Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dranndal
ainm-fhocal; fireann
iolraidh — dranndail.
1.
"an dranndal atá ar an bhfeoil dearg atá timcheall ar na fiacla." (Béal Beo).
+
Níl fiacail in mo dhranndal = níl fiacail ag gabhail liom; níl fiacail in mo charbad
"A Pheadair pioc an gandal; Dheamhan a bpiocfaidh Peadar é: níl fiacail in a dhranndal" (Rann as amhrán páistí)
TUILLEADH (5) ▼
Cé a d'fhéadfadh píopa a choinneál ina bhéal. An sean-duine úd! 'Ar ndú dheamhan fiacail in a dhranndal le píopa a choinneál fastuighthe
An bhfaca tú P. ariamh agus é ag caitheamh píopa. D'fheicfeá dhá logán isteach in a ghruadhannaí ar 'chaon taobh an uair a tharraingeochadh sé gail. 'Sé'n fáth é sin in áit nach bhfuil fiacail in a dhranndal.
Fuair tú amach an té a bheadh indon cnothannaí a bhriseadh — fear nach bhfuil fiacail in a dhranndal
D'fhága mé an ceann deire aca istigh inG. indiu. Shaothruigh mise é aice sin, le doigheachaí, le seachtain. Bhí mé de'n tsaoghal aice nó go ndeacha mé isteach indiu len a tarraint. Níl fiacail in mo dhranndal anois
Cé'n! Níl mise indon ceart ar bith a bhaint de'n rud cruadh sin agus screamhóg air. Nach bhfuil a fhios agad nach bhfuil fiacail in mo dhranndal le na blianta
+
Dheamhan ceo ar bith atá sé siúd indon a changailt. Níl fiacail ag gabhail leis. Níl ná an dranndal féin
Ní ins na fiacla atá na doigheachaí chor ar bith orm, ach isteach ins an dranndal. In a driogannaí a theagas an phian. Ní bhíonn sí ach éadtrom i dtosach ach tagann an t-árdú annsin mar bheadh mo charbad dá scaoileadh. Níl aon-nídh faoi'n saoghal indon fuarú a thabhairt dom an uair sin ach deoch uisce fuar agus a choinneál in mo bhéal cho fada in Éirinn agus atá mé indon fulaingt leis. Fuarú dona a thugas sin féin dom, ach bodhruigheann sé roint í, mar sin féin
TUILLEADH (3) ▼
Ní airighim na dranndail ar fóghnamh chor ar bith ar an saoghal seo
Ní beatha mhaith do'n dranndal iad sin. D'íosfainn iad marach amháin: faoi cheann chúig nóiméad, bheinn ag screadach ar fud an tighe le doigheachaí. Sin é mo ghráin ar "sweets"
Deir an dochtúr go bhfuil na dranndail go maith agam, ach go bhfuil na fiacla lobhtha in a dheidh sin. Is mór an sásamh dhom é sin — nach mór
+
An bhfeiceann tú an t-úrbhéal a bhíos air. Is gránna é a dhrandal ní dhá roint leis é.
Níl rud ar bith ins an saoghal is mió-shlachtaire ná an dranndal a bheith le feiceál mar sin agus thú ag gáiridhe. Is minic a chuir mé aithne ort gan do bhéal a oscailt cho mór sin an uair a theagas fonn gáirídhe ort … ní h-ionann bean is fear. Is iomdha rud a fhéadfas fear a dhéanamh nach mbeadh cuí(bh)eamhail ag bean.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an mío-shlacht uirre an dranndal siúd a bheith leis aice 'chuile uair dhá n-osclóchaidh sí a clab le dhul ag gáiridhe. Úr-bhéal uiliog í
+
Nocht sé a dhranndal = madadh agus colg air, agus é ag drannadh le dhul ag troid
Nocht mo ghadhar-sa an dranndal. Níor thaise leis an mbrocairín é. Bhí an péire annsin ar aghaidh a chéile agus iad ag dranntán, ach th'éis gur shaghd muid iad dheamhan a n-ionnsóchaidís a chéile in a dheidh sin. Dheamhan loiceadh ar bith a bhí ag an mbrocairín uaidh. M'anam gurb é an cliobaire mór sin agamsa nach raibh ro-líomhtha ag an troid
TUILLEADH (4) ▼
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhobair dó breith orm annsin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brigh an leabhair gheobhadh sé an dara-thairt, marach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'fhuireasbhaidh mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath agus a nochtfaidh sé an dranndal tiubharfaidh mise mo shean-snaoidhm de mhullach cois na fuipe, isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madar alla air, dhonóchadh an iarraidh sin é
Níl a fhios agam ó mo righe cé'n teach é — ach teach mór é ar aon-chor. Tá geata leis agus é uiliog faoi phictiúir madraí gearrtha as an gcloich. Agus ní móide go gcreidfeá an rud adéarfas mé leat anois: níl madadh ar a fhuaid nach bhfuil an dranndal nochttha aige!
Beannacht Dé dhuit! Ab é Baile an Ch. Deir tú liom go bhfuil an-phriobáin talmhana ann. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann, a stór — ceo ar bith — ach feidheallanna madraí — agus na dranndail nochttha aca, ag forcabhás ar fháiteall eicínt a strachlóchaidís thrí dhriseachaí an bhaile
Bhí beithidheach istigh ann ar dhéanamh cuit. B'áithbhéalta an beithidheach é, igcosamhlacht. Bhí sé cuibhrighthe istigh annsiúd i mbosca. Marach go raibh; dhéanfadh sé mísc. Chuaidh mé féin suas go dtí an bosca agus chuir mé bannlá(mh) de mo theanga amach faoi. Dhá bhfeictheá an dranntán a tháinic air, agus nocht sé a dhranndal agus thosuigh sé ag stealladh smugairlí mar 'bheadh easóg ann. Dar príosta is beag a thaithneochadh liom a bheith in aon-pháirc leis dá mbeadh cead a choise aige … Bíodh a fhios agad gurb é an beithidheach is mó é dá dtug mé sunntas annsiúd dó, aindeoin a raibh aca ann.
·
Má nochtann an sceannadóir siúd a dhranndal, beidh gna (gno) do do dhicheall agad len a theacht uaidh. Tá sé an-fhranncuighthe. Ubhall na h-aithne ceart!
Níl aonach ar bith nach mbíonn sé ag imeacht agus a dhrandailín nochttha aige ag iarraidh achrainn. Siúite agus achrann a bhuac sin. Sháruigh sé a bhfaca mise ariamh
·
Dhá dtuiteadh an dranndal aisti anois d'fhuireasbhaidh duilisc thuas annsiúd, dheamhan blas duilisc a gheobhas sí uainne. Má tá sí dúlaidhe ag duileasc teagadh sí anuas agus baineadh sí é. Tá dalladh dhó (dhe) thíos annsin thíos. Is beag a bheadh ar a' (ar) n-aire go deimhin, a dhul ag baint duilisc dhá dranndal-sise. A dhul ag fágáilt a' (ar) gcuid móna annsin gan tógáil le dhul ag baint duilisc do mhagarlach anuas ó shléibhte
·
Siúd é a bhfuil an dranndal aige a mhic ó le dhul in éadan feola. Cho luath agus a gheobhas sé a baladh, teagann díocas ar an drad aige, le teann dúil innte. Ní fhaca mé fear a bhárrtha ariamh ag an mbord. Ní fhaca ná aon-duine eile]
Níl aon-fhear dhá bhfuil a dhranndal siúd aige nach fiú(mh) ór dó é. Strachlóchadh sé mart ó chéile. Is geall le "fú fá féasóg" fadó é
2.
a.
+
Tá dranndal an mhagaidh air = straois gháire; cáir fhlith-mhagaidh
Tá sé thíos annsiúd agus dranndal an mhagaidh air faoi 'chuile dhuine. Ach feiceamuist, tosuigh ag magadh faoi féin. Má thosuighinns (fuirm a bhíos amanntaí ins an Aimsir Láithrigh, dara pearsa aonda), feicfidh tú féin air gur gearr an magadh é
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé thíos annsiúd ar shúil an bhóthair agus dranndal an mhagaidh air leis an bhfear anoir agus leis an bhfear aniar. Is uaidh a theastóchadh an iarraidh a chuirfeadh in a ghna (gno) é, thar agus a bheith annsiúd ag nathuidheacht ar feadh an lae, agus a gharrdha ag dul i léig.
Dar seo agus siúd muis, mara gcaithidh tú díot dranndal an mhagaidh sin atá ort fúmsa, beidh rud ar a shon agad. Tá mé ag éisteacht leat annsin ó mhaidin, agus is mór an acmhuinn agam í (cur suas leat). Is tú an t-ealadhantóir is mó faoi na bruit. Ag ceapadh atá tú go ndéanfaidh tú dóigh de na daoine chreidim, ach ní dhéanfaidh, ná baoghal ar bith ort. Ní faoi chearca a leigeadh amach aonduine ach an oiread leatsa, le go ndéanfá ballséire dhíob
'Sé dranndal an mhagaidh a bhí ar 'chuile dhuine dhá dhream ariamh. Chonnaic mise a athair — P. Mh. agus a uncail R. Ph. — agus chabálfadh 'chaon dhuine aca thú le deagh-chaint. Ní raibh scéal ná amhrán aca, ach an nathuidheacht bheag sin. Ach chuirfidís cosa beaga faoi na glasógaí leis sin féin
Tá an inghean ceart go leor, ach fan go bhfeistighidh an t-athair é féin ar a aghaidh thall ar an teallach agus go gcuiridh sé dranndal an mhagaidh air féin. An uair a bhíos an stiúir sin air agus a theigheas sé ar mhagadh ceart splanncfadh sé aonduine faoi'n domhan. Agus sin é a mbíonn uaidh. Is biadh agus beatha dhó a bheith ag cothú scliúchais de'n tsórt sin. Nach bhfuil an baile reicthe ariamh aige. Is mór mór an t-iongnadh liom nach minic a marbhuigheadh é
·
Bíonn dranndal an gháire ar an ógánach sin i gcomhnuí. Ba chóra dhó go mór muise a dhul ag magadh faoi'n athair. Dheamhan údar gáire ins an tír go dtí é, agus a "mhusteaisín" bheag scáinte mar bheadh ribeadhachaí luchan ann, agus béilín mar bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaghas sé amadán len éisteacht leis ag baint fogha agus easbaidh as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-innseochainnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon-araoid orm, ach ní chuirfidh.
b.
+
Tiubharfaidh mé isteach ar an dranndal duit é, mara n-eirighidh tú as. Sin é a bhfuil faoi anois.
Bhrisfeadh sé siúd a dhranndal dhá bhfaghadh sé mórán cainte uaidh. Ní mórán éisteacht a bheadh aige siúd leis, deirimse leat
TUILLEADH (6) ▼
Buaileadh sé é, feiceamuist. M'anam gurb shiúd é nach dtiocfadh anonn ná anall leis, ach a thabhairt isteach ar an dranndal dó gan "peárail" (parole? parler?) ar bith a ghlacadh leis. Sin é féin atá beo drochmhúinte le araoid ar bith a chur air
Tabhair aire do do dhranndal ar M. Mh. má's leat a bheith slán. Ba ghearr an mhoill air sin é a bhriseadh dhuit dhá gcaitheadh sé in a cheann é. Níorbh fhearr leis ceird air
Beidh a fhios ag a dhranndal é, mara leigidh sé domsa. Ní liomsa is fhearr dhó a dhul ag míoladóireacht, má tá a ádh ar Dhia
Ní mór liomsa do dhranndal an diabhlánaigh sin an méid sin. Is fada dhá thuaradh dó fhéin é.
Bhí rud le déanamh leo sin. Fáiméad de chloich a thabhairt isteach ar na dranndail dóibh agus a gcuid drad a chuir siar in a mbolg. Ní mhúinfeadh a mhalrait iad — na scaibhtéaraí!
Tiubharfaidh sé aniar é má fhaghaimse leigint ar a dhranndal. Rud ar bith ariamh a fuair an dream céadna idir a dhá láimh ní scarfaidís leis go ndéantaí céad aistir dhá iarraidh.
·
Scread mhaidne ar a dranndal! Ag imeacht cho stramhach annsin, agus cáir uirre i gcomhnuí. Níl aon-duine beo is lughar liom ná an chaile sin. Is gann a chuaidh an saoghal ar mhac Ph. Sh. marar fhéad sé a dhíol de bhean a fháil ar mhná na tíre go ndeacha sé in a cleitheamhnas siúd. Ní dhéanfainn roghain uirre dá mbeadh Éire taobh léithe — an straoiseachán bradach!
Léan ar a dhranndailín coinín, maran deas uaidh a dhul ag sioscadh bréag. Agus shílfeá nach leaghfadh an t-im in a bhéal! Foighid ort muise go bhfeicidh mise é. Dhá mbadh i láthair an phobail é, dheamhan ball na h-áite a fhágfas sé nó go gcasaidh mé suas leis an smut aige é

Dranndal in iontrálacha eile (1)

 
Tá tú in do dhilleoir — tá tú sin. Is diabhaltaí nach dtiocfadh iabh eicínt ar do bhéal uair eicínt. Ach dheamhan iabh. Beidh tú ar do chuid dilleoireacht muis nó go dtugaidh duine eicínt isteach ar an dranndal duit é, ach dheamhan a mbeinnse in a dhiaidh ort — ní ag amhdú an uilc é chor ar bith!