Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Domhainn
/dəu:ɴ′/
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: na doimhne (/dev′ɴə/ : /dəiv′ɴə/); ach is annamh é is san tuiseal geineamhnach.
doimhneacht: mar a chéile é agus domhainn ach gur cinnte é doimhneacht agus gurb as is mó a baintear leas le na réamh-fhocla. Tá idirdhealú eatorra ar bhealaighe áiride freisin .i. doimhneacht na fairrge (depth of the sea), domhainn na fairrge (the deep seas). Deirtear "cé'n domhainn é" agus "cé'n doimhneacht é" cho maith le chéile, ach chítear dhom, nuair adéarfaí "cé'n domhainn é" nach bhféadfaí a thabhairt faoi ach buille faoi thuairim, cuirim igcás, an fhairrge, criathrach, talamh nó a leithidí. "Cé'n doimhneacht é": is féidir a bheith níos barrainnighe faoi, nó d'fhéadfaí a thomhais .i. bonn tighe, portach, uaigh, bairille agus rl. Baineann domhainn go h-áirid le rudaí atá síos faoi dhromchladh an domhain. Baineann doimhneacht le rud ar bith, soithigh, scéal, intinn duine, caint agus rl. Ní bhainfeadh domhainn mar ainm-fhocal leo sin. (Níl aca ach an t-aon aidiacht). Cho fada agus is léar dom is mar sin atá sé thríd agus thríd i gcaint na Gaillimhe, aindeoin gur beag idirdhealú is léar do chuid mhaith cainteoirí, ach de réir mar a theagas an chaint leo
1.
an fad ó'n a bhéal go dtín a thóin atá rud, nó ó'n a uachtar go dtín a íochtar (claise, talamh, fairrge, bairille, tobar, intinn duine agus rl.).
+
Cá'il an domhainn atá is an easca! An bhfeiceann tú é sin chor ar bith? = tá an easca an-domhainn
Shílfeá nach bhféadfadh fear Achréidh an domhainn sin (de phortach) a bhaint as ucht. Mara mbaineann sé a leath an chéaduair, agus a dhul síos agus an leath eile a bhaint annsin
TUILLEADH (11) ▼
Níl domhainn ar bith is na portaigh atá againne. Bhainfeá an tríomhadh barr ionnta ar éigin. Dheamhan ceo leis
Ná bac le domhainn 'sa talamh sin! Tá tú go leic ar an bpuínte
Is beag an domhainn chor ar bith atá 'sa ngarrdha thiar. Tá an chloch leis is 'chuile áit ann
Leacachaí uiliog atá in íochtar an bhaile. Níl a ndóthain do dhoimhne (domhainn freisin) ionnta le cur
Ní mórán domhainn chréafóige atá annsin chor ar bith. Beidh tú go gaineamh ruadh ann le dhá spreab
Má fhaghann tusa an domhainn ann, sin é a bhfuil uait.
Níl a fhios cé'n domhainn atá 'sna portaigh sin. Portaigh easca. Chuaidh mise naoi mbarr cheana 'sa gcloigeann i bhfus de mo phortach féin, agus ní raibh tús ná deireadh leis
Níl ort a dhul ann ach domhainn na láighe nuair atá tú ar an mbonn dubh sin: bonn móna. Is dóigh gur talamh móna a bhí ann roimhe seo.
Cé'n domhainn a chuaidh sibh ann? (nó cé'n doimhneacht a chuaidh sibh ann)
Is olc an áit roillice é sin, dar fiadh. Níl domhainn ar bith 'sa talamh sin
Caithfidh tú domhainn (doimhneacht) a chur ann thairis sin
deireannas.
·
Ní shásuigheann uair ar bith é a bheith amuigh ach ar dhomhainn na h-oíche = amach deireannach nó i lár na h-oíche
Céard a bhíos sé a dhéanamh ag ruathrúch mar sin ar dhomhainn na h-oíche. Shílfeá go mbadh chóra dhó a bheith in a chodladh
2.
i lár áite.
a.
+
Bhí mé amuigh indomhainn an criathraigh uiliog, nuair a ghoin m'aire mé. Ach bhí sé mall agam an uair sin a theacht ar ais = amuigh i lár an chriathraigh; i bhfad amach ar an gcriathrach
Déanann siad amach ar dhomhainn an chriathraigh uiliog é, amach taobh amuigh de chlochar É.
TUILLEADH (2) ▼
Má theigheann tú isteach indomhainn na h-easca sin, tá an tseamair Mhuire agad, má fhéadann tú a theacht amach. Tá sí sin cho bog le gruth fút
An té a ghabhfadh amú ar dhomhainn na gcriathraigh sin ar cheo, ghabhfadh sé righte leis a theacht slán as
b.
ar an meath-mhóir; i bhfad amach is an bhfairrge; ar chaoláire na Gaillimhe, bheitheá ionann agus leath cuain (leath bealaigh treasna idir Gaillimh agus Condae an Chláir sul a mbeitheá ar an domhainn).
+
Bhí muid amuigh ar an domhainn, ach, má bhí féin níor eirigh faice linn
Ní bheadh sí indon a bharraidheacht ar an domhainn in a dheidh sin. Bíonn brachlainneachaí móra fairrge ann leithide an lae indiu
TUILLEADH (3) ▼
Má tá fút a dhul ar an domhainn níor mór dhuit cuid is mó na sin de dhorugha. Cúig nó sé d'fheadhanna eile
Dhá n-eirigheadh sé dhuit ar an domhainn, dheamhan cladach a d'fheicfeá go ndéanfadh Dia Diarmuid díot. Ná baoghal a bheadh ort!
Feicim dhá churach amuich ar an domhainn. Cé h-iad féin meastú?
·
Is deas é mo churachóir muis! Dheamhan a chos sin a thiubharfadh an domhainn amach air féin dhá bhfághadh sé Éire bronta air
Thug sé an domhainn amach air féin 'sa mbáidín iomramha ar maidin. Ní fheicim anois chor ar bith é
·
Chaithfeá a dhul amach ar an domhainn mhóir (amach an-fhada) le iasc mór mar sin a mharbhú. Ní thaobhuigheann na cnúdáin ná na colmóirí ná na brain an cladach chor ar bith
Thosuigh an bheirt ag iomramh in aghaidh a chéile: duine aca dhá cur go Condae an Chláir, agus an duine eile isteach. Sílim gurb é M. B. a bhí ag iarraidh a dhul go Condae an Chláir. D'eireochadh dhó: bhí bara na h-imirce ariamh faoi … Céard sin ort? Nach raibh siad amuigh ar an domhainn mhóir — cuid is mó ná leath cuain
·
Ní leigfeadh an faitíos dó a dhul amach ar dhomhainn an chuain sin, ní áirighim a dhul ar dhomhainn sean-fhairrge = (domhainn na sean-fhairrge = amach uile go léireach ó'n talamh is fuide siar in Éirinn .i. ó Leitir Mealláin, nó Árainn nó Iorras Ainneach nó Iorras Mhór)
Tháinic sé ina lom gaoithe adtuaidh orra, agus cuireadh amach ar dhomhainn na seiscinne iad. Leig siad do'n churach imeacht 'sa bhfeacht faoi thoildeona Dé

Féach freisin

Domhainn in iontrálacha eile (6)

 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneál istigh, ach ag boithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharbhuigh sé é, agus thug sé 'chuile dhíol air, go minic. Chodluigheadh sé ins an gcró leath na n-oícheannta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an dorus. Bhí bó aige l'aghaidh laoigh an oíche seo agus b'éigin dó fanacht in a shuidhe dhá cíonn. Tháinig an mac domhainn ins an oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoid' ar bith an uair seo air — bhí sé sáruighthe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiaguidhe dubhairt sé an oíche seo leis gan droch-mhúineadh ar bith: "is fhearr leat ag boithreoireacht agus ar do chuid drabhláis" adeir sé "ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt do'n bhó, i leabaidh t'athair bocht a bheith caillte annseo dhá cionn." Níor dhubhairt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaidh an t-athair a chodladh as sin go maidin. An uair a d'eirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach ins an teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suím aimsire agus gan tuairisc ná fáirnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriocá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon-láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an "railway". 'Sé an focailín sin adubhairt a athair a spadhar é, i gcruthamhnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
 
Bain dlaoinín as drioball an mhadadh an chéad lá eile, agus cuir leis é. Nach maith domhainn a chuir sé na fiacla ionnad ar aon-chor
 
Mara mbeidh an poll sáthach domhainn ní thiocfaidh driúillíní ar bith air … níl a fhios agam. B'fhéidir go dteagann
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin 'sa lag pholl tá dubhach annsin. Bíonn mar a bheadh ola ann as a cionn, agus an dúbhach thíos in íochtar. I sean-phortaigh is fhearr a gheobhfá í. Is mór a tóigeadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean lag-phuill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaghadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láighe nó sluasaid agad, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go h-iochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna láigheanntaí, mar bhíodh an-domhainn i gcuid de na puill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agad, chaithfeá an láib a bhaint aiste: ní thiubharfá abhaile leat ach an dubhach. B'fhurasta aithinte an dúbhach. Ní bheadh ort ach a diúrnadh, agus a tabhairt amach ó'n gcuid eile de'n lathach. D'fheicfeá an mearbhall innte i gcomhnaí. Thugadh muid abhaile le ancoird nó le buicéid nó le tubáin, nó rud ar bith ba thúisce agad í. Chuirfeá síos an olann annsin i bpota in éindigh leis an dubhach agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uiliog í. Níor mhór de'n olann a bheith bruithte as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (dionnóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh ní dhathóchadh do chumhachta í. Ní bheadh aon-ghlacadh aice leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an teine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneál brúighte agus measctha. Chaithfeá amach annsin ar chiseoig í, agus nighfeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh annsin í nó go dtriomuigheadh sí. Í a spíonadh annsin. Ba shin é an deis le dath dubh a thabhairt uirre. Dhá mbeitheá ag iarraidh dath buidhe … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
 
Is deacair S. a bharruidheacht chor ar bith. Tá sé an-dúnárusach. Níl a fhios ag aonduine céard a bhíos in a chloigeann, má bhíonn tada ann. Ach bíonn. Tá sé an-domhainn, ach leis an mbealach dorcha dúnárusach atá leis, ní bheidh a fhios ag aonduine choidhchin cé'n intinn atá aige
 
Mara bhfuil an domhainn agus an triomach 'sa dubhrabhán, ní fiú dhuit a rádh go mbeidh aon-mheangail air, is cuma cé'n leasú a ghabhfas air. Chonnaic mé annsin thuas anuiridh agam iad 'sa nGarrdha Páirteach …