Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dílleachta Dílleachtín
/d′īʟ′əxdə/
ainm-fhocal, fireann
iolraidh dílleachtaí.
páiste a bhfaghann a athair agus a mháthair bás, nó ceachtar de'n bheirt scaithtí.
a.
+
"Dílleachtín cráidhte mé gan athair gan máthair, Agus dá mbeadh mo chliú tárrtha cé'r chás dom a bheith falamh" (As "Cuaichín Ghleantáin Éifinn")
Caithfear a gcur isteach anois 'san áit sin a dteigheann na dílleachtaí, ó thárla nach bhfuil aon-duine sásta a dhul in a gcíonn
TUILLEADH (8) ▼
Nach beag 'e ghrádh diadha é a dhul ag rádh rud mar sin le na dílleachtaí bochta
An ag dul ag déanamh tréatúlacht ar an dílleachta bocht sin a ghabhfadh sé. Má ghníonn, tá Dia thuas, agus agróchaidh Sé air é, míle buidheachas Leis Féin
Ná déan éagcóir choidhchin ar dhílleachta hébrí céard eile a dhéanfas tú
Fágfaidh an cogadh seo baintreachaí agus dílleachtaí ar fud an domhain go bhfóiridh an t-Athair Síorraí orainn a leainín (leainbhín)
Cá bhfuighidh na dílleachtaí bochta díol a bhfreastail anois? Is beag an tsúil le Dia a bhí ag duine ar bith a chuaidh ag déanamh a leithide de chleas
D'imigh sí agus d'fhága sí áilín dílleachtaí ar aon-chéill in a diaidh. Go dtugaidh Dia trócaire dhá dearbhráthair! Chuaidh sé in a gcíonn, agus níor leig sé aon-lá anshógha orra, ach an oiread agus dhá mbadh iad a chlann féin iad. Go dtugaidh Dia a luach sin dó!
Fágadh in a ndílleachtaí iad sáthach óg
Agróchaidh dia é ar dhuine ar bith a chuaidh ag fiachadh ar na dílleachtaí bochta sin. Déarfá gur beag an tsúil le Dia a bhí aige agus a dhul dhá dhéanamh
b.
uan, laogh, nó míolgaire ar bith a gcaillfí a mháthair.
+
Tá an t-uainín sin in a dílleachtín. Rugadh ar an sneachta mór é, agus tugadh isteach é agus cuireadh le teine é. Ní thiubharfá deich triuf air agus diabhal mé gur shrian sé as in a dheidh sin agus gur bé atá cruadhchúiseach anois. Ach cailleadh an mháthair.
Caithfidh sé a dhul ag diúl ar bhó eicínt ó thárla go bhfuil sé féin in a dhílleachta. Níor mhair an mháthair ach seachtain th'éis a bheirthe. Shíl muid dheamhan maireachtáil a dhéanfadh seisean ach oiread.
TUILLEADH (1) ▼
Sin anois searrach nachar ól a lacht ariamh, agus déarfá nach donaide é marar ól féin. Is dílleachta é. Bascadh an mháthair i sean-chlochar annsin thiar trí nó ceathair de laetheantaí th'éis searrach a bheith aice. Chuaidh sí isteach ann ar chuma eicínt, agus cuireadh ar chúl a cinn idir dhá chloich í, agus ní raibh ann ach go raibh sí dí-bheo nuair a fríothadh í. Má seadh féin, níor tháinic sí as

Dílleachta in iontrálacha eile (11)

 
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an ghiodáinín talmhana sin do na dílleachtaí bochta. Déarfá go mbadh bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi.
 
Ní deáchríoch a chuaigh uirre an dílleachta bocht = cuireadh ó chrích í; bhí clann thabhartanais aice
 
Ní de'n díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nachar fhéad aon-duine ariamh a dhul ag ithe ná gearradh orra. Níor dhúin siad a súil ariamh ar bhaintreabhach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anshógha. Is mór a bheadh le fán ins an saoghal a chuaidh thart marach iad sin. Tá a fhios agad nachar eitigh T. M. aon-duine ariamh faoi'n rud a bheadh aige
+
díol 2
Is maith a rinne sé é, é a scaoileadh uaidh gan pighinn gan bonn. Go dtugaidh Dia trócaire dhó. Ní chuirfeadh aon-ghiúistís beo aon-cheo ar an dílleachta bocht údaidh. Is mór an díol trócaire é, an té a bhreathnóchadh isteach ceart ann.
TUILLEADH (1) ▼
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon-cheo daille orra ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buidheachas le Dia. Tá sé annseo thoir agus é in ainm agus gan spré a bheith aige, agus 'séard a bhí sé a dhéanamh rómham an oíche cheana ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nar léar dom an cró innte, mara bhfaghainn ó ló í …
 
'Sé díoghaltas Dé é a theacht anuas air agus an chaoi a raibh sé féin le tuilleadh, cho uain agus a bhí an "power" aige. 'Bhfeiceann tú an dílleachta bocht a chaith sé annsin thoir, agus an créatúr a bhuail sé gur chuir sé ó mhaith an tsaoghail é. Tá sé ar a mhéis féin aige anois, ní dhá roint leis é. Is mairg a bheadh go h-olc agus bocht in a dhiaidh, adeir siad. Sin é a fhearacht aige-san anois é, ach go mbadh mhór ab fhiú dhó a bheith bocht, seachas an bhail atá air …
 
dóigh 1
Ní maith an dóigh di é, má rinne sí leath-chuma ar na dílleachtaí. Ní cheideonaidhe liom ar a dtiocfaidh agus ar a dtáinig leithphighinn ruadh a chur as dóib. Bheadh faitíos orm go n-ágróchadh Dia orm é.
 
Sin é an chaoi a bhfuil sé anois, cuirfidh sé amach a bhfuil 'sa teach le dóláimh. Ach a mhaisce féadfaidh sé ó atá "saighneáil" (signing) faighte aige ar an áit. Is mór an díol truaighe na dílleachtaí bochta eile. Nach diabhlaí nachar chuir an t-athair contar eicínt sa n-udhachta, ach tá sé mall anois …
+
droim
Agus tá an inghean ag dul ag pósadh an spreallaire sin th'éis a bhfuil de mhílte aice. Cé'n chaoi a dtaithnigheann sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon-ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aithgiorra an chuit thríd an ngríosaigh ar spré na h-inghine. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agróchadh sé air é. Chaith sé a shaoghal ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bhéas an cliamhain siúd ag dul thrín a chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnighthear ar dhruim an diabhail go n-imigheann sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrighe. Is dual di fearadh i gcomhnaí
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an tsúil le Dia atá ag an gcreachadóir bradach ag iarraidh an dílleachta bocht sin a chur de dhruim tighe. Nach beag an luadh atá ag an sagart a dhul agus é a bhacadh. Shílfeá go mbadh é an rud ba lugha dhó treampán eicínt a chur air. Ach is dóigh gur thug sé lán laidhre dhó len a chur in a shost
 
Níl aon-duine faoi bhéal an aeir nach bhfuil tarraingthe anuas agus liobruighthe gearrtha aice. Tá 'chuile locht ar 'chuile dhuine eile, ach bainfidh sí a muintir féin as margadh igcomhnuí. An lá faoi dheire a raibh sí ag ithe agus ag gearradh ar an dílleachta bocht sin thiar tigh Sh., agus a raibh sí ag rádh nach bhfágann sí amach an teach ag P. Dh. chor ar bith, tháinig sé go dtí an béal agam a rádh léithe go bhfeicfeadh sí an dubhradán i súil duine eile go maith, ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór in a súil féin chor ar bith. 'Sé a bhí agam a rádh léithe, ach leig mé tharm í in a dheidh sin, leisce clampar a tharraint