Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dris

crích (43)

 
Tá sé in am aige feasta an charcair mhór d'inín sin aige a chur i gcrích, ach chuile sheans go bhfuil sé ag cinnt air aon fhear a dhéanamh amach di. Tá an dream siúd mór iontub fhéin.
+
Ar chuir tú do chúis i gcrích? — i gcion; ar éirigh leat? An bhfuair tú an rud a bhí tú a iarraidh?
TUILLEADH (32) ▼
Théis a bhfuil faighte d'easonóir agam uaidh, chinn orm mo chúis a chur i gcrích ina dhiaidh sin.
'Bhris an bhodaíl thríd an mbodach théis a chúis a chur i gcrích' (leathrann filíochta atá ag na daoine)
Tá a chlann iníon fré chéile i gcrích aige.
Is maith atá an saol ag féithiú leis, má tá a chlann i gcrích fré chéile aige — pósta.
Má tá a chlann iníon i gcrích aige, bíodh sé buíoch do mhuintir Mheiriceá a choinnigh airgead spré leis. Murach sin dheamhan brat pósta a thiocfadh ar aon duine acub lena marthain — in Éirinn ar chaoi ar bith.
Fágadh ina baintreabhaigh í agus a háilín ar fad ar aon chéill, agus i nDomhnach, is maith a chruthaigh sí agus iad uilig a chur i gcrích — agus i gcrích faoi shlacht!
M'anam má tá siad i gcrích nach aon spré a bhí an t-athair in ann a thabhairt dóibh a d'fhága i gcrích iad, nach é sin. Dheamhan luach a bhéilí a chonaic muide ariamh aige. Ach ba mná piocúla treallúsacha na gearrchailí fhéin, agus níor mhór dhóibh sin, ar shon an leadaí is athair dóibh.
Tá comaoin in áirid duit sa teach sin muis, má théann tú ann. Ach d'éireodh dhóibh. Nach bhfuil dís ban óg, mar adeir an t-amhrán, le cur i gcrích ann fós, agus cá bhfaigheadh duine acub fear is feiliúnaí ná is pointeáilte ná thú fhéin bail ó Dhia ort!
Níl ann anois ach M. siúd — croitheadh an tsacáin, agus tiocfaidh sí sin í fhéin i gcrích go gairid.
Tá siad i gcrích uileag aici anois, cé is moite den inín is óige, ach is deacair í sin a shásamh faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fháil.
Chuaigh sí ó chrích — níor cuireadh i gcrích í; níor phós sí. Bíonn sé i gceist freisin leis, go dtiocfadh "cuileann gan dó" le bean; ach is annamh é. "Cuireadh ó chrích í", is mó adeirtear leis sin.
Mura bhfuil mé ag dul amú go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le fáil aici, ach níor thapaigh sí a deis. Ag dréim le boic mhóra a bhí sí i gcónaí, agus gan aon aird acub sin uirthi. Anois, tá sí fágtha ar an trá thirim.
Níl a fhios agam céard a bhain di chor ar bith a dhul ó chrích, mar a chuaigh sí. Deir siad go mba bean óg chomh breá í agus a d'fheicfeá in do shiúl lae. Tá a chomharthaíocht lena cois freisin. Tá sí inniu agus an lá sin amhlaidh.
Níl sí ó chrích fós, ainneoin go bhfuil sí amach go maith sna déaga is fiche. Gheobhaidh sí crannfhear mór Achréidh; gan aon choisméig siúil, a gcinnfidh air aon bhean a fháil sna bólaí s'aige fhéin.
A cuid leithid agus postúlachta fhéin a d'fhága ó chrích í agus ní hé a mhalrait.
Is maith a chruthós sí nó tiocfaidh sí ó chrích. Ní hé a mhalrait dhe chosúlacht atá uirthi anois. Tá an ghrian ag dul siar agus gan aon fhear dhá hiarraidh.
Chuir sé ó chrích í — chiontaigh sé léithe, agus níor phós sé í.
"Níor chlú dhuit mé a chur ó chrích" (líne d'amhrán)
Ní clú ar bith do dhuine gearrchaile mar sin a chur ó chrích.
Tá sí curtha ó chrích go brách aige anois, an scabhaitéara.
Tá ceann eile ann a cuireadh ó chrích fadó an lá. Fear as G. a bhí tugtha síos léithe.
Ní fhéadfadh an t-ádh a bheith ar aon duine mar sin a chuirfeadh gearrchaile bocht ar bith ó chrích.
Chiontaigh sé léithe, agus chuir sé ó chrích í.
Tá sí curtha ó chrích anois ar chuma ar bith. I nDomhnach chuaigh cuileann gan dó léithe, ní dhá roinnt léithe é!
Shílfeá go mbeadh náire air é fhéin a thabhairt le taispeánadh os comhair duine ar bith, théis bean a chur ó chrích.
Dhá ba aon duine eile a chuirfeadh bean ó chrích mar sin, d'imeodh sé i ndiaidh a chinn roimhe agus dheamhan a chos a thaobhódh an baile go deo aríst. Ach dheamhan a dhath náire ar siúd.
Nuair nach bhfuil sé sin leáite le eascainí, agus a liachtaí bean ó chrích aige, ní dhá roinnt leis é! — is iontach nach bhfuil sé leáite ag eascainí a liacht bean agus a chur sé le fán an tsaoil.
Séard a bhí le déanamh lena leithide sin, a chuirfeadh bean ó chrích agus ó rath, breith air agus bró mhuilinn a chur faoina mhuineál, agus é a chaitheamh amuigh ar an meath mhóir. Bheadh sé sách maith aige, agus rómhaith — an bithiúnach.
Nár thé ó chrích ach í! (eascainí)
Nár thé ó chrích ach í gan dochar gan díobháil dúinne, ná dhár nduine fhéin!
Bhí a fhios agam gur ó chrích a cuirfí í sa deireadh agus an súnás a bhí uirthi. 'Sí a bhí ligthe léithe fhéin, gan ceannús ceann ar bith!
Ba bheag an aird a bhí aici sin ar chomhairle athar ná máthar, ach déanamh mar a thogair sí fhéin. Beidh a shliocht uirthi anois. I nDomhnach, b'fhéidir go gcaoinfeadh sí fhéin sin anois agus í ó chrích go brách.
 
Ó tarraingeadh anuas cúrsaí pósta, níor mhian leis moill ar bith a dhéanamh ní ba mhó. Shíl sé chreidim — agus ba mhaith an síleachtáil dó é, arsa tusa — nár áit buaile ná seanbhaile ar bith dhó teach a bhfuil triúr iníon le cur i gcrích ann fós.
 
Is maith a bheas sé ar a mhaidí nó buailfidh S. M. duine dhá chlann iníon air. Tá seisear acub ansiúd aige agus macnas orthub gan a bheith i gcrích.
 
buail
Bhuail na Fianna tír i gcrích Lochlainn
 
Ba mhaith bunúsach an bhean í mórsheisear iníon a chur i gcrích agus spré a thabhairt do chuile dhuine acub.
 
Éirigh as an nathaíocht sin agus inis amach scéal breá. Nach bhfuil Turas Fhinn go Crích Lochlainn agat? … Is mór an-feall muis. San áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad.
 
Tá foghail déanta aige sin ag fágáil na tíre dhó: triúr gearrchailí ó chrích aige
 
imigh
Níor mhaith liom imeacht go bhfeicfinn mo chlann i gcrích — níor mhaith liom bás a fháil go bhfeicfinn mo chlann pósta agus iad ag déanamh dóibh féin
 
deis
Nuair a d'éirigh an deis leat, níor thapaigh tú í. Is fadó an lá a bheifeá i gcrích dhá dtugtá aird ar do mhuintir. B'fhéidir dhá mbeadh breith ar t'aiféala anois agat go dtabharfá
 
Beannacht Dé dhuit, ní díogha go dtí iad. Dream ar bith a thosaigh ag dul siar i mbéal an té a chuir a n-athair den tsaol, is daoine gan spioraid iad. Agus tá siad ag beannú aríst don dream ba ciontaí le a ndeirfiúr a chur ó chrích. Dhá mbeinnse ina mbróga, bheinn ar siúl go deo agus go brách go n-éiríodh liom mo shásamh a bhaint as cuid ar a chéile acu