Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
driseach
aidiacht as dris
áit a mbeadh driseachaí ann.
+
Áit an-driseach (driseogach) é
Tá an ruta sin siar dubhdhriseach. Breaclachaí agus crígheannaí ar fad é
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé achrannach driseach. Ba é mo chlochneart é mo bheanna a thabhairt liom as chor ar bith
Sin é an áit a bhfuil tabhairt amach na mbroc sna clochair dhriseacha sin siar. Rinne muid an-sladadh orthu anuraidh ach tá an áit beo leo aríst. Ní féidir a gcoinneáil ídithe
Talamh driseach atá aige fré chéile. Dá nglantaí é siúd agus na driseachaí a tharraingt as na lúdrachaí, dhéanfadh sé togha talamh cuir. Ach mo chreach mhaidne, ní réiteoidh sé siúd é

Féach freisin

dris

driseach in iontrálacha eile (7)

 
danra
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha caithrithe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas i chaon dara sracadh; arae tá sé brataithe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealaithe amach as. Diabhal mórán féir a bheas dhá bharr siúd
 
díle 1
Tá an reilig sin ann ón Díle. Bhí na naoimh inti sin. Tá cuid acu curtha inti. Thoir san áit a bhfuil na driseacha agus na neantógaí anois, tá seanleacrachaí. Ansin atá siad curtha
 
Tá an leathbhaile abhus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leathbhaile thiar, níl fód istigh ar a fhuaid ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mura mbeadh an caor caorthann sin ann, nó driseacha
+
dris
Níl aon gharraí ag gabháil linn nach bhfuil lomlán le driseacha
TUILLEADH (3) ▼
Tá an garraí gleannach anois in aon chora amháin driseacha. Chonaic mise an t-am nach raibh aon dris ag gabháil leis, ach a mbíodh sé saothraithe chaon tríú bliain. Ach lig an fear seo atá ann anois i léig é. Is maith an stócáil nár mhór a dhéanamh ann anois le go bhféadfaí a chur
Nach tráthúil go gcaithfeá mo dhó beag a chniogadh. Chuile uair dhá gcuirim mámh ar bith anonn agat, 'sé an díol céanna a thabharfas tú air. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin leat ná do thóin ó na driseacha!
An bhfaca tú an iarraidh a thug an bithiúnach do mo chuileata. Nár thuga tú do láimh glan ó do thóin ná do thóin ó na driseacha leat, muran tú atá tráthúil le do ghadhar i gcónaí. Cén bhrí ach mé taobh léithe. Chaithfeá, mo léan, a dhul ag fiachadh orm