Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dreancán
/d′r′ænkān/
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh — dreancáin
níl a fhios agam go h-áirid céard é an rud ó cheart, ach de réir mar atá sí igcaint, cialluigheann sé dris de dhuine, cantalóir, duine coiligneach, duine olc, nó duine a bheadh ag cur a chosa uaidh go h-áirid ar a mheisce.
+
Nach hé an dreancán é
Níl neart aige dhá ghloine phórtair a ól nach bhfuil sé in a dhreancán mar sin. Nar nuacha Dia dhó nach gcaiththeann in aer ar fad é mar ól, ó a chuireas sé an bhail sin air
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé seo thíos ann, agus go deimhin má bhí féin, bhí sé mar is minic leis a bheith, in a dhreancán bhradach. 'Séard a bhí a dhéanamh leis a smut a bhriseadh. Is mór an uais é, 'nuair a bhíos aon-deoir caithte aige.
Nach maith a chaithfeadh sé a bheith in a dhreancán thar aonduine. 'Séard a bhí a dhéanamh leis sin é a fhágáil in a sheasamh suas annsiúd agus gan an sdriog féin a thabhairt dó ó thárla nach bhfuil sé indon é féin a iompar
Nach bhfeiceann tú in a dhreancán é sin, agus gan deoir in a bholg. Tá an droch-fháisc istigh; tá sin. Sin é atá dhá dhéanamh air
Thosuigh P. ag séideadh faoi, agus ba ghearr a dhearbhráthair mo chroidhe thú go raibh sé in a dhreancán. Ach níor cuireadh aon-chaidéis air in a dheidh sin
+
Go deimhin ní drisín ná dreancán é, ní hé t'fhearacht féin sin (fc. dris. Cuirtear drisín agus dreancán le chéile mar sin)
Dhá mbadh drisín ná dreancán a bheadh innte is mór adéarfadh duine, ach níorbh eadh muis ach an bhean is geanamhla a shiubhail talamh ná féar ariamh. 'Ar ndú' is ar a leithide a bhuailfí an droch-fhear!
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an baoghal orm a mh'anam. Má shíleann tú go rachaidh mise ag tarraint drisín ná dreancán ar bith mar é sin isteach faoi chaolachaí mo thighe, tá tú ag dul amú. Fuair muid a' (ar) ndóthain cheana dhíob sin, agus ní ingan-fios duinn féin é, ní ag ceasacht ar Dhia é
Tá mé ag ceapadh dhá gcuirtheá slat ar an bpobal nach bhfuightheá drisín ná dreancán ar an bhfad sin is mó ná is cantalaighe ná é
Má theighimse ag tabhairt cuirídheachaí uaim, ní do dhrisín ná de dhreancán mar é sin é; nach mbeadh ball in mo theach nach mbeadh briste aige dhá bhfaghadh sé cupla gloine fuisce.

Féach freisin

dris

Dreancán in iontrálacha eile (1)

 
Níl droch-mhúineadh ná oilbhéas ann, agus go deimhin sin é atá indán agus i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh