Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diúirinneach, Giúirinneach agus rl.
aidiacht as diúirinn; giúirinn agus rl.
a bheith faoi dhiúirinneachaí, giúirinneachaí agus rl.; a bheith foiricighthe leo.
+
Is beag an mhaith dhuit sail ghiúirinneach. Dhá mbadh mise tú ní chuirfinn suas an t-adhmad siúd chor ar bith
Is gearr le dhul í. Sail dhiúirlinneach a bhí innte, agus níl drabhlás ar bith innte, de bharr cho farctha agus a bhí sí
TUILLEADH (2) ▼
'Séard atá agadsa a dhéanamh an clár sin a chaith amuigh faoi ngréin go ceann míosa. Má tá sé giúirinneach féin, tá an teas agus an aimsir bhreagh acmhuinneach ar a dhul 'un maitheasa dhó.
Ná bac leis an sean-chlár diúirinneach sin. Dheamhan leas a dhéanfas sé sin go deo, mara gcaithteá ar chúla na teine é, agus is dona annsin féin é