Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dilleoireacht (duilleoireacht?)
ainm briathartha
ní baintear aon leas as ach ina ainm briathartha nó ina ainm
 tuineadh; achainí; impí; a dhul go bog agus go crua ag iarratas; iarratas cráite; a dhul go bun an amhgair le duine eile ag iarraidh air rud a dhéanamh.
+
Chaith sé an lá ag dilleoireacht liom ag iarraidh mé a thabhairt ann
Imeoidh sí mura mbeidh an ceann eile ag dilleoireacht lena coinneáil. Ach mar sin fhéin, is drochsheans atá aici fanacht. Tá an iomarca grá don éirí in airde aici anois, agus ní shásóidh áit ar bith í ach Sasana
TUILLEADH (8) ▼
Deir tú leis a chaith ag dilleoireacht liom ag ceapadh go bhfanfainn le haghaidh tae, ach diabhal baol in mo chraiceann a bhí orm. B'annamh leis mórán den chórtas a bheith ag síneadh leis ach an oiread le scéal. Dheamhan a fhios agam beo céard a bhain dó aréir go raibh sé ag iarraidh comaoin a chaitheamh liom. Mura bhfuair sé tae as Meiriceá!
Thug sé guth orm nach ndeachaigh mé a chúnamh dhó ab ea! Nach raibh sé ag dilleoireacht liom ar feadh na hoíche aréir Pádraic a ligean leis, ach m'anamsa nach (nár) ligeas, ná dheamhan ligean. Is dona na gnaithí a bheadh orm, agus an sláimín féir atá agam féin caite ansin thoir fós faoi fhliuchán agus faoi amlua. Níor mhór le cuid de na daoine dá bhfágthá do chuid oibre fhéin ansin agus a dhul in éindí leosan go mbeadh a gcuid oibre féin réidh
Lig de do chuid dilleoireacht anois liomsa nó beidh rud ar a shon agat. Diabhal bréag nach mbeidh. Ní mise an ribín réidh agat má bhaineann tú asam é
Dheamhan gráinne tobac a thug mé dhó, ná cuid de ghráinne. Ní cheal muise nach raibh dilleoireacht aige liom dhá iarraidh. Dhá mbeifeá in do ridire, ní sheasfá leo ag iarraidh tobac
Chaith muid an oíche ag dilleoireacht leis le amhrán a rá, ach dheamhan rá. Ní abródh sé tada ach ag nathaíocht leis sa gcúinne. Ní leis ab fhaillí é muise an ghloinín fuisce a ligean siar. Níor chall aon dilleoireacht a dhéanamh leis fúithi sin
Ní theagann iamh orthu ach ag dilleoireacht liom ó mhaidin go faoithin — ag iarratas, ag iarratas — ag iarraidh airgead a bhaint as na scairteachaí agam. Ach cí Dia muise gur deacair dhomsa airgead a bheith agam le síneadh acu (chucu) agus gan slí ó neamh agam ach ag faire ar an scillingín ghágach dole sin
Má bhíonn sí ag dilleoireacht le thú a thabhairt in éindí léithe, abair amach gan frapa gan taca léi gur chomaoin duit a dhul in éindí léithe go deimhin! Nuair a d'iarr tusa ar son Dé uirthise a dhul in éindí leat go B. na mB., ba deas an sásamh a thug sí duit. 'Nach beag a bheadh le déanamh agam,' adeir sí, 'a dhul siar go dtí na hamhais bhradacha sin, agus gan a fhios agam nach mé a speireadh le cloich a dhéanfadh duine acu shul má bheinn aniar abhaile aríst.' An scaoinn bhradach!
Tá mé sáraithe agaibh le bliain ag dilleoireacht liom go bhfaighinn madadh dhaoibh. Tá sé agaibh anois agus is beag an mheas atá agaibh air. Ag imeacht dhá chiceáil agus ag sá bior dearg ann. Diabhal bréag nach uaibh a theastódh an tslat. Tá sibh dhá tuaradh dhaoibh féin, tá sin
+
Ag dilleoireacht agus ag dilleoireacht a chaitheas sí a saol: ag dilleoireacht ag iarraidh a dhul ag damhsaí agus ag cuartaíocht. Mo léan géar, fuair sí amach an té a ligfeadh ag damhsaí í! Dhá gcasadh sí stuaic na binne bheadh an t-athair siúd aici scanraithe gur ardaithe leis ag saighdiúr a bheadh sí. Bhí an scanradh sin ag rith leis an dream sin ariamh
Tabharfaidh mise luach do chuid dilleoireachta duit: thú a chaitheamh siar a chodladh agus cead agat fanacht ansin aríst go maidin. Ag ceapadh go ligfí ag bóithreoireacht thú an tráth seo d'oíche! Ní hiad do chuid lessons a bheadh ag déanamh imní dhuit leath chomh maith. Na daoine thar bharr a gcéille agat ar an gceird sin ó tháinig oíche!
TUILLEADH (2) ▼
Sin í ceird na sagairt i gcónaí: ag dilleoireacht ag iarraidh airgid. Tá an póca osclaithe i gcónaí: póca na huireasa
Má fheicimse ar an dilleoireacht sin aríst sibh agus aon duine istigh, beidh mé ag gabháil oraibh chomh uain is a gheobhas mé teas ina (bhur) gcraiceann. Bheadh ciall dilleoireacht, ach níl uair ar bith is mó a dteagann táirm oraibh ná an uair a gcasfar duine eicínt isteach. Dhá mba é an té is measa le duine beo a bheadh ann, náireodh sibh é lena (bhur) gcuid dilleoireachta

Féach freisin

dilleoireacht in iontrálacha eile (7)

 
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
 
daol
Tá sé in ann crochadóireacht leis, ach nuair a bhuaileas daol den phian sin é nach foláir dó síneadh go n-imí sí aríst. I nDomhnach tá sé in ann creachlaoiseacha móra a dhéanamh thar éis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caite amuigh sa ngarraí é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orthu a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a sheanléim aríst faoi cheann uair an chloig. Nuair a thugas an racht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt
 
Níl ann ach an ghannchuid, agus an méid sin féin ní mian leo a dtabhairt uathu gan a dhul ag dilleoireacht orthu. Rud ar bith a gheobhas tú san áit chéanna 'sé an déirce é: bíonn an mhaith bainte as
 
Tá tú in do dhilleoir — tá tú sin. Is diabhaltaí nach dtiocfadh iamh eicínt ar do bhéal uair eicínt. Ach dheamhan iamh. Beidh tú ar do chuid dilleoireacht muis nó go dtuga duine eicínt isteach ar an drandal duit é, ach dheamhan a mbeinnse ina dhiaidh ort — ní ag amhdú an oilc é chor ar bith!
 
Nuair a thiocfas an scéal faoin mbreitheamh ansiúd, is beag an mhaith dhuit tosaí ag dilleoireacht agus ag rá: 'd'fhága sé agam é,' mura bhfuil páipéir agus dintiúirí agat air de réir an dlí. Ní hé an dlí an ribín réidh deirimse leat. Ar chuala tú ariamh é: "téann an dlí do na daoine bochta mar a théas uisce an earraigh do na cearca"
 
Chuaigh sé go bog agus go crua orm ag iarraidh a inseacht dó. Níl tada dhár chuimhnigh sé air nár dhúirt sé liom. Théadh sé amach, agus isteach aríst. Thosaíodh sé ag dilleoireacht agus scaití eile ag bagairt orm. Tá sé sách doghrainneach ó chaithfeas sé rud ina cheann. Ach ba aon mhaith amháin dó a bheith ag gabháil domsa. Ní ghéillfinn dó dá gcaitheadh sé liom ó shin. Tuige a ngéillfinn. Is beag a bheadh le déanamh agam go deimhin
 
droim
Dá mbeifeá ag dilleoireacht anois go headarshuth amárach ní thabharfaidh mise oiread tochas do dhroma dhuit. Mar sin, is fhearr duit éirí as in am. Níl maith ar bith é a chur i bhfad scéil. Dheamhan a dhath