Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Driseach
aidiacht as dris.
áit a mbeadh driseachaí ann.
+
Áit an-driseach (driseogach) é
Tá an ruta sin siar dubh-dhriseach. Breaclachaí agus crígheannaí ar fad é
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé achrannach driseach. Badh é mo chloch neart é mo bheanna a thabhairt liom as chor ar bith
Sin é an áit a bhfuil tabhairt-amach na mbroc ins na clochair dhriseacha sin siar. Rinne muid an-sladadh orra anuiridh ach tá an áit beo leo aríst. Ní féidir a gcoinneál ídighthe
Talamh driseach atá aige fré chéile. Dá nglantaí é siúd agus na driseachaí a tharraint as na lúdrachaí, dhéanfadh sé togha talamh cuir. Ach mo chreach mhaidne, ní réidhteochaidh sé siúd é

Féach freisin

dris

Driseach in iontrálacha eile (7)

 
danra
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha cairthighthe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas is' chaon dara sracadh; arae tá sé bratthuighthe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealuighthe amach as. Diabhal mórán féir a bhéas dhá bharr siúd
 
díle 1
Tá an roillig sin ann ó'n Díle. Bhí na naoimh innte sin. Tá cuid aca curtha innte. Thoir ins an áit a bhfuil na driseacha agus na neanntógaí anois, tá sean-leacrachaí. Annsin atá siad curtha
 
Tá an leath-bhaile a bhfus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leath-bhaile thiar níl fód istigh ar a fhuaid, ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mar mbeadh an caor caorthann sin ann, nó driseacha
+
dris
Níl aon-gharrdha ag gabhail linn nach bhfuil lom-lán le driseacha
TUILLEADH (3) ▼
Tá an garrdha gleannach anois in aon-charra amháin driseacha. Chonnaic mise an t-am nach raibh aon-dris ag gabhail leis, ach a mbíodh sé saothruighthe 'chaon tríomhadh bliain. Ach leig an fear seo atá ann anois i léig é. Is maith an stócáil nar mhór a dhéanamh ann anois, le go bhféadfaí a chur
Nach tráthamhail go gcaithfeá mo dhó beag a chriogadh. 'Chuile uair dhá gcuirim mámh ar bith anonn agad, 'sé an díol céadna a thiubharfas tú air. Nar thugaidh tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseacha!
'Bhfaca tú an iarraidh a thug an bitheamhnach do mo chuileata. Nar thugaidh tú do láimh glan ó do thóin ná do thóin ó na driseacha leat, maran tú atá tráthamhail le do ghadhar i gcomhnuí. Cé'n bhrigh ach mé taobh léithe. Chaithfeá, mo léan, a dhul ag fiachadh orm.