Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diúgadh
/d′ūɡə/
briathar
a.
a ól ina shúmógaí nó in a bhraonachaí bheaga go mbeadh sé ólta.
+
Gheobhadh sé sin cárt fuisce ag an seacht a chlog trathnóna agus ní bheadh deoir ann ag an deich nach mbeadh diúgtha aige, agus deirimse leat nach bhfeicfeadh aon-duine eile tada dhá bhrabach. Shílfeá muis, lena fheiceál ag ól nach mbeadh gloine go tóin aige faoi cheann seachtaine
Sin é atá indon an poitín a dhiúgadh. Ach d'eireochadh dó agus an caibín béil atá air. Is ann atá áit na gloine ceart
TUILLEADH (4) ▼
Ara diabhal a mbeadh cnaigín fuisce ólta aige sin go ceann ráithe leis féin. An bhfaca tú ariamh an diúgadh a bhíos air leis an ngloine, dhá h-ól ó bhloigimín go bloigimín
Is agad atá an diúgadh air. Ní chaillfidh sé thú. Caith siar í as láimh, go leigidh mé thart an blogam seo shul a thiocfas aon-duine isteach. Níl cuid an rointe ann
Nach deas uaithe gailleog fuisce a dhiúgadh! Bí ag faire uirre go bhfeicidh tú an chaoi a mblaisfidh sí di agus a mbainfidh sí braon aisti. Shílfeá gur tsiocair bháis di chuile bhlogam ach dar fiadh ní leigfidh sí uaithe í go bhfalmhuighidh sí í in a dheidh sin
Fág an buicéad annsin aige agus óladh sé é má's breagh leis. Cuirfidh mé geall nach mbeidh sileadh ann nach mbeidh diúgtha aige in am suipéir. Peataidheacht atá ar an laogh sin. Diabhal ceo eile
b.
an píopa a choinneál in do bhéal i bhfad nó go mbeadh sé caithte, ach gan a bhaint as ach gaileanna beaga.
+
Bhí sé ag diúgadh an phíopa ó a tháinic sé isteach nó gur imigh sé aríst
An bhfaca tú aon duine ariamh atá indon píopa a dhiúgadh mar é. Coinnigheann sé in a bhéal é, ag baint pluimíní as, nó nach mbeidh gráinne ar a thóin. Shín mé píopa annseo aige oíche, agus níor fhága sé a dhuth ná a dhath ann. Cé'n bhrigh ach go raibh sé lán go drad. Níor thóig sé as a bhéal go h-am suipéir é. Beirim féin ar an bpíopa agus tosuighim ag breathnú siar ann, agus ag breathnú siar ann fea'int a mbrathfadh sé go raibh milleán agam air, ach 'ar ndú' mo léan fuair tú amach é!
TUILLEADH (2) ▼
Aníos ag forcabhás ar thobac a tháinic an codaidhe sin anois. Ach gheobhaidh sé tobac ar mo shonsa. Go deimhin is deas na gnaithí a bheadh orm a dhul ag síneadh mo phíopa aige sin nó go ndiúgad sé an gráinne deireannach as. Ro-fhada a fuair sé in m'amadán mé. Faghadh sé tobac anois i m'ráite eicínt eile
Bíonn tú ag diúgadh leat na "bhfeaigs" sin i gcomhnaí bail ó Dhia ort?

diúgadh in iontrálacha eile (1)

 
Shílfeá nar dhealuigh galra an tairt fós leis. Chonnaic mé thíos aréir é agus é ag slugadh. Ní raibh duine ná deoruidhe ag coinneál chomhlódair leis, ach é ag diúgadh a phionta leis annsiúd