Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlaoinín
ainmfhocal
ginideach uatha: an dlaoinín
ainmneach iolra: dlaoiníní
díspeagadh ar dlaoi: maistí agus rúsc slata nó fióg go háirid.
a.
maiste.
+
Is mór an tseanmóir thú chuile ré solais ag iarraidh dlaoiníní (dlaoithíní). Breá nach gcoinníonn tú dearg é nuair a bhíos sé dearg agus gan a bheith ag sárú na ndaoine leis
Tabhair dhom dlaoinín as sin go ndéana mé maiste
TUILLEADH (2) ▼
Figh na dlaoiníní sin uileag ina ndual, agus téirigh síos agus las dom iad le aghaidh maiste do mo phíopa
Is beag an dlaoinín a theangódh leis sin anois nuair a phléascfadh sé agus a chuirfeadh sé an teach sin in aer. Dia aithnítear! Coinnígí amach uileag uaidh, nó go dtugtar amach as an teach é
b.
stiallannaí den fhorchraiceann nó den rúsc a bhíos ar shlata sailí, nó saileánaí, nó ar fhiógaí.
·
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mura anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
+
Deir tú leis atá ag cur rópa dlaoiníní ar an gcoca. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé duine ar bith sna bólaí seo dhá dhéanamh sin cheana, ach is daor an spóilín é rópa rua anois, chreidim. Ina aici sin, tá neart na bhfiógaí buailte air ansiúd
Dlaoiníní slat iad seo! Cé a bhí ag ciseadóireacht? … T. Mh. Huga leat! Ciseadóir maith é mh'anam, agus caoladóir maith freisin
TUILLEADH (3) ▼
Caithigí amach as an mbealach na dlaoiníní sin mura bhfuil sé de stuaim i gceachtar agaibh rópa a dhéanamh dhíobh. Níl aon ghnaithe ansin acu
Chonaic mé rópa dlaoiníní ar mhuic ag S. Ó M. thoir ar an aonach an lá faoi dheireadh. Diabhal a leithide de rópa! B'fhearr é na róipín ruainne ar bith. Bhí fuinneamh ann nach gclisfidh go lá speirthe na gcat
Gabh suas agus bain broibh agus déan rópa dlaoiníní. Ansin féadfaidh tú ceathrúnaí a chur orthu. Diabhal a mbeadh basctha de dhlaoiníní na slata, dhá mbeadh fear maith stuama lena ndéanamh, ach níl gair ná gaobhar aige ar na broibh ina dhiaidh sin fhéin. Tá an teacht aniar i ndlaoiníní an bhroibh
c.
+
Bain dlaoinín as drioball an mhadaidh an chéad lá eile, agus cuir leis é. Nach maith domhain a chuir sé na fiacla ionat ar aon chor
Dhá mbainteá dlaoinín as drioball capaill, dhéanfadh sé an-ghlinne dhuit
TUILLEADH (3) ▼
Cén chaoi a bhféadfaidh mise dlaoinín a bhaint as drioball an chapaill agus chomh hoilbhéasach agus atá sí. B'fhéidir gur iarraidh isteach ar an mbéal a thabharfadh sí dhom
Cérb as a dtáinig an dlaoinín seo san im. Chuirfeadh sé col ar dhuine
Meas tú nuair a bhí mé ag ithe builín a tháinig aniar ó tigh P. L. an lá cheana nach bhfuair mé dlaoinín istigh ann. Gruaig an bháicéara is dóigh

Féach freisin