Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlaoinín
ainm-fhocal
geineamhnach uathaidh an dlaoinín
ainmneach iolraidh: dlaoiníní
dísbheagadh ar dhlaoi: maistí agus rúsc slata nó fidheog go h-áirid.
a.
maiste.
+
Is mór an tseanmóir thú 'chuile ré solais ag iarraidh dlaoiníní (dlaoithíní). Breagh nach gcoinnigheann tú dearg é nuair a bhíos sé dearg agus gan a bheith ag sárú na ndaoine leis
Torm (tabhair dhom) dlaoinín as sin go ndéanaidh mé maiste
TUILLEADH (2) ▼
Figh na dlaoiníní sin uiliog in a ndual, agus teirigh síos agus las dom iad l'aghaidh maiste do mo phíopa
Is beag an dlaoinín a theangóchadh leis sin anois 'nuair a phléascfadh sé agus a chuirfeadh sé an teach sin in aer. Dia aithnighear! Coinnigidh amach uiliog uaidh, nó go dtugtar amach as an teach é
b.
stiallannaí den fhorchraiceann nó de'n rúsc a bhíos ar shlata sailighe, nó saileánaighe, nó ar fhidheogaí.
·
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
+
Deir tú leis atá ag cur rópa dlaoiníní ar an gcoca. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé duine ar bith is na bólaí seo dhá dhéanamh sin cheana, ach is daor an spóilín é rópa ruadh anois, chreidim. In aice sin, tá neart na bhfidheogaí buailte air annsiúd
Dlaoiníní slat iad seo! Cé a bhí ag ciseadóireacht? … T. Mh. Huga leat! Ciseadóir maith é mh'anam agus caoladóir maith freisin
TUILLEADH (3) ▼
Caithigidh amach as an mbealach na dlaoiníní sin mara bhfuil sé de stuaim igceachtar agaibh rópa a dhéanamh dhíob. Níl aon-ghnatha annsin aca
Chonnaic mé rópa dlaoiníní ar mhuic ag S. Ó M. thoir ar an aonach an lá faoi dheireadh. Diabhal a leithide de rópa! B'fhearr é na róipín rúinne (róinne) ar bith. Bhí fuinneamh ann nach gclisfidh go lá speirthe na gcut
Gabh suas agus bain bruibh agus déan rópa dlaoiníní. Annsin féadfaidh tú ceathramhnaí a chur orra. Diabhal a mbeadh basctha de dhlaoiníní na slata, dhá mbeadh fear maith stuama len a ndéanamh, ach níl goir ná gaobhar aige ar na bruibh in a dheidh sin fhéin. Tá an teacht aniar indlaoiníní an bhruibh
c.
+
Bain dlaoinín as drioball an mhadadh an chéad lá eile, agus cuir leis é. Nach maith domhainn a chuir sé na fiacla ionnad ar aon-chor
Dhá mbainteá dlaoinín as drioball capaill, dhéanfadh sé an-ghlinne dhuit
TUILLEADH (3) ▼
Cé'n chaoi a bhféadfaidh mise dlaoinín a bhaint as drioball an chapaill agus cho h-oilbhéasach agus atá sí. B'fhéidir gur iarraidh isteach ar an mbéal a thiubharfadh sí dhom
Cé'r ab as a dtáinic an dlaoinín seo 'san im. Chuirfeadh sé col ar dhuine
Meastú nuair a bhí mé ag ithe builín a tháinic aniar ó tigh P. L. an lá cheana nach bhfuair mé dlaoinín istigh ann. Gruaig an bháicéara is dóigh

Féach freisin