Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreacht
/d′r′axd/
ainm-fhocal
púir nó deannach a eirigheas de spré-mhóin nuair a bhíos stolladh gaoithe [ann] agus í an-tirm sa samhradh. (Níor chuala mé an focal seo ariamh ach ag duine amháin. Chinn orm an focal a fháil ag duine ar bith eile in aon-bhaile ná in aon-cheanntar leis. Deannach (fc. deannach) a thugas 'chuile dhuine air, agus níor chuala duine ar bith aca an focal thuasluaidhte. Chuir mé tuairisc blianta in a dhiaidh sin leis an bhfear céadna agus dubhairt sé an focal céadna, agus cé gur cainteoir maith é, ní mheasaim in a dheidh sin go bhfuil an focal ceart. Tá dearmad eicínt ann de réir mo bharamhla).

Féach freisin