Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diúl (deol)
briathar, ainm-bhriathar. (Teigheann "i" ins an bhfréimh ach amháin ins an ainm-bhriathar)
lacht a tharraint as rud ar bith leis an bpus a theannadh timcheall air, agus é a shúghadh.
a.
+
Ní dhiúilfeadh sé an mháthair dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Sin é a d'fhága gan aon-bhrigh é. Rud ar bith nach n-ólfaidh lacht a mháthar, tá a chuid bisigh ar iarraidh
Is gránna an faisean atá aice, ag diúl a méire i gcomhnuí
TUILLEADH (11) ▼
Tá somachán ag diúl ar an gcích fós ann, th'éis an aois atá ag an gceann is sine
Bhí siad dhá chur ag diúl agus ní dhiúilfeadh sé
Déanfaidh tú maide milis de do mhéir dhá diúl
Bíonn sé ag diúl leis as an mbuidéal siúd i gcomhnuí
Le giolcach a dhiúil siad an fuisce as an gceaig — 'seadh inDomhnach. Tá siad oilte ar an gceird sin. 'Ar ndú' 'sé an chéad-bhiadh ins an sliogán dóibh é
Tá sé ag dul ó dhiúl = níl sé sásta diúl a dhéanamh níos fuide
An bhfuil tú i riocht diúl as?
An iomarca diúil a fuair sé — chuaidh sé faoin a bhiseach.
Dhá laghad diúl dhá dtugaidh tú dhó 'seadh is fhearr é.
Is beag an diúl a iarrfas sé. Tá sé cruadh-chúiseach go leor dhá fhuireasbhaidh
Bhí sé ag strócadh ag iarraidh cead diúil. Le teann fórsa a coinnigheadh uaithe é
+
Shílfeá gurb iad na luchain a bhí ag diúl do chuid gruaige = déarfaidhe é seo le gruaig a bheadh sraimlidhe cuileach
Shílfeá gurb iad na luchain a bhí ag diúl a cuid gruaige, tá sí in a cuileachán cho mór sin
TUILLEADH (1) ▼
Céard adeirigh de do cheann, nó ab iad na luchain a bhí ag diúl do chuid gruaige. Tá sí as compás ar fad
·
Tá sé cho socair agaibh agus gur gearr go dteighidh sib ag diúl air = duine réidhchúiseach a mbeadh dream eile ag spochadh leis, agus ag déanamh míádha air, nó ag baint bearraidheachaí dhe
Fuair siad cho réidhchúiseach é, agus an uair a bhí a chuid uiliog árduighthe leo aca, go ndeacha siad ag diúl air
+
D'fhéadfá a bheith ag diúl a mailí bhí sí cho socair sin = capall nach mbeadh aon-chor innte
Do dhúshlán teirigh ag diúl a mailí sin! Tá sí dubh-oilbhéasach
TUILLEADH (1) ▼
Fuair siad cho socair é agus gur fhobair go ndeachaidh siad ag diúl a mhailí
b.
+
Sin laogh diúil = laogh óg ar úgh a mháthar
Sin laogh diúil, coileán diúil, uan diúil, banbh diúil, searrach diúil, agus rl = miolgaire ar bith a bheadh ag diúl a mháthar
TUILLEADH (6) ▼
Is geall le laogh diúil thú, an chaoi a bhfuil tú ag brughadh isteach liom
Fágadh in a laogh diúil é i gcomhnaí. Níor choisc siad é, mar bhí neart bainne aca d'uireasa na bó sin
Tá sé in am uan diúil ar bith a choisceadh feasta, i mbrollach an Fhoghmhair thall
Ní mór gobán a chur ins an mionnán diúil atá againn, nó ní bhuachfaidh muid aon-cheo ar an máthair, agus teastuigheann bainne tae go géar uainn
Tá laoighdín diúil againn, agus is deacair leis aon-deor bhainne a ól chor ar bith, th'éis gur chaith muid an tsíorruidheacht ag tabhairt méir' dó. Níl aon-mhaith aige ann mara bhfaghaidh sé cead diúil ar an máthair
Tá uan aca — peata diúil — agus d'íosfadh sé cnapán siúicre amach as cúl do ghlaice
·
Tá na fiacla diúil aige fós = na fiacla a bhíos ag míolgaire ar bith thar éis a bhreithe. Cuireann sé drad eile amach leis an aimsir
Ní féidir go bhfuil na fiacla diúil aige fós. Is aisteach é sin

Féach freisin

deol

Diúl in iontrálacha eile (6)

 
"Bhí dallarán an mhadadh alla in a bhéal agus é dhá dhiúl" (as sean-scéal — ó Sheán Ó Bheáin — Páirc Gharbh Baile an Chláir).
 
Caithfidh sé a dhul ag diúl ar bhó eicínt ó thárla go bhfuil sé féin in a dhílleachta. Níor mhair an mháthair ach seachtain th'éis a bheirthe. Shíl muid dheamhan maireachtáil a dhéanfadh seisean ach oiread.
 
Tá dialúnach de laogh annsin thuas agus caithfear a dhul roimhe ar chaoi eicínt. Tá an diabhlánach ag diúl a bhodalaigh. Ní fhaca mé aon-laogh ar foghnamh dhá dhéanamh ariamh
 
Bhí cráin annseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aice ar an ál. Dheamhan a raibh uirre ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosuigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-eireochadh sé, arae bhí sé in a aircín dona. Ach sceinn sé amach ins an deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé in a pheata againn. Domhnaillín a thugadh muid air
 
Ní milleán ar bith air a bheith doréara agus an bhail a cuireadh soir annsin le cupla lá air. Is íontas nach ndeachaidh sé ingealta ar fad. Fhobair do na buachaillí báire sin soir a dhul ag diúl air, th'éis é a bhánú
 
Do dhubhshlán go ndiúilfidh uan an uair a bhéas tú dhá chur ag diúl — m'anam nach ndiúilfidh