Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Domhnuidheacht
ainm-fhocal; boineann
uathaidh amháin
go leor; a lán; iomadamhlacht; an domhan agus a mháthair; an t-uathbhás; tír agus talamh (má's daoine atá igceist); an-lear go deo; dalladh; neart; foracún mór.
+
Bhí an domhnuidheacht daoine ann = go leor, leor
Beidh an domhnuidheacht sagairt agus daoine móra ar a shochraide sin. Airigheann siad rud aige. Is beag an baoghal go dtaobhóchadh siad C. Ph. Mh. (fear bocht) dhá mbeadh sé as cionn cláir, ní ag tabhairt gutha ar a bhás é an fear croidhe. Ach cá bhfios do'n té sin. B'fhéidir do Ch. Ph. Mh. a bheith ag imeacht in a chóiste cinn cho maith leis an duine is fhearr aca shul má gheobhas sé féin bás. Agus go dtugaidh Dia dhó!
TUILLEADH (4) ▼
Bhí — an domhnuidheacht. An domhnuidheacht tincéaraí atá mé a rádh: ní hé a maltraid (malrait) a bhí ann. Bhí snaidhm de mhaide buailte ort ag 'chuile choirnéal. Is maith a chuaidh mé as nar marbhuigheadh mé. Deirimse cruinneál (cruinniú) leat: cruinneál tinncéaraí!
Bhí an domhnuidheacht annseo ins an "Local" (L.S.F.) an uair a thosuigh siad idtosach. Cuid aca splanctha go dteighidís ann faitíos a gcaillfidís an "dole". Ach shílfeá nach mó ná sin a thaithnigh leo th'éis tamaill. D'fhuaruigh siad as aríst. Bhí sé ann ariamh ins an saoghal — fear an dá chroidhe
Tá an domhnuidheacht de na Curraoinigh ar an mbaile sin. Fir bheaga staiceáilte agus "musteaisín" ruadh ar 'chuile dhuine aca agus meanaí as a súile (coinneal le olc ins na súile aca)
Tá an domhnuidheacht saighdiúir siar faoi Chonamara ag baint mhóna, adeir fear aniar liom, a casadh liom i nGaillimh indiu. Thar tír isteach uileag iad. Deir sé freisin nach bhfuil an chuid is mó aca ag tabhairt cuma bainte ar bith uirre, ach 'ar ndú (dar ndóigh) déanfaidh sí má shásuigheann sí a gcuid comhairleachaí fhéin, agus sásóchaidh, mar sé cuid an bheagáin atá a fhios aca sin faoi mhóin ach an oiread.
+
Tá an domhnuidheacht airgid aige = an-lear
Tá an domhnuidheacht leabhar aige sin. Má tá a bhfuil ionnta in a chloigeann níl righeachan go deo leis le foghluim, ach sílim gur mó atá ins na leabhra dhi ná in a chloigeann. (D)ar ndóigh arsa tusa ní thillfeadh tada in a mhullach scine siúd — tá sé cho caol sin
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an domhnuidheacht bheithidheach aige cho uain agus bhí sé ar an gC. G. Bhí sruth agus gaoth leis an uair sin, ach ní go maith a chuaidh an imirce dhó, ní dhá roint leis é. Le neart sainte agus grádh do'n airgead a d'imigh sé as — ag tnuthán le tuilleadh a dhéanamh — ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Ní bheadh a fhios agad ar nós mar deir an fear fadó cé's sonaidhe taobh de'n chlaidhe ná an taobh eile
Deir siad go bhfuil an domhnuidheacht bheatha ag toidheacht go Sasana anois — go bhfuil sé ag cínnt ar an "German" soitheach ar bith a chur síos. Is furasta a aithinte scáth a bhfuil d'imeacht ar na beithidhigh
Leagadh an domhnuidheacht mhór de thighthe i mBelfast an t-am údaidh ar chaith na Gearmánaigh anuas air. Bhí sé ins an bpáipéar an lá cheana, ach inDomhnach anois, ní chuimhnighimse cé mhéad. Ba seó (show?) shaoghalta é ar chaoi ar bith
Tháinig an domhnuidheacht raic (wrack) annseo ar thús an chogaidh, ach 'sé cuid an bheagáin atá ag teacht anois. Ara cé'n mhaith a bheadh do dhuine a dhul dhá tóruigheacht dhá mbeadh sé taobh len a dtugann na póilíos de cheathramha shábhála uirre. Ceo ar bith ach dhá bhféadainn a coinneál dom fhéin fhéin go mb'fhiú dhom a dhul ag cur aistear an chladaigh orm féin deireadh oíche. Ach inDomhnach chreidim gur fíor dhuit é: ní fhaghann duine ar bith breith a bhéil féin
·
Tá an domhnuidheacht le déanamh agam agus gan agam ach mé féin. Meastú an bhfuil fear aonraic indon freastal do phortach, do chladach agus do gharrdha. Mo choinsias níl!

Domhnuidheacht in iontrálacha eile (1)

 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!