Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Domblas
/dumlus/
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh; domblais.
sórt rud a bhíos ar aobha beithidhigh; galra beithidheach.
a.
+
"Domblas mór. Má bhíonn an giolla duilleach cho cruadh leis an gcloich, agus buinneach taobh amuigh dó. Ní leághann an giolla duilleach é chor ar bith. Bhainfeadh neart purgóideacha as é. Bíonn na h-aobha agus na scamhógaí ag imeacht lobhtha mar bheadh gruth buidhe. Tá a fhios ag búistéaraí paiteanta 'chuile shórt faoi" (ó Mháirtín Ó Chadhain Cnocán Glas, Spidéal, Gaillimh)
"An domblas mór: bíonn beithidhigh agus caoirigh agus capaill lobhtha leis" (ó m'athair)
TUILLEADH (8) ▼
"Tá domblas is 'chuile shórt: induine agus i mbeithidheach. An domblas mór: attann cnapáinín atá istigh ins an méadail" (ó Mhícheál Ó Cheannaigh — Cearnmór, Baile an Chláir)
'Ar ndú, seadh!: tá domblas uirre: buinneach a bheadh ar bhó agus nach n-eireochadh sí léithe. Bheadh sí tolgtha taobh istigh" (ó Bheairtle Ó Fhlaithearta, Camus, Casla, Conamara)
"Tá domblas istigh ar aobha [na] bó. 'Cheal nach bhfaca tú ariamh é! Atann sé sin, agus déanann sé domblas mór. An bhó a dtiocfaidh sé uirre, mara gcuiridh purgóideachaí aiste é, droch-sheans atá aice a theacht uaidh. Bhuail sé bó liomsa annsin an bhliain cheana agus chaith mé an tsíorraidheacht léithe, ag tabhairt 'chuile shórt di, ach dheamhan maith a bhí ann. Thug mé an "vet" go dtí í, agus th'éis lán laidhre a thabhairt dó, dheamhan maith a rinne sé dhi" (ó Bheairtle Ó Fhlaithearta, Camus, Casla)
Tá sé ag séideadh in a dhomblas mhór uirre. Má sin é atá uirre muis, dheamhan a fhios agam céard adéarfainn léithe. Is deacair leo a theacht as sin
Ag iarraidh purgóid' atá mé ag dul, l'aghaidh bó atá agam a bhfuil an domblas mór uirre
Ní hé an domblas mór a thug aon-bhás di. 'Nuair a d'oscail muid í, bhí buiric ar na h-aobha. Bhí an domblas athta orra, ach ba bheag é. Bhí rud eicínt eile uirre freisin. Ach chreidim gurb é an cás céadna é. 'Nuair nach mbíonn siad ag dul do dhuine, tá rud ar bith indon bás a thabhairt dhóib
Bhí capall agamsa annseo uair: ceannfhinn a bhí uirre. Cailleadh í leis an domblas mór. B'fhada a [bhí] sí idir-chamánaí agus gan fios ar theacht nó imeacht di. Ach níor dhubhairt an luighe fada bréag ariamh. D'imigh sí ins an deireadh
Ní fhaghann an oiread aca bás leis an domblas mór anois agus a d'fhaghadh fadó. Tá purgóideacha níos fhearr ar an saoghal seo.
b.
rud an-searbh.
+
Domblas a thug siad do Mhac Dé 'nuair a bhí sé ar an gcrois aca. Bhí na Ghiúdaigh go h-olc a dhearbhráthair mo chroidhe thú
Ní fuisce a thiubharfadh sé len ól do Ph. ach domblas dá bhféadadh sé, ach caithfidh sé é a choinneál leis anois nó go mbeidh an tuairt seo thairis
TUILLEADH (2) ▼
Meastú nachar tháinic sé isteach indé ag iarraidh deoch uisce, ach ní uisce a gheobhfadh sé uaimse ach domblas dá mbeinn istigh roimhe. Ba bheag an luadh a bheadh aige a theacht isteach 'nuair a d'fhéadfadh sé fáirnéis eicínt a thabhairt dúinn faoi'n gcúirt. Baoghal air. Tá sé sin sáthach imeartha agus fios maith aige faoin a bhealach féin
Dhá mbadh domblas anois é, gheobhaidh sí len ól é! Dheamhan baoghal orm a dhul ag cur aistear orm féin go dtí an tobar, ná cuid de bhaoghal
c.
brón, buaidhreadh; fuath; searbhadas; seirbhthean; olc; faltanas; gangaide.
+
Tá an domblas in a croidhe sin = tá sí olc, gangaideach, fealltach, nó buadhartha
Chuaidh an domblas in mo chroidhe an lá a raibh siad in a gcionntsiocair le mo mhac a mharbhú
TUILLEADH (6) ▼
Sin í an ceann a bhfuil an domblas innte. "Faraor" adeir sí "nach bhfuil 'chuile dhuine ar an bhfeádhain aca ag dul ins an áit a bhfuil sé sin ag dul", agus í ag breathnú ar an gcorp ag casadh ceann an bhóithrín
Is beag an dochar de'n chréatúr an domblas a bheith innte. Fuair sí a ábhar: a fear agus a triúr mac a chur in aon-bhliain amháin. 'Ar ndú' 'sí is fhearr ar bith nach bhfuil sí thíos 'sa talamh fadó
Tá a díol domblais innte dhá bhféadfadh sí aon-cheo a dhéanamh, ach ní fhéadann
Dheamhan maith dhuit ag caint mar sin. Tá an oiread aithne agamsa uirre agus atá agadsa, agus níor chuala mé aon-fhocal domblais ar a teanga ariamh. Chítear dhomsa go bhfuil sí cho feilmheanach le aon-bhean dhár casadh orm ariamh
Is furasta a aithinte go bhfuil an domblas 'sa gcroidhe aige. Marach go bhfuil ní shin í an chaint a bheadh air. Tuige nachar chuir duine eicínt agaibh in a thost é … muise go leigidh Dia a shláinte do Pheadar. Sin í an chaint chéadna le rádh leis
Duine a chonnaic an oiread de'n tsaoghal leis sin, agus ar cuireadh an oiread sin treampáin air, is suarach an t-iongnadh go bhfuil sé doscúch, agus go bhfuil an domblas ins an gcroidhe aige. Dhá bhfaghainnse ná thusa a leath-oiread údair, ba sheacht measa a bheadh muid
d.
ceas.
+
Chuir sé é féin 'un domblais leis = chaith sé an iomarca dhe (beatha, ól, earra ar bith, damhsa, spraoi agus rl.); tháinic ceas air dhá bhárr
Beannacht Dé dhuit! Chuir muid muid fhéin 'un domblais le'r ól muid. Beidh a shliocht air: is fada aríst go dtaobhuighidh cuid againn aon-teach ósta
TUILLEADH (7) ▼
Chuir sé é féin 'un domblais le'r ith sé de runnachaí úra. Luigh sé ar an leabaidh annsin gur chodail sé smailic. D'eirigh sé taca an seacht a chlog agus fuair sé gabhair Sh. 'sa tsail. Bhuel chuirfeadh sé na diabhail de'n Chruaich ag eascainí, agus air fhéin is mó a bhí sé dhá dhéanamh agus ar na runnachaí
Sé'n fáth domsa gan aon deoir a ól: bhí mé Domhnach annseo, tá naoi nó deich de bhlianta ó shoin, agus casadh ag "stillhouse" ar an Mh. M. mé. Bhí an iarraidh críochnuighthe go díreach aca: muintir Mh. Á. D'ól mé an oiread dhó agus gur chuir mé 'un domblais mé féin leis shul ar fhága mé an"stillhouse". Anoir tigh Mh. Á. linn annsin, agus d'fhan mé ann an lá sin agus an lá in a dhiaidh, agus mé tuithte dállta i gcaitheamh an achair. Ní raibh mé agam féin ceart go ceann míosa. Dubhairt mé liom fhéin hébrí céard a dhéanfadh Dia liom nach mblaisfinn d'aon-deoir phoitín aríst go bráth
Ara ná bac leis sin! Chuir sé é féin 'un domblais le mná, le ól, le spóirt agus 'chuile chineál drabhláis as tús a óige, agus níl sé a iarraidh anois ach suaímneas
Eirigheamuid as an damhsa anois go ceann míosa nó cupla mí, nó cuirfeamuid muid féin 'un domblais leis.
Chuir mé mé fhéin 'un domblais leo annseo an bhliain cheana. Níl aon-oíche 'san aer nach mbínn ag cochallóireacht, ach d'eirigh mé asta ar fad ó a phós mé. Is deas blasta an béilí í eascann muise scaithtí
Ní chaithfidh mé níos mó. Chuir mé mé fhéin 'un domblais leo mar "fags" aréir. Is leath-meisce ar dhuine iad agus é ag ól
Cuirfidh tú thú fhéin 'un domblais lena mná mara dtugaidh tú scíth dhuit féin. Nach ndéanfadh cupla oíche 'sa tseachtain thú, agus gan a bheith sáithte in éindigh léithe 'chuil' oíche