Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doriartha
aidiacht
dorrga: dúr; olc; feargach; daoithiúil; madrúil; francaithe; dúnárasach; cantalach.
+
Tá cuid de na daoine sin amach an-doriartha. Níl cuntanós ar bith iontu
M'anam muise gur duine an-doriartha é M. Mura mbeidh gnaoi thar cionn aige ort, dheamhan mórán sásamh a thabharfas sé uaidh
TUILLEADH (5) ▼
Baile an-doriartha é sin lena dhul isteach ann. Níl istigh ar a fhuaid ach sclamhairí bradacha. Ní bheadh a fhios agat cén pointe a dtosódh duine acu ag cangailt do chuid cluas
Bhí intinn mhór acu agus bhí siad an-doriartha go deo. Beannacht Dé dhuit! Ní bhíodh comharsanacht ar bith sna bólaí sin roimhe seo ach chlaon siad roinnt le gairid. Is cosúil nach bhfuil an aos óg atá éirithe suas ann anois chomh hamscaí agus a bhí an tseanmhuintir. Ní fearr dóibh fhéin a bheith
Is maith doriartha an buachaill é sin i mbéal maidne mura mbeidh a bhricfeasta ina mhínis (fhianais) ar an mbord ar an dá luath is a n-éireoidh sé den leaba. Deirimse leatsa gur suarach an éadáil é sin, ná ceann ar bith eile a bhfuil a intinn aige
Cén chiall duit a bheith chomh doriartha sin os coinne strainséaraí. Is deas an cháil a thabharfas siad ort aríst: go raibh tú ag sclamhaireacht ar fud an tí agus ag géaraíocht ar t'athair agus ar do mháthair. Breá sa tubaiste nach mbeadh foighid agat thairis sin
Ní milleán ar bith air a bheith doriartha agus an bhail a cuireadh soir ansin le cupla lá air. Is iontas nach ndeachaigh sé i ngealta ar fad. Fhóbair do na buachaillí báire sin soir a dhul ag diúl air, théis é a bhánú

doriartha in iontrálacha eile (1)

 
Tá sé an-doriartha agus má tá féin, sin é an rud a bhí i ndán is i ndúchas dó. A athair fhéin an fhad is a mhair sé, bhíodh peelers tarraingthe ar an oileán aige chuile lá san aer