Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drisiúirí, Dristiúirí
/d′r′išūr′ī/, /d′r′išt′ūr′ī/
ainm-fhocal: fireann.
seisreach chapall le h-aghaidh treabhtha. (Tá "Dreasadóir" — "a ploughman" a ploughteam driver i bhFoclóir Uí Dhuinnín, ach mar seo a chuala mise é ag talmhaidhthe).
·
"Péire dristiúirí (nó drisiúirí) faoin úghaim agus faoi chéachta; Spagall sciúrtha agus crannóg árd" (As amhrán ó Sheán Ó Chadhain Baile Bán, Caisleán Gearr, Gaillimh)
Deir tusa gur talmhaidhe thú. Fóill ort anois. Céard iad dristiúirí … ughaim … béim … hannlaí … dromacán … An bhfuil a fhios ugad céard í céachta chor ar bith. Dheamhan pioc atá a fhios ugad faoi thalmhaidheacht!

Féach freisin