Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dilleoir, dilleoirín
ainmfhocal, fireann
iolra: dilleoirí
ní baintear mórán leas as dilleoir; dilleoirín is coitianta go fada
duine (go háirid páiste) a bheadh ag dilleoireacht nó claonta chun dilleoireachta (fc. dilleoireacht).
+
Tá tú in do dhilleoir — tá tú sin. Is diabhaltaí nach dtiocfadh iamh eicínt ar do bhéal uair eicínt. Ach dheamhan iamh. Beidh tú ar do chuid dilleoireacht muis nó go dtuga duine eicínt isteach ar an drandal duit é, ach dheamhan a mbeinnse ina dhiaidh ort — ní ag amhdú an oilc é chor ar bith!
Caith rud eicínt ag an dilleoirín sin nó déanfaidh sé siún (seon?) sincín dínn
TUILLEADH (3) ▼
Nach tú an dilleoirín i gcónaí. Cé nach mbeifeá mar a bhíos chuile ghasúr, go lách múinte agus gan a bheith ag tógáil an chloiginn orm mar sin. Nach bhfuil a fhios agat go maith go bhfaightheá é dá mbeadh sé ann, agus ó tharla nach bhfuil, go gcaithfidh tú déanamh dhá uireaspa a bheith agat. Nó an bhfuil maith ar bith a bheith leat. Má fheiceann t'athair in do dhilleoirín mar sin thú leagfaidh sé ort, creid mé dhuit ann. Agus ní chosnóidh mise aríst choíchin thú mar a rinne mé an oíche cheana
Tá tú in t'abhlóirín de dhilleoirín. Sin é an chaoi a bhfuil tú. Cuirfidh mise riocht (r análach go minic i riocht) ort feicfidh tú féin air! — cuirfidh mé drochbhail ort; tabharfaidh mé greasáil duit
Ní fhaca mé aon dilleoirín go hiomaí ach an grabairín beag sin ag M. Ph. Sh. Sháraigh sé a mháthair an oíche faoi dheireadh. Dheamhan maith a bheadh aige ann go dtugadh sí cead dó a raibh de shoithigh ar an drisiúr a thógáil anuas, agus a gcur síos sa gciseán, mar dhóigh dhe go mba ceannaí gréithe é. Tháinig M. isteach agus nuair a chonaic sé an drisiúr feidheartha, agus na soithigh sa gciseán, rug sé ina ghabháil air agus bhí sé ag ligean an treabhsairín síos leis nuair a d'iarr sé cara agus coimirce orm féin. Shábháil mé é, ach deirimse leat gur fada aríst go dtosaí sé ar an gceird siúd — ina cheannaí gréithe

Féach freisin