doicheallach
—aidiacht as doicheall agus an chiall chéanna leis
1.
+–
"Má tá muid cúng, níl muid doicheallach" — má tá an teach beag, is cuma sin; tá fáilte againn roimh an té a thiocfas; má tá muid taobh le beagán bídh, airgid, nó córach, ní bheidh muid go dona faoina bhfuil againn. Roinnfidh muid go fial flaithiúil é
Má tá muid cúng, níl muid doicheallach. Is beag an áit a síleann an carthanas arsa tusa — bhí teach cúng aige, ach b'áil leis a chur i gcéill nach raibh croí cúng acu, agus ó tharla nach raibh, ba bheag an áit a dhéanfadh cairdí
TUILLEADH (5) ▼
Deasaigh anuas anseo agus déan do ghoradh. Gheobhaidh tú anseo é, chomh maith agus atá sé againn féin. Má tá muid cúng, níl muid doicheallach
Gheobhaidh tú lóistín na hoíche uainn, dá gcaitheadh duine againn féin fanacht ina shuí. Níor chuir m'athair aon duine amach ariamh, agus dheamhan a ndéanfaidh mise anois é. Má tá muid cúng féin, níl muid doicheallach
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach prochóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Théadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. Nuair a theagadh muid faoin doras i gcónaí, sé an leathrann a bhíodh ag T. 'Doirtigí anuas a scorachaí. Má tá mé cúng, níl mé doicheallach.' Is minic a chonaic mé an teach sin lán go drad. Ní thoillfeadh duine eile ann. Is iomaí siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcónaí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach chomh híseal sin
Má tá muid cúng, níl muid doicheallach. Sin é a bhí J. Ph. A. a rá an oíche ar pósadh é. 'Brúigí isteach a fhearaibh. Má tá muid cúng, níl muid doicheallach.' Bhí an teach sách cúng gan dabht, ach m'anam go raibh a dhóthain fairsingeachta ann freisin dhá mbeadh aon cheo le cur ann. Fliuchadh a (ár) mbéil féin níor éirigh linn i gcaitheamh na hoíche. Ó dheamhan an striog!
Teagaidís isteach má tá rud le n-iarraidh acu, agus ná bídís ag codaíocht amuigh ansin. Má thugann siad iad fhéin le taispeánadh, beidh fáilte rompu. Má tá muid cúng féin, níl muid doicheallach
·
Is doicheallaí go mór é roimh a mhuintir fhéin ná roimh an strainséara. Diabhal mé go mbíonn an-chuntanós aige don strainséara; ach duine ar bith a theagas ag brú aon smearachán gaoil air, bíodh sé sin ar a shon féin. Níl aige ach a rá chor ar bith go bhfuil an gaol ann, agus gheobhaidh sé an bóthar amach. An cuimhneach leat anuraidh an t-am ar tháinig mac J. Sh. Bh. ann …
Hé brí céard a dhéanfas tú ná bí doicheallach leis. Cuir fáilte roimhe agus iarr isteach é, agus tairg cupán tae dhó. Ansin inis dó a bhfuil le rá agat, go mín mánla gan focal aranta ar bith. Ar a bhfaca tú ariamh ná téirigh chun drochmhúineadh leis mura gcinne ort. 'Sé an buille réidh an buille is fhearr
+–
Is doicheallach an diabhal é le dhul isteach aige. Dúirt mé "Dia ann" agus is beag le gur fhreagair sé mé. Rath na raithní air le caoi a bheith air
Is doicheallach an duine é siúd le marcaíocht a iarraidh air. 'Sé an fear is measa ar bóthar é faoina lorry. Is beag nárbh fhearr liom a dhul G. de shiúl mo chos ná a bheith ina chleithiúnas faoi mharcaíocht
TUILLEADH (3) ▼
Is doicheallach an stiúir a bheadh uirthi siúd sa leaba maidin sheaca. Nach í an séacla caillte í. Ní phósfainn í go díreach glan nó go bpósainn an bhornóg mhór sin thiar ag P., agus is fada a bheinn ag cuimhniú air sin
Diabhal fear faoin mbogha bán is doicheallaí ná é le tarraingt air. Doicheall uileag é. Téirigh isteach aige moch nó deireanach agus is é an cás céanna é. Bíonn gruaim air i gcónaí i gcónaí
Is doicheallach an mhaise dhuit anocht é. Tá tú in do dhris cheart. Nach breá nach mbeadh éisteacht eicínt agat le na daoine. Tá an cheird sin ceart go leor, ach náireofá muid dhá gcastaí aon strainséara an bealach
+–
Má théann tú siar chuig P. B. agus taoscán breá fuisce agat, ní hí fáilte an duine dhoicheallaigh a chuirfeas sé romhat, mise i mbannaí. Cá bhfaighidh sé cliamhain is fhearr ná thú, agus thú ag saothrú trí phunt sa tseachtain ar scím na móna
Tháinig sé isteach lá thiar i S. B. 'An bhfuil fáilte romham,' adeir sé. Sin leathfhocal a bhí aige. 'Tá,' adeir bean an tí, 'fáilte an duine dhoicheallaigh.' Níl a fhios agam ar dhúirt sí in aon turas í nó nár dhúirt, ach thóg seisean suas é, agus d'iontaigh sé amach aríst. Ba mhaith an oidhe an méid sin é. Bhí an iomarca nathaíochta agus cóirí catha ar fad aige
TUILLEADH (1) ▼
Más leat fáilte an duine dhoicheallaigh a chur romhat ann muis, abair go bhfuil mac Sh. Ph. ag dul chun cinn thar cionn abhus anseo. Is maith gasta deirimse leat, adéarfas sé go dtug tú h'éitheach. Ní luar leis an diabhal ná mac Sh. Ph. ó phós sé. Nach raibh sé ag iarraidh an mac s'aige féin a chur ann, agus chinn air. Sin é an faltanas atá aige don fhear eile, agus is neascóid ar a chroí a chloisteáil go bhfuil rath ar bith air
2.
+–
Is doicheallach an gotha atá ar an bhfarraige inniu. An bhfeiceann tú an bláth bán atá uirthi. Ní mórán dá fhonn a bheadh orm inniu m'aghaidh a thabhairt amach uirthi. Tá sí buille callóideach
Dar mo choinsias is maith doicheallach an spéir í sin thiar. An bhfeiceann tú na mótaí dubha sin. Ní éadáil mhór ar bith iad. Feicfidh tusa ina dhórtadh fós inniu é. Ach má bhíonn fhéin, is cuma linn. Tá muid os cionn ár gcuid oibre buíochas le Dia
TUILLEADH (2) ▼
Is doicheallach an chuma atá ar an sliabh sin suas le dhul suas ag iarraidh móna ann. Ní fheicfidh tú ar a mhalrait aríst é go dtí Lá Buí Bealtaine seo chugainn
Dhá mbeadh an bóthar chomh doicheallach anois agus atá na clagfharraigí atá thart faoin gCeann, ní fhéadfaidh muid loiceadh anois. Seo linn anois! Dhá dheannachtaí dhá bhfuil an bealach, bainfidh muid ceart dó (dhe) le cúnamh Dé. Rinne mise é oícheanta níos measa
Féach freisin
doicheallach in iontrálacha eile (1)
→
dídean
Dhá dhonacht dhá raibh an botháinín a bhí acu, ní raibh siad doicheallach. Gheobhadh sé dídean na hoíche ann agus thairg siad sin dó. Ach bhí sé rómhór ann féin le fanacht i mbráicín mar sin. Is dona a chuaigh an leithead dó muis, ní dhá roinnt leis é