Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dilleoireacht (duilleoireacht?)
ainm-bhriathar.
Ní baintear aon-leas as ach in a ainm-bhriathar nó in a ainm.
tuineamh; athchuinge; impí; a dhul go bog agus go cruadh ag iarratas; iarratas cráidhte; a dhul go bun an amhgair le duine eile ag iarraidh air rud a dhéanamh.
+
Chaith sé an lá ag dilleoireacht liom ag iarraidh mé a thabhairt ann.
Imeochaidh sí mara mbeidh an ceann eile ag dilleoireacht len a coinneál. Ach mar sin fhéin is droch-sheans atá aice fanacht. Tá an iomarca grádha do'n eirghe-in-áirde aice anois, agus ní shásóchaidh áit ar bith í ach Sasana
TUILLEADH (8) ▼
Deir tú leis a chaith ag duilleoireacht liom ag ceapadh go bhfanfainn le h-aghaidh tae, ach diabhal baoghal in mo chraiceann a bhí orm. B'annamh leis mórán de'n chórtas a bheith ag síneadh leis, ach an oiread le scéal. Dheamhan a fhios agam beo céard a bhain dó aréir go raibh sé ag iarraidh cumaoin a chaitheamh liom. Mara bhfuair sé tae as Ameriocá!
Thug sé guth orm nach ndeachaidh mé a chongnamh dhó ab eadh! Nach raibh sé ag dilleoireacht liom ar feadh na h-oíche aréir Pádraic a leigean leis, ach m'anamsa nach (nachar) leigeas, ná dheamhan leigean. Is dona na gnaithí a bheadh orm, agus an slaimín féir atá agam féin caithte annsin thoir fós faoi fhliuchán agus faoi amluadha. Níor mhór le cuid de na daoine dá bhfágthá do chuid oibre fhéin annsin agus a dhul in éindigh leo-san go mbeadh a gcuid oibre féin réidh
Leig de do chuid dilleoireacht anois liomsa nó beidh rud ar a shon agad. Diabhal bréag nach mbeidh. Ní mise an ribín réidh agad má bhaineann tú asam é.
Dheamhan gráinne tobac a thug mé dhó ná cuid de ghráinne. Ní cheal muise nach raibh dilleoireacht aige liom dhá iarraidh. Dhá mbeitheá in do ridire, ní sheasfá leo ag iarraidh tobac
Chaith muid an oíche ag dilleoireacht leis le amhrán a rádh, ach dheamhan rádh. Ní abróchad sé tada ach ag nathuidheacht leis ins an gcúinne. Ní leis ab fhaillighe é muise an ghloinín fuisce a leigean siar. Níor chall aon-dilleoireacht a dhéanamh leis fúithe sin
Ní theagann iabh orra ach ag dilleoireacht liom ó mhaidin go faoithin — ag iarratas, ag iarratas — ag iarraidh airgead a bhaint as na scairteachaí agam. Ach cidh Dia muise gur deacair dhomsa airgead a bheith agam le síneadh aca (chuca) agus gan slí ó neamh agam ach ag faire ar an scillingín ghágach "dole" sin
Má bhíonn sí ag dilleoireacht le thú a thabhairt in éindigh léithe abair amach gan frapa gan taca léi gur chumaoin duit a dhul in éindigh léithe go deimhin! An uair a d'iarr tusa ar son Dé uirre-se a dhul in éindigh leat go B. na mB., ba deas an sásamh a thug sí duit. "Nach beag a bheadh le déanamh agam" adeir sí "a dhul siar go dtí na h-amhuis bhradacha sin, agus gan a fhios agam nach mé a speireadh le cloich a dhéanfadh duine aca shul má bheinn aniar abhaile aríst." An scaoinn bhradach!
Tá mé sáruighthe agaibh le bliain ag dilleoireacht liom go bhfaghainn madadh dhaoibh. Tá sé agaibh anois agus is beag an mheas atá agaibh air. Ag imeacht dhá chiceáil agus ag sáthadh bior dearg ann. Diabhal bréag nach uaibh a theastóchadh an tslat. Tá sibh dhá tuaradh dhaoib féin, tá sin.
+
Ag dilleoireacht agus ag dilleoireacht a chaitheas sí a saoghal: ag dilleoireacht ag iarraidh a dhul ag damhsaí agus ag cuartaidheacht. Mo léan géar, fuair sí amach an té a leigfeadh ag damhsaí í! Dhá gcasad sí stuaic na binne bheadh an t-athair siúd aice scanruighthe gur árduighthe leis ag saighdiúr a bheadh sí. Bhí an scanradh sin ag rith leis an dream sin ariamh
Tiubharfaidh mise luach do chuid dilleoireacht' duit: thú a chaitheamh siar a chodladh agus cead agad fanacht annsin aríst go maidin. Ag ceapadh go leigfí ag bóithreoireacht thú an tráth seo d'oíche! Ní h-iad do chuid "lessons" a bheadh ag déanamh imní dhuit leath cho maith. Na daoine thar bharr a gcéille agad ar an gceird sin ó tháinig oíche!
TUILLEADH (2) ▼
Sin í ceird na sagairt igcomhnuí: ag dilleoireacht ag iarraidh airgid. Tá an póca oscluighthe igcomhnuí: póca na h-uireasbhaidh.
Má fheicimse ar an dilleoireacht sin aríst sib agus aon-duine istigh beidh mé ag gabhail oraibh cho uain agus a gheobhfas mé teas in 'u' (bhur) gcraiceann. Bheadh ciall dilleoireacht, ach níl uair ar bith is mó a dteagann táirm oraibh ná an uair a gcasfar duine eicínt isteach. Dhá mbadh é an té is measa le duine beo a bheadh ann, náireochadh sib é len 'u' (bhur) gcuid dilleoireacht'.

Féach freisin

Dilleoireacht in iontrálacha eile (6)

 
Má theigheann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirre ach daighce, agus beidh muid gan Murrchadha gan Maghnus annsin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil "bicycle" briste orainn. Tosuigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirre, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul 'un cainte léithe. Ní móide go n-eiteochadh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí in a ceann é, ní thiubharfadh sí deoir do dhiaumhlach
 
daol
Tá sé indon crochadóireacht leis ach an uair a bhuaileas daol de'n phian sin é nach flearr (fuláir) dó síneadh go n-imighidh sí aríst. InDomhnach tá sé indon creachlaoiseacha móra a dhéanamh tharéis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caithte amuigh ins an ngarrdha é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orra a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a shean-léim aríst faoi cheann uair an chluig. An uair a thugas an reacht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt.
 
Tá tú in do dhilleoir — tá tú sin. Is diabhaltaí nach dtiocfadh iabh eicínt ar do bhéal uair eicínt. Ach dheamhan iabh. Beidh tú ar do chuid dilleoireacht muis nó go dtugaidh duine eicínt isteach ar an dranndal duit é, ach dheamhan a mbeinnse in a dhiaidh ort — ní ag amhdú an uilc é chor ar bith!
 
An uair a thiocfas an scéal faoi'n mbreitheamh annsiúd, is beag an mhaith dhuit tosuighe ag dilleoireacht agus ag rádh: "d'fhága sé agam é", mara bhfuil páipéir agus dinndiúirí agad air, de réir an dlí. Ní hé an dlí an ribín réidh deirimse leat. Ar chuala tú ariamh é: "teigheann an dlí do na daoine bochta mar a theigheas uisce an earraigh do na cearca"
 
Chuaidh sé go bog agus go cruadh orm ag iarraidh a innseacht dó. Níl tada dhá'r chuimhnigh sé air nar dhubhairt sé liom. Theigheadh sé amach, agus isteach aríst. Thosuigheadh sé ag dilleoireacht agus scaithtí eile ag bagairt orm. Tá sé sáthach dórainneach ó a chaithfeas sé rud in a cheann. Ach badh aon-mhaith amháin dó a bheith ag gabhail domsa. Ní ghéillfinn dó dá gcaitheadh sé liom ó shoin. Tuige a ngéillfinn. Is beag a bheadh le déanamh agam go deimhin
 
droim
Dá mbeitheá ag dilleoireacht anois go h-eádarshuth ambáireach ní thiubharfaidh mise oiread tochas do dhroma dhuit. Mar sin, is fhearr duit eirghe as in am. Níl maith ar bith é a chur i bhfad scéil. Dheamhan a dhath