Deangmháilte (diongmháilte?)
—aidiacht
—deangmháilte adeirtear.
—Níor chuala mé aon-ainm-fhocal leis
—
leitheadach, postamhail, tréipléiseach, suimeamhail, bainte amach.
+–
'Sé atá deangmháilte.
Tá a dhóthain talmhana faoi'n mac seo aniar. Ach ní bheadh sé in a mhac ag S. L. mara mbeadh sé deangmháilte. Ba suimeamhail an giota fir é a athair fhéin, an fhad's bhí lúd corruighe amach ann
TUILLEADH (9) ▼
Nach deangmháilte an mhaise dhi anois é? Ba mhinic bean thréipléiseach amach as a baile, ba mhinic sin. Bhí seisear aca ag C. Mh. agus ba suarach an chaoi a chuir siad orra fhéin in a dheidh sin. Dheamhan fir ins an tír ba mheasa ná a fuair siad
Tá sé in a fhear sáthach maith marach cho deangmháilte agus atá sé. Ach tá an oiread gárdaí agus floscaí aige in a dheidh sin, agus nach féidir a "phléasáil" (plase = please). Bhí sé ag iarraidh mná annsin an bhliain cheana, agus ní shásóchadh duine ar bith é, mara bhfaghadh sé máistreás scoile. Faghadh sé iad sin feiceamuist!
Is cailín gan sásamh í ná ceann ar bith eile atá cho deangmháilte léithe. Bheadh an cheird sin ceart go leor ag bean a mbeadh posta ó "Ghovernment" aice, ach suaróigín ar bith a chaithfeas a dhul ag spágaireacht thrí na lathachaí annseo, beidh rud thairis sin ar a h-aire!
Tá an-lághaidheacht ann mar sin, ach ní fhágann sin nach bhfuil sé deangmháilte in a dheidh sin féin. Breathnuigh air Satharn ar bith inG. Níor léar dhó duine, leis an dearcadh a bhíos aige fea'int (feachaint) a bhfeicfeadh sé na boicíní. Cuirfidh mé geall leat nach bhfeicfidh tú ag bualadh aon-bhleid ar fhear na tíre é. Mo chreach mhaidne ghéar thú!
Tá sé cho storramhail cho deangmháilte agad, agus go sílfeá gur leis féin an bóthar uiliog dhá bhfeictheá ag spaisteoireacht é. 'Ar ndú, sin í an onóir dhona aríst.
Goithtí beaga iad sin atá aice. Níl aon-lá ariamh nach deangmháilte mar sin a chonnaic muid 'chuile dhuine dhá dreám. Ba bheag dhá shlacht a bhí orra muis. Cine faoi chupóig!
Is diabhlaí an mheas atá ag an gcaracháinín sin air fhéin. Tá sé an-mhóiréiseach, an-deangmháilte ann féin. Shílfeá gur ar a thóin féin atá an ghrian ag eirghe. Ach cá bhfágfadh sé é: mac Mh. Ní Fh.
Níl aon-chall do bhean ar bith a bheith cho deangmháilte agus atá sise. Cé'n éadáil í ach an oiread le duine ar bith eile. As na faochain a fáisceadh í cho maith linn ar fad. Ach do dhubhshlán sin a shamhlú léithe in a dheidh sin!
Nach deangmháilte an mhaise dhó é! Síleann sé má tá culaithín éadaigh air agus "watch" ar a rusta (righe) go bhféadfaidh sé a dhul ag déanamh dógha de na daoine. Tá dul-amú air muis. Bhí cuid againne i mbailte móra nach mbea[dh] i mBaile Átha Cliath ach púirín caorach lena n-ais. Má theigheann sé ins an gceann sin leis, is orainn nach mbeidh an mhairg é a innseacht dó, ach an oiread