Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daidhce
ainmfhocal, baineann (?)
níl a fhios agam i gceart céard is inscne dó, ach measaim gur baineann é
meargántacht; stuaic; olc; mosán; domheanmna.
+
Tá an-daidhce ort shílfeá
Siúd í a raibh an daidhce uirthi. Dheamhan corraí dhá cois a dhéanfadh sí, théis gur iarr an mháthair uirthi a dhul amach agus na beithígh a bhleán. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirthi é an áit nach ligfidís ag céilí i nD. Ch. í an oíche roimhe sin. Í a ligean chuig céilí go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis
TUILLEADH (7) ▼
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
Daidhce a bhí uirthi anocht faoi gur fhága C. ansin aréir í … Cé nár chuala tú é sin. I nDomhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gurb olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbairneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias, is deacair í seo istigh a bhearradh anocht
Tá daidhce eicínt ar an sáirsint agus é a bheith chomh luaineach ar a chois anocht. Níor chónaigh sé ar feadh na hoíche ach ag dul ó chloigeann an R. go dtí ceann an bhóthair. B'fhéidir gur san airdeall ar M. atá sé. Más ea, béarfaidh sé air go siúráilte. Tuilleadh ghéar den chlampar aige — nach bhfaireann é agus aire a thabhairt dhá ghnaithe, agus fios aige nach bhfuil an ceann eile ach ag iarraidh breith thall air go dtuga sé chun cúirte é. Diabhal blas eile
Beidh daidhce air nó go bhfaighe sé daite é; agus gheobhaidh as a dheireadh. B'fhearr dhuit ag gabháil de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith i gcleithiúnas a dhul ag baint aon cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach nuair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in éineacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
Ní raibh an ceann céanna ariamh gan an daidhce agus an stodam a bheith air. Is fadó cheana nach raibh sé ar siúl (ag troid). Sin é an suaimhneas is faide a chonaic mé é a dhéanamh ariamh. Ach b'fhurasta a aithinte dom an oíche cheana agus an chaint a bhí air, go mba ghearr uaidh (go dtosaíodh sé ag troid)
Sin é ceird gasúir i gcónaí: daidhce orthu faoina dhul chuig an scoil. Shílfeá i nDomhnach, gur mó an luí atá ag gasúir anois léithe ná fadó. Ar ndóigh, ba mhó a bhuailtí orthu fadó
Daidhce air nó dhó (dhe) anois, caithfidh sé imeacht. Tá a (ár) ndóthain againn cheana, slán a bheas siad, agus gan a dhul ag beathú bromaire atá in ann a chuid féin a shaothrú
+
Is furasta leis sin daidhce a theacht air. Níl ort ach breathnú cam air agus tá sé éirithe ina choileachín agat. Má chuaigh leis muis an oíche faoi dheireadh, castar leis é. Ní túisce a bhí sé ina shuí ná bodach eile nach raibh aon bheann aige air: P. Ch. Sin é an buachaill aige
Má bhuaileann daidhce ar bith é siúd, dheamhan iontú ar a sháil a dhéanfadh sé duit ar feadh an lae, ná d'aon duine eile. Is stuacaí é ná a bhfaca tú ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr duit ligean de do chuid daidhce anois agus a dhul a chodladh as réiteach, nó má éirímse agat (chugat), cuimhneoidh tú air. Níl aon oíche san aer nach ar an gceird chéanna a bhíos tú, mura bhfaighe tú cead do chomhairle féin faoi chuile rud. Nach gránna an chaoi do do leithide de stócach a bheith ar an gceird sin feasta choíchin
·
Ní thiocfadh sé chuig an darna bainis le daidhce nár hiarradh ag an gcéad bhainis é. Diabhal blas den cheart nach raibh aige. Fear gan fuil a thiocfadh go dtí iad théis droichead a dhéanamh dhínn cheana (a dhul tharainn agus daoine eile a iarraidh). Bhí a shliocht orthu. M'anam nár thaobhaigh cuid againn iad ná cuid de thaobhachtáil

Féach freisin

daidhce in iontrálacha eile (1)

 
Ní daidhciúil go dtí é. Chonaic mé na gearrbhodaigh anseo thíos oíche. Bhí siad ag caitheamh cloch neart. Chaith seisean í chomh maith le duine. Bhí timpeall is troigh ag C. ar chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin, dar diagaí chinn air marc C. a chrinnt. D'fháisc sé air a sheaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daidhce faoi gur bhuail C. é