Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dilleoir, Dilleoirín
ainm-fhocal, fireann.
Iolraidh — dilleoirí.
Ní baintear mórán leas as dilleoir. Dilleoirín is coitchiannta go fada
duine (go h-áithrid páiste) a bheadh ag dilleoireacht nó claonta chun dilleoireachta (fc. dilleoireacht).
+
Tá tú in do dhilleoir — tá tú sin. Is diabhaltaí nach dtiocfadh iabh eicínt ar do bhéal uair eicínt. Ach dheamhan iabh. Beidh tú ar do chuid dilleoireacht muis nó go dtugaidh duine eicínt isteach ar an dranndal duit é, ach dheamhan a mbeinnse in a dhiaidh ort — ní ag amhdú an uilc é chor ar bith!
Caith rud eicínt ag an dilleoirín sin nó déanfaidh sé siún (seon?) sinncín dínn
TUILLEADH (3) ▼
Nach tú an dilleoirín i gcomhnuí. Ceadh nach mbeitheá mar a bhíos 'chuile ghasúr go lághach múinte agus gan a bheith ag tógáil an chloiginn orm mar sin. Nach bhfuil a fhios agad go maith go bhfuightheá é, dá mbeadh sé ann, agus ó thárla nach bhfuil go gcaithfidh tú déanamh dhá fhuireasbaidh a bheith agad. Nó an bhfuil maith ar bith a bheith leat. Má fheiceann t'athair in do dhilleoirín mar sin thú leagfaidh sé ort, creid mé dhuit ann. Agus ní choisneochaidh mise aríst choidhchin thú mar (a) rinne mé an oíche cheana
Tá tú in t'amhlóirín de dhilleoirín. Sin é an chaoi a bhfuil tú. Cuirfidh mise riocht (r. análach go minic i riocht) ort feicfidh tú féin air! = cuirfidh mé droch-bhail ort; tiubharfaidh mé griosáil duit
Ní fhaca mé aon-dilleoirín go h-iomdha (fuaim iom-aoí) ach an grabairín beag sin ag M. Ph. Sh. Sháruigh sé a mháthair an oíche faoi dheire. Dheamhan maith a bheadh aige ann go dtugadh sí cead dó a raibh de shoithigh ar an drisiúr a thógáil anuas, agus a gcur síos ins an gciseán, mar dhóigh dhe go mbadh ceannuidhe gréithí é. Tháinig M. isteach agus nuair a chonnaic sé an drisiúr feidheartha, agus na soithigh ins an gciseán, rug sé in a ghabhail air agus bhí sé ag leigean an treabhsairín síos leis nuair a d'iarr sé cara agus coimirce orm féin. Shábháil mé é, ach deirimse leat gur fada aríst go dtosuighidh sé ar an gceird siúd — in a cheannuidhe gréithí.

Féach freisin