Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deiseal
aidiacht
ainm-fhocal (1 is cosamhail)
1.
taobh na deasóige; taobh na láimhe deise.
+
Ionntuigh deiseal ag an gcras-bhóthar = ar thaobh na láimhe deise
Deiseal a chaithfeas muid a dhul annseo
TUILLEADH (6) ▼
Cas chugad é — deiseal
Ní shin é an chaoi len a chur ann chor ar bith. Cuir isteach deiseal é.
An taobh eile! Deiseal! Breagh nach mbreathnóchthá romhat? Ní fhaca mé aon-fhear ariamh is mí-stuama ná thú
Deiseal a fhleascaigh! Deiseal! Ní dhéanfaidh tú go h-éag mar sin é
Cuir fuinneamh 'san sugán: deiseall. Cas uait amach é
Tá mé ag leigean súgáin dhó sin ó mhaidin, agus é dhá mbriseadh. Scaithtí casfaidh sé deiseal iad: scaithtí eile, tuaithbheal, agus marab shin é, 'sé a dhá dhíol fuinnimh a chuirfeas sé ann, nó go ndéanfaidh sé míle píosa dhó. Go gcuiridh Dia an t-ádh ort, agus beir ar an gcor-shúgáin uaidh as a láimh, agus ná bíodh sé ag cur chantail orm níos fuide
+
Dheamhan déanamh muise an fhad agus a bhéas grian ag dul deiseal = go deo; go deireadh an domhain
Sin ní fhágfaidh sé anois chó uain agus a bhéas grian ag dul deiseal. Beir air sin! Sin é atá daingnighthe!
TUILLEADH (4) ▼
Ní fheicfidh tú aon-bhiseach air sin an fhad agus a bhéas grian ag dul deiseal. Tá sé réidh leis
Ag iarraidh a bheith ag séideadh faoi na daoine atá tú! Ag rádh go bhféadfaí an caoláire sin a thriomú. Dheamhan é an fhad agus a ghabhfas grian deiseal
Ní fheicfidhear aon-ghráinne cruithneachta i S. Ph. chó uain agus a bhéas grian ag dul deiseal, ná dheamhan saothrú ceart a bhéas air ach oiread, th'éis a bhfuil de ghaisce dhá dhéanamh faoi. Bail ó Dhia ort. Nach thíos faoi atá máithreach an uisce!]
Tá easarlaidheacht eicínt ag Sasana nach mbeadh a fhios ag aonduine. Ach hébrí céard é féin, ní bhuailfear í ar chaoi ar bith an fhad agus a bhéas grian ag dul deiseal
2.
a bheith níos acmhuinnighe ar bhall-acra a laimhsiú leis an láimh dheis ná leis an láimh chlé.
+
'Deiseal nó ciotach atá tú?
Cé'n deis thú? Deiseal nó ciotach?
TUILLEADH (5) ▼
Deiseal uiliog atá siad cé's moite de Sh.
Deiseal uiliog a bhí an mhuintir se'aghainne ach tá cuid aca seo ciotach de bharr na gC. (C. a bhí i muintir a máthar)
Siad atá ag teacht le chéile ceart — fear ciotach agus fear deiseall
Deir siad go scóthfadh fear ciotach fear deiseal dhá mbeadh fear maith ciotach ann
Diabhal a fhios aige siúd an ciotach nó deiseal é, mar dheamhan ar rug sé ar aon-láighe ariamh cheana
+
Seo láighe dheiseal. Nach deiseall atá tú?
Chinn orm ceart ar bith a bhaint di. Láighe dheiseall a thug sé chugam agus ciotach atá mise
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé an láighe isteach deiseal, agus b'éigin dó a baint amach aríst, arae is ciotach atá an buachaill
Níl an láighe seo ar mo dheis chor ar bith. Ciotach atá sí, agus deiseal atá mise
3.
(uaillbhreas) fainic; nó tárrtháil ó thachtadh nó ó shraoith a mhaireadh do dhuine nó do bheithidheach.
+
Deiseal! Dia leat! Cuir aniar é! 'M'anam gur scanruigh mé gur síos píobán an doichill a chuaidh sé agus go seasfadh sé thíos ann = deiseall adeirtear má theigheann rud le anáil duine, nó scaithtí má bhíonn sé ag sraothfairt. Ach "Dia linn" is mó adeirtear le sraothfairt (nó Dia leat), agus "deiseal" le duine nó beithidheach a bhfuil treampán eicínt is an muineál air faoi rud a leigean síos
Deiseal! Deiseal! I bhfad uainn an anachain agus an urchóid! Rith go beo agus fagh fód móna a chuirfeas mé in a béal (bó). Tá fata in a sheasamh in a muineál
TUILLEADH (3) ▼
Deiseal! Goirim agus coisricim thú! Seo cuir aniar é. Is maith í an bhosóig 'san dromán. Bhí mo chroidhe in mo bhéal. Shíl mé go raibh tú tachttha. Múinfidh sin thú gan an oiread sin uathbháis a bheith aríst ort in éadan do bhéilí.
Deiseal riu! Is ort atá an tsrófairt. Is geall le duine thú a chaithfeadh snaoisín. M'anam ag Dia go bhfuil sé do mo bhualadh féin anois agus gan duine ar bith le deiseal a rádh liom
Deiseal! Déan réidhteach riu. 'Sé'n chaoi a mbeidh sé agad as a dheireadh 'sábhálaidh Dia sinn, tachtfaidh tú [tú] fhéin. Is ceart do 'chuile dhuine am a ghlacadh le na chuid beatha. Níl foighid ar bith agaibh ach é a sclamhadh. Shílfeá nach mbeadh breith ar an áit amuigh go deo agaibh!