Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doraera (doréara. doréra: dubhréara?: dubhriara?)
aidiacht
dorrda: dúr; olc; feargach; daoithiúil; madarúil; francuithe; dúnárasach; cantalach.
+
Tá cuid de na daoine sin amach an-doréara. Níl cúntanás ar bith ionnta
M'anam muise gur duine an-doréara é M. Mara mbeidh gnaoi thar cionn aige ort, dheamhan mórán sásamh a thiúrfas sé uaidh.
TUILLEADH (5) ▼
Baile an-doréara é sin len a dhul isteach ann. Níl istigh ar a fhuaid ach sclamhairí bradacha. Ní bheadh a fhios agad cén puinnte a dtosódh duine aca ag cangailt do chuid cluas
Bhí intinn mhór aca agus bhí siad an-doréara go deó. Beannacht Dé dhuit! Ní bhíodh comharsanacht ar bith sna bólaí sin roimhe seo ach chlaon siad roinnt le goirid. Is cosúil nach bhfuil an aos óg atá eirithe suas ann anois cho h-amscaí agus a bhí an tsean-mhuintir. Ní feárr dóib fhéin a bheith.
Is maith doréara an buachaill é sin i mbéal maidne mara mbeidh a bhricfeasta in a mhiainis (fhiainis) ar an mbord ar an dá luath agus a n-eireóidh sé den leabaidh. Deirimse leatsa gur suarach an éadáil é sin, ná ceánn ar bith eile a bhfuil a intinn aige
Cén chiall duit a bheith cho doréara sin as coinne strainséaraí. Is deas an cháil a thiúrfas siad ort aríst: go raibh tú ag sclamhaireacht ar fud an tighe agus ag géaraíocht ar t'athair agus ar do mháthair. Breá san tubaiste nach mbeadh foighid agad thairis sin
Ní milleán ar bith air a bheith doréara agus an bhail a cuireadh soir annsin le cupla lá air. Is íontas nach ndeachaidh sé ingealta ar fad. Fhobair do na buachaillí báire sin soir a dhul ag diúl air, th'éis é a bhánú