Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Driopás
ainm-fhocal, fireann
tuiseal geineamhnach uathaidh — driopáis.
an-deifir, forú, uathbhás, scanradh, súnás (Ní baileach gur deifir é. Bíonn imní nó faitíos i gceist cho maith le deifir. Níl sé mórán igCois Fhairrge chor ar bith, ach tá sé an taobh siar, isteach Bun na gCnoc tórainneach le Cárna agus le Dúithche Sheoigeach. Chuala mé go minic é agus an t-aidiacht cho maith).
+
Tá driopás air
Tá driopás an tsaoghail anois [air] faitíos nach mbeidh sé in am ag an siamsa
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca mé an ceann céadna ariamh nach mbeadh bun a anama amuigh le driopás. Mura bhfaghaidh sé an bhean ins an móinfhéar roimhe in éadan an fhéir, cuirfidh sé na diabhail de'n Chruaich
D'fhéadfá a rádh go raibh driopás ormsa, arae bhí faitíos orm nach mbéarfadh an sagart uirre beo. Mo chreach mhaidne ghéar tú, is uirre nach raibh an mhairg roimhe: in a suidhe suas ag ithe bruithneoige di féin as an ngríosaigh. Cuirfidh sí fód orainn uiliog fós. Ach má mhaireann di le na h-ualaighe siúd, ní bheidh deoir ar bith ola ag an sagart, 'nuair a theastóchas an ola a dhul orainne
Bhí driopás air ag imeacht, agus níor mhór dhó fhéin go raibh. Dhá mbeireadh sé siúd air agus é speidheartha, ní changlóchadh sé aon-fhata len a mharthainn, agus diabhal leath an chirt a bheadh aige leis, mura gcangluigheadh fhéin
Cé'n sórt driopás atá ort. Mhall Dia an deifir, adeir siad. Glac go réidh thú féin. Beidh móin ann in diaidh ar mbáis!
·
Is mór an t-iongnadh go n-itheann sé greim ar bith le driopás. Shílfeá nach mbíonn breith bonn báis aige nó go mbeidh sé ag obair. Dheamhan mórán dhá shlacht air, ní dhá roint leis é!

Féach freisin

Driopás in iontrálacha eile (1)

 
Is driopásaighe é ná P. R. a bhí annseo fadó. Ní leigeadh an driopás do Ph. R. a bhróga a dhúnadh nó go mbeadh portach móna gróigthe aige. In am dinnéir a dhúineadh sé iad: leath-láimh ag ithe agus leath-láimh ag dúnadh. Sin é a fhearacht aige-san anois é