
As deas: aidiacht
Deirtear deiseachas freisin ach is annamh é
breaghachte; scéimh, áilleacht; slacht agus rl.
+
Níl deiseacht ar bith innte dhá bhfaca tú in aon duine ariamh
Dubhairt sé nach raibh deiseacht ar bith san áit seo le h-ais na h-áite siar
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan mórán ainnis a bhí innte nó gur phós sí, ach chuaidh sí 'un deiseacht ó shoin
Ní de'n deiseacht an ruadhcha. Déarfadh J. go ndéanaidh Dia grásta air nachar moladh bean ruadh ar a breaghcha ariamh
Is beag an deiseacht chor ar bith an bhó siúd a cheannaigh sé. M'anam go gceapfainnse nach taobh leis an aois sin atá sí — an aois adubhairt siad
Théis a raibh de cháil uirre, is beag an deiseacht í. Ní thiubharfainn cnaipe gan chois uirre dhá mbeadh an braitín púdair siúd scríobtha di
Níl mórán deiseacht' ar bith tímpeall an tí aige; pabhsaes ná eile. Chuir sé cupla crainnín bheaga ghiobach' anuiridh, ach ba ghearr go raibh ithte dhíob aníos ó'n ngrinneal ag asail. 'Siad a bhí deas air 'ar ndú'
Ní deiseacht mhór do bhean ar bith an earradh dhearg sin a chur ar a béal. Cuireann siad iad féin as a slacht leis. Bean ar bith a bhfuil an deiseacht innte, is dhá uireasbhaidh sin é ar chaoi ar bith.
Sin í an bhó a bhfuil an deiseacht innte, an chéileóg sin ag M. Mh. Bó bhreagh fheiceálach í, bail ó Dhia uirre!

Deiseacht in iontrálacha eile (1)

 
Is deas an phlanndóigín d'inghin atá aice an uair a ghíogálas sí amach í féin. Níl aon-mhéid innte, ach mara bhfuil féin tá an téagar agus an deiseacht innte. Is fearr beag deas ná mór gránna