Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dólámhach
1.
+
Chinn sé dólámhach orm é a dhéanamh (Rosmuc) = amach agus amach; thar éis mo dhíchill; chinn sé dólámh orm (Spidéal)
Chinn sé críochnuighthe dólámhach orm é a thógáil, té (cé) go ndeachaidh mé fhoisceacht rud ar bith dhó. Ach ní fhéadfainn a chur ar bruach th'éise sin, dhá naomhtaí mé
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé ag cinneamhaint críochnuighthe dólámhach orainn ceart ar bith a bhaint dhe. Má chuirtear comhairle ar bith air, is mian leis a dhul ar achrann. Níl a fhios agam ó neamh na néal céard a dhéanfas muid leis
D'fhéach sé mé dólámhach a chur in aer 'léis (tar éis) nach cheal a shaothruighthe é. Ach tá an-scráib-neart ann. Agamsa atá a fhios é
Chinn sé críochnuighthe dólámhach ar J. an bulán a chur amach as an ngarrdha, th'éis cho danra agus a bhí sé in a éadan. Leag sé trí bhearna dhó, ach ní ghabhfadh sé amach i gceachtar aca ach soir agus siar an garrdha, nó go raibh J. sáruighthe ceart aige. Annsin bhí ath-obair air, ag árdú na mbearnaidheachaí aríst. D'imigh leis go nglaodhfadh sé ar chongnamh. Ach ní raibh sé bailighthe anuas lúibinn an bhóithrín nuair seo anoir an bulán, agus leagann sé brúisc de'n chlaidhe agus amach leis gan iarraidh gan athchuinge!
Chinn sé críochnuighthe dólámhach ar J. Bh. "lorry" a thabhairt 'sa mbóithrín sin cheana agus ó thárla nach dtug sé sin ann é, tá sé fánach ag aonduine eile a thabhairt ann. Ghabhfadh J. le "lorry" ar dhroichead spioróide. Tá an bonn uilig ag craitheadh faoi, ach 'ar ndú' is furasta aithinte agus é déanta ar thonn-fhriuchóig
2.
+
Tá sé dólámhach dhá dhéanamh = tuineanta, díocasach, díbhirceach, dícheallach, ar a shean-neart, go dubhshlánach
Is togha fear oibre é. Coinneochaidh sé leis go dólámhach
TUILLEADH (5) ▼
Is diabhaltaí dólámhach a chaith sé in éadan na gclochar sin suas, nó gur réidhtigh sé amach idtigh diabhail iad. Dar fiadh 'sé atá i riocht bail ó Dhia air. Tá mé ag ceapadh nach n-iarrfadh sé aon-scith dhá lá a shaoghail ach ag ordlaidheacht (/əurʟīxd/)
Tá sé dólámhach ag scrathadh portaigh indiu. Bainfidh sé móin anois mar déarfá leis é, go ceann seachtaine agus fágfaidh sé caithte ina cora annsiúd í gan aon-scaradh choidhchin. Sin é an rud a ghníos sé 'chuile bhliain beo
Ghléas sé an capall agus amach leis dólámhach len a cur faoi'n gcarr: capall nach raibh faoi aon-charr ariamh. Ní raibh aon-mhaith é a bhacadh. Dar príosta, bhain sé a ceann di in a dheidh sin, agus gan duine na deoraidhe aige ach é féin
Tá sé ag foghluim dólámhach. Dhá bhfeictheá annsiúd é agus a chual leabhar aige in éadan an bhuird agus ní bhreathnóchadh sé ort, dhá mbeitheá ag marbhú mairt ach ag foghluim leis
Shílfeá go bhfuil sé thíos ag saothrú sléibhe dólámhach. Dar fiadh muise féachfaidh an mhuing siúd leis é freisin. Sí atá deas air
+
Tháinic sé isteach an oíche faoi dheireadh, agus bhí na gearrbhodaigh seo thíos istigh ar cuairt. Ní raibh sé mórán leis an naoi a chlog. Spréach sé. D'fhuagair sé go raibh sé thar am codlata. Shílfeá go dtiubharfadh sé na diabhail de'n Chruaich ag strócadh ag iarraidh an pháidrín a rádh. Chuaidh na gasúir ar a nglúine. Shíl siad gur páidrín dólámhach a bhí sé le rádh … = go raibh sé len a rádh as dubhshlán, agus go n-abróchadh sé é, ba chuma cé'n treampán a chuirfí air
An claidhe dólámhach atá tú ag brath air a dhéanamh annsin? Cé'n tsamhaoine dhuit thú féin a mharbhú leis. Nach bhfuil a fhios agad gur gearr go mbainfidh tú stangadh asad féin le na clocha móra sin, mara nglacaidh tú t'ionbhadh nó go bhfaghaidh tú congnamh. M'anam nach ceird do dhuine a bheith in a scanrachán mar sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag déanamh bóthair dólámhach isteach 'sna garrantaí thoir. Má tá féin, ní gan í gan ó é. Tá clocha i dtalamh annsiúd agus ní bhainfidh a cheann-finne iad. Ach beidh sé siúd ag tuineamh leo nó go gcuiridh sé as ar uain nó ar éigin iad. Tá sé an-dubhshlánach nuair a chaitheas sé rud in a chloigeann

dólámhach in iontrálacha eile (1)

 
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin, nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo dórainneach go leor. Measaim é. Níl goir ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saghdtha ionnta agus iad ruaigthe idtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a choisint. Roimhe seo ní chuirfeadh sé aon-araoid go deo ar bheithidheach a chasfaí ann, ach m'anam nach hé sin dó anois. Tá an-lear sléibhe aca annsiúd freisin: an domhan bráthach. Is beag a d'aireochaidís corr-bhearradh a leigean le Muintir L., nach bhfuil aca ach dhá spreab ar easca