Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daighce
ainm-fhocal, buineann(?).
níl a fhios agam i gceart céard is inscin dó, ach measaim gur buineann é
meargántacht; stuaic; olc; musán; doi-mheanmna.
+
Tá an-daighce ort shílfeá
Siúd í a raibh an daighce uirre. Dheamhan corruighe dhá cois a dhéanfadh sí, th'éis gur iarr an mháthair uirre a dhul amach agus na beithidhigh a bhleaghan. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirre é in áit nach leigfidís ag céilidhe i nD. Ch. í an oiche roimhe sin. Í a leigean chuig céilidhe go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis.
TUILLEADH (7) ▼
Má theigheann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirre ach daighce, agus beidh muid gan Murrchadha gan Maghnus annsin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil "bicycle" briste orainn. Tosuigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirre, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul 'un cainte léithe. Ní móide go n-eiteochadh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí in a ceann é, ní thiubharfadh sí deoir do dhiaumhlach
Daighce a bhí uirre anocht faoi gur fhága C. annsin aréir í … Ceadh nar chuala tú é sin. In Domhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gur b'olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbáirneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias is deacair í seo istigh a bheárradh anocht
Tá daighce eicínt ar an Sáirsint agus é a bheith cho luainneach ar a chois anocht. Níor chomhnuigh sé ar feadh na h-oíche ach ag dul ó chloigeann an R. go dtí ceann an bhóthair. B'fhéidir gur ins an áirdeall ar M. atá sé. Má's eadh béarfaidh sé air go siúráilte. Tuilleadh ghéar de'n chlampar aige — nach bhfaireann é agus aire a thabhairt dhá ghna (gno) agus fios aige nach bhfuil an ceann eile ach ag iarraidh breith thall air go dtugaidh sé 'un cúirte é. Diabhal blas eile.
Beidh daighce air nó go bhfaghaidh sé daithte é; agus gheobhaidh as a dheire. B'fhearr dhuit ag gabhail de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith igcleitheamhnas a dhul ag baint aon-cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach an uair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in aoinfheacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
Ní raibh an ceann céadna ariamh gan an daighce agus an stodam a bheith air. Is fadó cheana nach raibh sé ar siubhal (ag troid). Sin é an suaimneas is fuide a chonnaic mé é a dhéanamh ariamh. Ach b'fhurasta aithinte dom an oíche cheana agus an chaint a bhí air, go mbadh ghearr uaidh (go dtosuigheadh sé ag troid)
Sin é ceird gasúir i gcomhnuí: daighce orra faoi'n a dhul chuig an scoil. Shílfeá inDomhnach, gur mó an luighe atá ag gasúir anois léithe, ná fadó. 'Ar ndú (ndóigh) ba mhó a bhuailtí orra fadó
Daighce air nó dhó (dhe) anois, caithfidh sé imeacht. Tá u (ar) ndóthain againn cheana, slán a bhéas siad, agus gan a dhul ag beathú bromaire atá indon a chuid féin a shaothrú
+
Is furasta leis sin daighce a theacht air. Níl ort ach breathnú cam air agus tá sé eirighthe in a choileaichín agad. Má chuaidh leis muis an oíche faoi dheire, castar leis é. Ní túisce a bhí sé in a shuidhe, ná bodach eile nach raibh aon-bheann aige air: P. Ch. Sin é an buachaill aige
Má bhuaileann daighce ar bith é siúd, dheamhan ionntú ar a sháil a dhéanfadh sé duit ar feadh an lae, ná d'aon-duine eile. Is stuacaighe é ná a bhfaca tú ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr duit leigean de do chuid daighce anois, agus a dhul a chodladh as réidhteach, nó má eirighimse aghad (chugad) cuimhneochaidh tú air. Níl aon-oíche ins an aer nach ar an gceird chéadna a bhíos tú, mara bhfaghaidh tú cead do chomhairle féin faoi 'chuile rud. Nach gránna an chaoi de do leithide de stócach a bheith ar an gceird sin feasta choidhchin.
·
Ní thiocfadh sé chuig an dárna bainis le daighce nachar h-iarradh ag an gcéad bhainis é. Diabhal blas de'n cheart nach raibh aige. Fear gan fuil a thiocfadh go dtí iad th'éis droichead a dhéanamh dhínn cheana (a dhul tharainn agus daoine eile a iarraidh). Bhí a shliocht orra. M'anam nachar thaobhuigh cuid againn iad ná cuid de thaobhachtáil

Féach freisin

daighce in iontrálacha eile (1)

 
Ní daighceamhail go dtí é. Chonnaic mé na gearrbhodaigh annseo thíos oiche. Bhí siad ag caitheamh clo' neart (cloch). Chaith seisean í cho maith le duine. Bhí timcheall agus troigh ag C. ar 'chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin dar diaguidhe chinn air marc C. a chrínnt (chreinnt). D'fháisc sé air a shaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daighce faoi gur bhuail C. é