Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diúirinn, Giúirinn, Diúirlinn, Giúirlinn, Diúirín, Giúirín, Giúirneach, Diúirneach
ainm-fhocal, buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh: na diúirinne, na diúirlinne, na giúirlinne agus rl.
Tá na leagain réamhráidhte ar fad ar an bhfocal. Athruigheann g agus d le chéile go minic i dtús focail, ach thairis sin féin, chuala mé na leaganachaí seo ar fad ar an bhfocal in aon-cheantar amháin: Cois Fhairrge
1.
péist shliogánach a thollas adhmad a bhíos aon-achar in uisce, nó faoi amluadh. Tionnscluigheann siad in a lannaí beaga taobh amuigh ar an adhmad, ach teagann méid agus fad ionnta i leabaidh a chéile. Faoi cheann cheithre mhí nó mar sin, bheadh fad dhá throigh ionnta ar shail a bheadh ins an sáile. Tar éis trí ráithe bheidís amanntaí cho maith le sé troighthe nó gar dhó ar fad. Bíonn dhá shliogán orra agus an phéist istigh eatorra. Buidhe atá an phéist ach gorm nó glé-ghorm a bhíos na sliogáin. Ach tá cupla cineál ar a laghad aca ann: cineál a bhfuil druim glas orra, agus cineál eile agus is dubh a bhíos an druim aca. An poll a ghníos siad isan adhmad, níl méid ar bith ann. Níl ann ach go dteigheann mar a bheadh snáth beag ó'n diúirinn isteach ann. Bíonn cuid de'n phéist istigh agus an chuid eile taobh amuigh agus an snáth sin dhá bhfastú dhá chéile. An ceann de'n diúirinn a ghníos an farcadh, tá dhá shliogáinín air. Is cosamhail gur leo sin a thollas siad an t-adhmad. Tá dhá shliogán mhóra mhillteacha eile air, agus tig leis a n-oscailt ó chéile, len a sháith de'n tsáile a ól. Farcann siad adhmad as éadan. Bíonn sé rodtha uiliog dhá mbarr má chaitheann sé aon-achar is an bhfairrge. Leis an snáth nó le stuf a ghníos siad an tolladh i gcomhnaí. Ní theigheann siad in aghaidh stuif. Déanann siad fabharcáin mhóra istigh isan adhmad. Bíonn sé farctha as éadan má bhíonn sé sáthach fada ar fairrge. Ní thollann siad díreach chor ar bith, ach ag dul anonn agus anall agus ag seachaint na n-alt, agus cé go mbíonn na cuasáin a ghníos siad buailte ar a chéile, ní theagann siad salach ar a chéile aon-uair. Cruthuigheann giúirinneachaí ar adhmad a bheadh faoi amluadh: caithte amuigh ar shráid nó áit a mbeadh uisce ag comhnú ann, ach ní bhíonn ionnta sin ach ceanna beaga. Cruthuigheann siad freisin ar iarann nó ar ghloine nó ar leathar a bheadh isan sáile, ach cinneann orra iad sin a fharcadh mar a ghníos siad leis an adhmad. D'fheicfeá freisin ar ghuib éanachaí áiride iad agus na h-éanachaí sin beo (éanachaí guairneáin), agus bíonn siad ar an mbreac diúirinneach, agus deirtear freisin go ngreamochaidís do shuirc agus d'éisc mhóra mar sin.
+
Fág an sean-roth sin amuigh annsin. Ní dhéanfaidh sé sin aon-bharra go deo aríst. Nach bhfeiceann tú ag déanamh giúirinneachaí as éadan é. Tá sé indon a ndéanamh amuigh 'san tsráid sin
Fuair muid an-tsail, agus gan a dhath uirre cé's moite de chupla diúirín in a h-éadan ach níorbh fhiú biorán iad
TUILLEADH (12) ▼
Tá sí ó mhaith. Nach ndearna muid a tligean thíos 'san gcladach, agus tá sí farctha as éadan. Chloisfeá an ghaoth ag feadghail istigh innte leis an mbail atá uirre ag diúirinneachaí
Chaithfeadh sé go bhfuil an t-adhmad sin an-fhada 'san bhfairrge. Tá sé faoi ghiúirlinneachaí uiliog
Níl a dhath ar an gclár sin. Fagh do scian bheag agus scríob dhe na giúirneachaí sin, agus feicfidh tú féin air go bhfoghanfaidh sé
Marar fritheadh fós é beidh sé faoi dhiúirinneachaí
Is diabhlaí an brat diúiríní a bhí ar an mbairille siúd a fuair sé an lá cheana. Ach má bhí féin, ní dheachaidh siad thríd in a dheidh sin
Níl mé indon na sliogáin sin atá ar na giúirlinneachaí a fhuilint. Marach sin b'fhurasta dhom congnamh a thabhairt duit léithe. Tá siad an-ghéar, an-choiligneach
Is diabhlaí go deo an fad atá is na giúiríní sin. Ní fhaca mé ceanna cho fada sin ariamh. Ní fiú do sheacht mallacht an t-adhmad sin anois. Tá sé rodtha ar fad aca. Bhí sé cho maith a fhágáil annsin 'dtigh diabhail, agus gan a bheith ag cur easonóir ort féin dhá iompar abhaile, agus nach dóigh an Cháisc ar an Domhnach nó go dtuitfidh sé in a mhionús ort shul a bhéas tú ag an teach
Sean-bhádóir a bhí ann, agus feasóig mhór dhubh air, agus báirnigh agus diúirlinneachaí ag fás air!
Chuala mise go mbíonn giúirinneacha ag fás ar fhear do thíre-sa. Ní móide gur fíor dhóib é! = le fear as oileán adubhradh
Bíonn tóin na soithigh móra plátáilte. Marach sinn, 'ar ndú' ní shíleann tú gur acmhuinn a bheadh aca ar na diúirlinneachaí. Ní bheadh seasamh ar bith ag an adhmad ar na diúirlinneachaí marach na faoilleáin. Leagann siad sin orra uair ar bith a bhfaghann siad an dóigh
Bíonn dhá bhrat de na giúirinneachaí sin féin ann. Is beag an mhísc a ghníos an chéad-bhrat chor ar bith mar ní bhíonn faobhar ar bith ar na fiacla aca; ach tuiteann siad sin, agus aimsigheann an darna brat annsin é (an t-adhmad). Sin iad na buachaillí aige!
Éadáil gan aon-tairbhe a tháinic ar an gCogadh seo. Bhí sí ar fad farctha ag giúirinneachaí. Fuair mé dhá bhairille, agus cho luath agus a rug mé orra, níor fhan canda ná éadan ionnta nachar thuit ó chéile. Bhí siad foiricighthe le na giúirinneachaí amach agus amach
2.
·
An Breac Diúirinne, an Breac Giúirinne agus rl. = bric bheaga tuairim agus sé h-ordlaigh ar fad, déanamh pónaire orra agus iad ar dhath na diúirlinne nó mórán é (fc. diúirinn thuas). Deirtear an breac giúirinneach i leabaidh an breac giúirinne go minic. Níl mórán rosaighle chor ar bith ionnta; tá na béil plubach aca, agus camóig bheag orra. Bíonn cuid aca nach mbíonn fad do ladhairicín ionnta. D'fheicfeá mearbhall griodánta orra is an oiche is an sáile. Coigligheann siad iad féin isteach faoi na giúirinneachaí ar shail nó ar chlár, nó ar raic ar bith de'n tsórt sin. Bíonn siad istigh i mbairillí agus i mboscaí, agus i gceaigeannaí a theagas isteach is an mbruith faoi thír. Ní léar do dhuine cé'n chaoi a dteigheann siad isteach in áiteachaí de'n tsórt sin, nuair nach mbíonn oscailt ar bith ionnta a thiubharfadh leigean dóibh. Deir daoine go leigeann siad na h-eochraí isteach i scáine ar bith a fhaghas siad isna cláir, agus go síolruigheann siad agus go dteagann siad in inmhe istigh. Ar aon-chor is doiligh a thuiscint cé'n chaoi a mbíonn siad i mboscaí daingeana nach mbeadh poll ná púirín orra go bhféadfaidís a dhul isteach ionnta. Tá scáth ag na daoine rómpa. Níl slacht ar bith orra thar aon-bhreac. Síltear nach ádh ná amhantar a bhfeiceál, agus go bhfuil geis orra ag an sluagh sidhe. Ní dhrannfadh an chuid is mó de na h-iascairí leo ar bhás an domhain: leigtear cead an bhealaigh amach aríst leo, nuair a fhaightear i mbairille ná i mboscaí iad. Má bhíonn siad ar shail, leigeann siad iad fhéin as greim cho luath agus a bhuaileas an tsail tír, agus as go bráth leo amach an fhairrge aríst. D'fheicfeá na diúirlinneachaí foiricighthe ar a mbéal. Níl aon-chol ag na muca mara ná ag na faoilleáin ná ag cuid eile de na h-éanachaí leo. Déanann siad lá soir orra, má fhaghann siad leigean orra ar shaltrachaí nó ar adhmad i mbarr tuinne. Deirtear freisin dhá dteigheadh duine ar mhaide rámha i gcleitheamhnas é fhéin a thabhairt slán ó bháthadh, go ngreamóchadh an breac diúirinne dó, agus go mbéarfadh sé air, leis an maide rámha a bhaint amach dó féin. Síleann daoine freisin go ndéanann na giúirinneachaí féin éanachaí, arae bíonn go leor clúmhaighe orra agus in a dtimpeall.