Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

maraigh (100+)

 
abair
Deir siad gur maraíodh é i Meiriceá — tá deir siad an-tréan i leaba deirtear sa gcaint
 
Ní fhágfaidh sé fear idir dhá dhroichead nach maróidh sé
+
dairt
B'uafás iad na dairteacha a bhí ag dul amach thar an mullach agam. B'éigean dom imeacht ar mo chromada istigh faoin gclaí gur bhailigh mé suas an Ch. nó scuchaidís an cloigeann dom (díom). Chuile eallach i mbaile ach na diabhlánaigh sin. Tá marú duine orthu
TUILLEADH (1) ▼
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
 
Maraíodh é le ar buaileadh air ag an scoil, ach b'aon mhaith amháin é ina dhiaidh sin. Dallarán gan mheabhair gan éirim a bhí ann. Níorbh fhéidir focal a chur isteach ina chloigeann
 
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
 
dálta
Tá an mac sách síodúil, ach níorbh é a dhálta sin ag an athair é an fhad is a mhair sé, go ndéana Dia trócaire air, mar sin féin. Ba mhór leis rud ar bith d'aon duine. Mura bhfeiceadh sé ach an míol buí ar do chuid talúna d'fhéachfadh sé lena dhíbirt, faitíos go n-éireodh leat é a mharú. Sin é an sórt duine a bhí ann
+
dán
Níl i ndán mise a mharú, adeir an fathach, go mbuailtear ar an mball dobhráin atá ar mo chích dheis mé le ubh d'uibheachaí na lachan sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh i ndán é a mharú nó go ndéantaí an rud sin leis
 
Thug an máistir dual na droinne dhóibh go minic mar gheall ar a ndánacht ach ba bheag an mhaith sin ina dhiaidh sin. Dhá maraíteá iad, bheidís ar an gceird chéanna lá arna mhárach
+
daol
Chomh uain is a bhaineas an daol sin as — daol oilc — dheamhan gair ag aon duine a thaobhachtáil. Má thaobhaíonn, tá sé sáite, nó caite, nó arm ar bith is túisce aige. Dar fia tá! Mharódh sé é féin an nóiméad ina dhiaidh le náire, ach cén mhaith sin, ós é a bhealach é
TUILLEADH (1) ▼
Fhóbair gur mharaigh an capall S. Mh. Mh. Tá an-daol go deo inti
 
daor 1
Más é a mharaigh an bhean, feicfidh tú féin air gur daor a íocfas sé ann. Gheofar ciontach é agus crochfar é
 
daor 2
Baol air siúd é a dhaoradh. Dheamhan daoradh muis, ná dhá mbeadh marú duine air. Nach ndearna sé coir a chrochta cheana, agus dheamhan faocha a rinneadh air
 
Ainneoin a bhfuil de chlamhsán ag na daoine, ní saol daorbhasctha é an saol seo. Tá cearc an áil (fear na clainne) ag fáil an oiread seo leathchorónacha; tá giolla na leisce ag fáil trifle(beagán); tá an carracháinín de ghasúr a fheiceas tú ag imeacht agus a bheaig (bag) aige faoina ascaill ag saothrú a chion féin (dhá phunt na Gaeilge); agus ansin ar ndóigh, tá pensions thar a chéile ann. Má mharaíonn tú sionnach ar an saol seo, gheobhaidh tú cineál eicínt pinsean, agus dar príosta, is fhearr an oidhe ort é ná ar chuid mhaith atá dhá fháil, mar hé brí céard a dhéanfas tada, bhí sionnaigh a chur in aer ar chaoi ar bith. Mo lachín imithe ó inné … ní saol daorbhasctha é chor ar bith
+
de
Ab in é ar mharaigh tú de bhallachaí théis thú a bheith ar meath ó mhaidin
TUILLEADH (1) ▼
Mharaigh an chú an giorria de dhá léim
 
deacair 1
Cuirim léan agus deacair uirthi, seasamh fada ar chosa laga aici, agus marú an Chróín uirthi mura bhfuil sí sách!
+
Bhí na heiricigh (Protastúin) go dona an uair sin a dheartháir mo chroí. Ag imeacht le Bíoblaí agus le soup, agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí théis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rómhánach (Caitliceach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adúirt an ceann eile féin san amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad acu ó mharaíodar Rí Séamas." Ní mé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do Chac i Mála a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní hea. Ag iontú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a lua siar in áiteacha ann fós. Chniogfaidís thú faoi
TUILLEADH (1) ▼
Tugtar dreoilín eicínt acu i gcónaí don deachma … Tuige nach bhfaca tú aon dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easpaí. Caithfidh tú a bheith ag tóraíocht agus ag síorthóraíocht go bhfaighe tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag inti. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóraíochta dhuit chor ar bith scaití. Bíonn neadrachaí dreoilín thar a chéile ann blianta. Scaití eile ní fheicfeá ceann ar bith … Nuair a gheobhas tú an nead, níl agat le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharú agus a gcuid fola a chur ar sheancheirt. Caithfidh tú fuil as chaon cheann acu a chur uirthi. Mura gcuire ní bheidh aon mhaith dhuit ann. Breith ar an seancheann ansin — an rí — agus deirtear í a thabhairt don deachma. Ach is cuma cén ceann de na trí cinn déag a thabharfá don deachma sa gcás sin. Bíonn muirín mhór ar an dreoilín. 'Is mór mo mhuirín: is beag mé féin,' adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta ansin, le ceirt na n-easpaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoin dreoilín a tugadh don deachma. Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cuntas faoi cheirt na n-easpaí a fuair mé ó m'athair)
 
Níl na ciarógaí dealaithe go fóill, ainneoin an chaoi a chuir an dochtúr siúd ar an teach. Ó rinneadh é sin leis, níor chuala mé aon chr[...]g[...] ann ó shin. Is cosúil gur mharaigh sé iad. Shíl mé go dtabharfadh sé fruisín faoi na ciarógaí freisin, ach níor thug, nó má thug tá siad ar ais aríst
 
dealbh 1
Póilí! Tá cúlshráideannaí ansiúd nach bhfeictear a dhealbh iontu ó bhliain go bliain. Go gcuire Mac Dé an t-ádh ort a mhic ó! Is measa an póilí i New York ná an crochadóir is mó sa mbaile mór. Níl ort ach ladhar a chaitheamh ag an bpóilí ann, agus d'fhéadfá lán sráide a mharú agus ní thiocfadh aon tréas go brách ort. Bhí aithne agamsa ar dhaoine a bhí sna póilíos ann — Éireannaigh. Cuid acu amach as do pharóiste féin …
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
Bhí a fhios agam nach aon dea-mheanmna a chas chun an tí é ar an dá luath is a bhfaca mé é, agus ar ndóigh ba gearr go raibh a chomharthaíocht lena chois. Rug sé ar an gcroich go maraíodh sé a raibh istigh
 
déan 1
'Sé a mharú a rinneadh sa deireadh
 
Is minic cheana a bhí déanta lena bás, ach tá sí sin chomh cruachúiseach le glasmhíol Márta. Ní mharódh tada í sin mura bhfaigheadh sí amlua faoi dhrochthuairt sneachta; sin nó reo sa sioc
 
D'fheicfeá deargadaol i chuile áit. Is minic a bhíos siad ag snámh ar an urlár ansin. Bíonn brat acu i móin freisin. Níl sé dhá lá fós ó chonaic mé maistín de dheargadaol ansin amuigh ar an mbóthar. Brúigh do chois air sin i chuile áit dhá bhfeice tú é. Is ceart é a mharú. Leis an Diabhal an deargadaol. Nach ndearna sé feall ar Mhac Dé! — creidtear seo. Buailtear cois air i gcónaí
 
D'éirigh deascán maith de na ronnachaí leo inné, bail ó Dhia orthu! Bhí an-mharú orthu chuala mé. Ní raibh ort ach caitheamh amach agus bheadh plíoma agat ar ala na huaire.
+
Bhí déidín tite aici ag súil le geampa den fheoil, ach is túisce a chaithfinn amach san aoileach í ná a thabharfainn aon cheo di. Mharaigh siad féin dhá chaora le dhá bhliain agus b'olc fúithi iad. Ní fhaca muid mórán dá mbarr ar aon nós. Dheamhan ruainne ná sprúille muis!
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan duine muise as an teach a thiocfas a (do) chúnamh dó dhá dtiteadh déidín aige ag forcamhás orthu. Nach réidh a gheobhadh sé daoine ag dul dhá marú féin dósan agus gan é ach ag magadh fúthu aríst ar fud an bhaile. Chuaigh beirt as an teach dhá lá le coirce aige anuraidh agus 'sé an seamsán a bhí aige soir faoi na bóithrí aríst go mb'fhearr dóibh a bheith ag déanamh rud eicínt ó tharla nach raibh aon choirce acu féin. Ag ceapadh go dtabharfadh muide lá don fhear sin aríst!
+
deifir
Níor mharaigh do dheifir ariamh tú ag éirí (fc. maraigh)
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeifeá ag marú mairt, ní ligfeadh an deifir dó breathnú ort
 
Mharaigh sé muic faoi Nollaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meáchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircí dhúinn é. Dar mo choinsias, níor chomaoin dó. Dheamhan ceo a bhí anseo ariamh nár roinneadh droimscoilte leis — nár roinneadh sin. Beidh a shliocht air: an rud céanna a dhéanamh leis aríst
+
Deireadh an tincéara chuile lá ariamh é a mharú nó a phlúchadh
TUILLEADH (4) ▼
Chaithfeá dhá lá do shaoil le na sionnaigh sin agus ní bheadh a ndeireadh maraithe agat
Tá a ndeireadh maraithe i mbliana (iasc)
Ní mharóidh sé aon chearc eile. Tá deireadh a chuid cearc maraithe anois
An madadh faoi dheireadh a bhí agam, d'imigh sé le dúchas nó diabhal eicínt, agus níor facthas ariamh é. An ceann roimhe sin mharaigh mótar é. Níl na madraí ag éirí liom
+
deis
Mharódh sé S. dhá dtugadh sé aon deis dó dorna amháin a chur i gcion, ach ní thabharfadh. Tá S. ró-úsáideach le na lámha aige
TUILLEADH (1) ▼
Tá deiseannaí marú acu anois thar mar a bhí fadó. Ar ndóigh ní raibh leath na ndeiseanna sin acu sa gcogadh deiridh féin. D'imigh an diabhal orthu. Sin é a bhfuil le rá agamsa leo
 
deoin
Mura maraí sé S. ar chaoi ar bith ní dhá dheoin é (tá rún a mharfa aige). Níl cruinneáil ná oireachtas nach ag faire air atá sé go gcnioga sé é. Ach tá an fear eile féin sách airdeallach. Is maith nach mór dhó a bheith ar a mhaidí muis, nó tabharfaidh sé siúd faoi é uair eicínt
 
Ní túisce a bhí an deolcachán bainte den chích ná d'éirigh sé amach ina ghaiscíoch. Thosaigh sé ag marú fathachaí. Fiafraigh de Sh. Ó B. faoi. Is aige atá chuile údar faoin scéal sin. Chuala mé ag cur síos air é, tá gairid ó shin
+
dia 1
Mura bhfuil ag Dia maróidh sé é féin — maróidh sé é féin ach grásta Dé
TUILLEADH (1) ▼
An bhfeiceann tú anois é sin dhá mharú fhéin ag tochailt idir leacrachaí ansin ag iarraidh fataí agus arbhar a shaothrú, agus mo chreach mhaidne na fataí agus an t-arbhar a bheas ansin. Tá faochain agus gliomaigh agus muiríní go barr bachall lena ais ansin amuigh, agus is mó a bheadh aige de bharr seachtaine leo, ná dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoil ag mianadóireacht sna clocha sin, ach is fhearr leis ag scríobadh leis an nganntan ina dhiaidh sin. Chreidim gur hiomaí duine ag Dia, agus nach ionann tréathra do chuile dhuine mar adeir siad
+
dia 2
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn ─ tá geis ar na ceann oibreachaí sin na laethantaí sin
TUILLEADH (3) ▼
Sin é an marú salach Sathairn! Ní thaitníodh sé le seanBh. chor ar bith go ndéana Dia grásta uirthi!
Más pisreog ná pisreog anois é, is gránna é an marú Sathairn. Marú salach Sathairn! Chuala muid caint chuile lá ariamh air!
Ba chóir dhúinn a dhul ar meath inniu. Mura raibh aon mharú orthu (iasc) i gcaitheamh na seachtaine, beidh an lá inniu thar cionn. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine
 
diabhal 2
A mharú a bhí a dhéanamh, murab é an diabhal ina chraiceann é!
 
Is diachta nach gcrochfaí an diabhlánach, agus a bhean maraithe aige. Is mór an díol trua anois é mar dhóigh dhe, ach ní fheicim go bhfuil trua ar bith don chréatúr bocht atá faoin gcréafóig. Sin é an chaoi a mbíonn sé: fear dhá bheathú agus fear dhá mharú
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go bhfóire an tAthair Síoraí anocht ar dhuine ar bith atá amuigh sa gcogadh sin! Go dtarrthaí Dia sin! Nach orthu atá an fonn a chéile a mharú! Go dtuga Dia agus a mháthair bheannaithe chuile dhuine dhínn féin slán uaidh — sin é a bhfuil againn a rá
 
Mise ag tnúthán go dtabharfadh sé ceann de na faoitíní dhom ó casadh mé in éindí leis sa gcurach. Ní ghiorródh sé mórán é ceainnín gágach a chaitheamh agam agus dhá strapa againn. Cén bhrí ach mise is mó a mharaigh iad. Dá mbeadh sé taobh lena chuid féin, ba mhaith feidheartha a bheadh sé ag teacht abhaile. Ach dheamhan a shúil a thairg sé dhom ná caint air. Ní thabharfadh sé siúd faoitín do Dhia shúlach. Is gearr le dhul ar a chraos féin iad
 
Tá an bodach sin drochmhúinte (m maon. Béim an ghutha ar an gcéad siolla) díbheirgeach ach deile cén chaoi a mbeadh sé. Ní fhaca muid aon duine dhá chineál ar a mhalrait ariamh. Níor casadh bó ná gamhain ar chuid a athar ariamh nár mharaigh sé. Ach thug M. Mh. giorrachan saoil dhó sa deireadh, agus ba bheag an scéal é go ndéana Dia grásta air. 'Sé an t-iontas é, nárbh fhadó roimhe sin a rinneadh leis é. Bhí an baile faoina chosa ceart aige. Bhascadh sé a mbíodh acu
 
Fuair mé mo dhícheall go binn uathu ag iarraidh a gcur isteach. Tá an diabhal crónta (corónta) ar an gceann buí. Ní raibh le déanamh leis ach é a mharú
+
díle 1
Tá an díle fola dhá dórtadh anois. Deir bean J. liom go bhfuil caor thinte cogaidh anois ann. Tá na Sasanaigh ag dul isteach dubh na fríde ar an nGearmáin, ach tá sé ag dul go snaidhm an rópa leo ina dhiaidh sin; agus níl léamh ná inseacht scéil ar gach is a bhfuil dá mharú orthu (Samhain 1944)
TUILLEADH (1) ▼
Nach orthu atá an díle oibre. Deir tú liom gur chaith tú dhá lá agus dhá oíche ag obair as éadan. Ba mhór an seasamh agat é. Dar Dia, ní dhéanfainn é ar éadáil Shasana fré chéile, hé brí céard a gheobhainn ar a shon. Furú cogaidh is ciontach leis sin. A a Thiarna nach orthu atá an súnás ag marú daoine. Sin é an fáth an obair sin fré chéile
+
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
TUILLEADH (1) ▼
Tá an díleá ceart ar an duine bocht ó phós sé. Cailleadh cliobóg de chapall bhreá air. Bhí bó bhainne tachta sa gcró roimhe maidin. Ní fhanann lao ná gamhain aige nach bhfuil an bhail chéanna orthu. Thug sé leathcholpa dheas a bhí aige anuas ar an mbarr garbh oíche roimh an aonach anuraidh, lena cur siar lá arna mhárach. Dheamhan pínn de chúig phunt dhéag airgead nach bhfaigheadh sé uirthi. Ar a dhul amach dó ar maidin, fuair sé sínte san iothlainn í agus a cois briste. Leag sí claí na hiothlann agus thit brúisc uirthi féin dó (de). Thug sé fear cnámh aici agus dheasaigh sé í, ach ní raibh aon bhiseach ag teacht uirthi ina dhiaidh sin. Mharaigh sé sa deireadh í
 
Tháinig díocas troda air. D'fheicfeá é ag fáscadh na ndornaí síos lena thaobh agus é dhá shníomh féin. Dhá bhfaigheadh sé an té a dhéanfadh leis é, bheadh bualadh ann ar chuma ar bith — agus b'fhéidir marú
 
Dhá dhíocasaí dhá bhfuil sé ag marú bradáin muis, is seacht ndíocasaí dhá ól é. Ní túisce a bhéarfas sé ar a luach ná a fhágfas sé istigh tigh K. é. Sílim go leagann sé isteach ar fad ar aon láimh amháin é agus an fhad is a thiocfas sé téadh ansin
 
díog
Chuir sé an carr isteach sa díoga cois an bhóthair. Ba mhaith an t-ádh a bhí air nár mharaigh sé é féin agus gach is a raibh sa gcarr aige
 
Cat! Ní mharódh súiste Oscair cat! Chonaic mise cat dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marú éanacha. Dúirt mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi é a chur faoi phota, ach d'ardaigh muid féin linn soir é ar an réiteach i nGarraí an Bh. Chraplaigh muid i dtosach é i riocht is nach bhféadfadh sé imeacht. Shaighid muid na madraí ansin ann agus chaith siad uair dhá streachailt. Diabhal marú! Chuaigh muid féin ansin ag caitheamh leis — gruáin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáraithe. Diabhal marú. D'áitigh orainn ansin dhá chiceáil mar a bheadh football ann, ach diabhal marú. Ní fhaca mé aon rud beo ariamh a fuair an oiread spídiúlachta leis, agus i ndiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon chiall againn 'sé a bháthadh a dhéanfadh muid nó a chur faoin bpota, ach cár fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agat céard a rinne muid leis as a dheireadh: cupla feac láí a fháil agus a bheith ag gabháilt air nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimhnigh mé air ó shin agus a chuaigh sé thríom. Ní raibh scrupall ar bith ionainn agus an chaoi siúd a chur air
+
Níl an deoraí féin aige ansin ach duine a fuineadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomharthaíocht lena chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann ansin thiar air, bhí claimhe den dream sin in éindí leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil ansin go maródh muintir Ch. na R. é murach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siúl ag imeacht acu. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chomaoin dóibh J. a shábháil ach oiread. Nuair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóibh, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mise istigh in éindí leis dhá cheannacht. Leag fear an tsiopa anuas cheithre ghiota agus thug sé roghain dúinn orthu. Aon phraghas amháin uileag a bhí siad. Dúirt sé go mba é an t-éadach buí ab fhearr a mbeadh caitheamh ann. Bhí sé an-chrua agus ní raibh aon chosúlacht air go dtréigfeadh sé. Ach ní raibh rud ar bith ag marú mo dhuine ach an ghalántacht. Cheannaigh sé an leamháinín scanraithe donn siúd, agus an chéad mhúr báistí a gheobhas sé ní bheidh folach dó nach mbeidh tréigthe anuas dhá chraiceann. Mar adeireadh P. N.: tabhair a roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha. Is cuma leis é ach an chosúlacht a bheith ann
+
díol 2
Thug sé a dhíol marú air. Níor éirigh sé ina dhiaidh
TUILLEADH (3) ▼
'Sé díol na trua é, ní dhá roinnt leis é: dhá mharú fhéin ansin do Mh. agus dhá chlann. Is fiú dhó muise. Is beag é a bhuíochas — feicfidh tú — ar ball
Bhí N. thuas oíche agus ní bheadh aon sásamh aige ann mura dtéití ag caitheamh le M. — bhí sé imithe síos tigh T. Faoi dheireadh thiar thall chuaigh muid síos ar chúla na haille agus chaith muid cupla méaróg le M., ach caitheadh cith le N. Bhí sé thíos sa ngleainnín agus bhí caor thinte dhá bhaint as an gclaí lena ais. Ní raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige. Ní fhéadfadh sé a theacht aníos go dtí muide in aghaidh na gcloch, agus bhí M. taobh amuigh agus é ag iarraidh a theacht thar claí go maraíodh sé é ar bhun an cúig déag. Ar ndóigh sin é a raibh uainne. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an oíche sin ar chaoi ar bith
Diúltaímid dóibh sin. Ná tarraing orainn aríst iad ó tá siad suaimhnithe. Shíl sé féin mise a mharú cheana le iarraidh chorrán, agus ar ndóigh dheamhan díol faoin domhan nár thug an bhean orainn. Bhíodh sí anseo amuigh chuile lá agus stiúir uirthi ag cur di. Ní thugadh muid aird ar bith uirthi. Nach raibh sé chomh maith dhúinn. An té a thabharfadh aird uirthi, dhéanfadh sí ceann chomh dona léithe féin dó
 
Chuala tú an scéal faoin té a chonaic an fear dhá mharú agus ar tháinig díchreideamh air faoi nár fhoilsigh Dia é féin ar an té a mharaigh é … Sin é agat é — díoltas Dé. Is fada a bhíos sé ag teacht scaití, ach níl rud ar bith chomh siúráilte leis. Mura dteaga sé ar an saol seo ar ndóigh tiocfaidh sé ar an saol eile, agus dhá dhonacht maoil is measa mullóg
 
Nach díoltasach an mhaise dhó é, ag iarraidh an ceann eile a mharú. M'anam muise, chreidim murach gur casadh an bulc ann, go ndéanfadh sé ár. Tuilleadh diabhail ag an gceann a d'fhan dhá bhuachailleacht ansin ar feadh na hoíche, agus fios aige nach raibh sé ach ag iarraidh an ligean air
 
díth
Ní díth ar bith atá air ach díth na céille. Nár chuma dhó faoi ardbhonnaíochaí an diabhail céard a dhéanfadh an t-airgead atá aige i Meiriceá. Má mharaítear sa gcogadh é nach measa dhó é ná an saol mór; agus a fhusacht dó fanacht sa mbaile anois agus gan a dtaobhachtáil níos mó
 
Ba mhaith an dóigh breac í an L. Ph. dhá mbeadh sé ina dhíthrá. Is minic ariamh a mharaigh mé bromóig uirthi. Ach tá an lá inniu an-gheal le aghaidh iascach carraige
 
Bhí searrach asail aige anuraidh — diúilicín beag — agus níor chónaigh sé gur mharaigh sé é ag coinneáil na bpáistí ar marcaíocht air. Dar mo leabhar dhuit, ba mhór an carghas é, ba mhór sin. Ach níl a fhios agam an ndéanfadh sé aon chúis ar aon chor. Ní raibh aon bhiseach de rath faoi
+
Deir siad gurb é M. D. a mharaigh í — diúltaí muide dhó. Hé brí cé a rinne é ar chuma ar bith, is dona a d'oibrigh sé. Níorbh fhiú do dhuine ar bith a dhul ag fiachadh uirthi — an díthreabhach bocht!
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agam ar mharaigh sí an páiste chor ar bith — diúltaí muide di — ní maith liom a bheith ag cur bhréag uirthi; ní mian linne a gníomh a bheith orainn fhéin
 
Dhá mbeifeá ag marú mairt, ní bhreathnódh sé ort ach dhá diurnadh sin aige chuile oíche san aer. Shílfeá go mbeadh náire fhéin air, agus lucht na gcuart ar fad ag breathnú air, ach dheamhan náire muis, ná fios aige céard í
 
Níl sé dlifear ag fear ar bith a charr ná a chapall a bheith ar an taobh ó thuaidh de bhóthar agus é ag teacht anoir. Má mharaíonn mótar do chapall ort, nó thú féin sa gcás sin, dheamhan comhaireamh na sop le fáil agat … Féach leo é go bhfeice tú
 
do- 2
Tá sé siúd domharaithe nuair nár mharaigh a bhfuair sé d'iarrantaí céatacha ansin siar é
+
dochar
Is lú an dochar go fada leagan ó chapall ná leagan ó asal. Mharódh leagan asail thú
TUILLEADH (1) ▼
Maraíodh an madadh orainn, ach cén dochar. Tá breac sa bhfarraige chomh maith agus a maraíodh fós
 
Dodaire í an mháistreás óg sin ann sílim. Is furasta a aithinte uirthi é. Tá an chuid eile acu fáilí go leor, ach ní bheannódh sí sin duit scaití. Tá sí ag leagan ar na malraigh beaga go binn freisin. Diabhal mé nár mhiste le duine faoi ghreasáil, ach maraíonn sise iad ó mhaidin go faoithin
 
Bhí siad sin doghrainneach chuile lá ariamh leis an té a bheadh ar páí acu. Mharódh sé iad le obair. Is minic a chonaic mé thíos sa ngarraí iad go mbeadh an dubh ar an oíche agus nár léir dóibh an láí. Agus an táirm chéanna ag tosaí ar maidin. Mura mbeidís aige le giolcadh na fuiseoige, spréachfadh sé leo. Ba in é féin an drocheallach — ba é sin
+
Bhí chuile dhuine rite anall as Sasana ar an gcéad iarraidh. Síleadh an uair sin go marófaí iad as éadan. Ach ba ghearr aríst go raibh an choisíocht chéanna anonn acu, agus níor maraíodh mórán acu ó shin. Ní cheapaim go bhfuil duine ar bith as an ruta seo maraithe ná ar iarraidh. Dhá dhonacht dá raibh sé, ní raibh sé baol air chomh dona is a rinne daoine amach i dtosach. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn arsa tusa
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an-doicheall ag S. Mh. Mh. — go ndéana Dia trócaire air — le leabhra agus le páipéir nuaíochta. Ní raibh aon lá den ádh ar an saol ó thosaigh siad sin ag teacht amach adeireadh sé. 'Is beag a chogadh ná an marú a bhíodh ann fadó,' adeireadh sé, 'nuair nach raibh focal scoláireachta ar aon duine. 'Sí an scoláireacht a d'fhága an saol mar atá sé'
+
dóigh 1
Is suarach an dóigh do dhuine ar bith a bheith dhá mharú féin ag dul suas agus anuas ansin dhá cheann de ló ar scáth coróinín airgid. Ach tá sé sách maith ag an dream atá sásta leis: i leaba gan buille amháin a dhéanamh go bhfaighthí hocht nó naoi de scilleachaí sa ló. Níorbh é luach do shláinte é an méid sin féin, ach b'fhearr é ná an chaoi a bhfuil sé faoi láthair
TUILLEADH (1) ▼
Is gránna an chaoi dhuit a bheith ag déanamh dóigh de do bharúil mar sin. Cá bhfios duitse an raibh aon láimh aige sa bhfear ariamh. Ní fhaca tusa é. Agus an dream a bhí in ainm is é a fheiceáil, ní raibh a gcuid cainte i gclár ná i bhfoirm nuair a ceisníodh iad. Níl a fhios againne cé a mharaigh é. Diúltaí muide dhó!
+
dóigh 2
Thiocfadh dhó a bheith anseo ó ló. Níor dhóichíde dhó sin, ná fuireacht go maidin. Níor mharaigh a dheifir ariamh é ag teacht
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh mharódh sé é murach nach ligfeadh an faitíos dó roimh an gcuid eile
 
An rud is doilí le duine ná a bhás, cá bhfios dó nach é lár a leasa é. Is minic a chuala tú ariamh é. Ba in é a fhearacht ag Bríd é. Bhí a muintir ag iarraidh a cur soir tigh J. Ph., agus bhí gráin an tsaoil aici air, arae bhí sí "ag comhrá" le mac a bhí anseo thiar ag C. Ní Ch., agus séard a bhí sí féin ag iarraidh a dhéanamh éalú leis go Meiriceá. Ach fuair a muintir amach uirthi é, agus théis go leor anonn is anall chuaigh sí tigh J. Ph. Níl aon bhean sa taobh seo go Gh. inniu atá ina suí chomh te léithe. Tá deis agus talamh aici. Tá postaí ag a clann. Déarfá go raibh an t-ádh uirthi ceart. An fear a bhí sí féin ag iarraidh a phósadh, maraíodh i Meiriceá é leathbhliain théis a dhul ann dó
 
dol 1
Mharaigh muid dol mór éisc sa gcurach anuraidh: faoitíní. Bhí muid dhá gcur tharainn chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann freastal dóibh. Ní fhaca mé a leithide de sceanadh orthu in mo shaol ariamh agus a bhí an lá céanna. Cén bhrí ach ní raibh deich gcurach ar meath ó fhágfas tú seo go dté tú go C.
 
Maróidh siad na Gearmánaigh dólámh anois ó d'éirigh leo a bhfáil faoina spreacadh. Is iomaí créatúlacht a rinne na diabhail ariamh, agus níor fhreagair Dia orthu é ina dhiaidh sin. Ach níl againn a rá ach tús na breithe ag Mac Dé!
+
Tá sé ag foghlaim dólámhach. Dhá bhfeictheá ansiúd é agus a chual leabhar aige in éadan an bhoird agus ní bhreathnódh sé ort dhá mbeifeá ag marú mairt, ach ag foghlaim leis
TUILLEADH (1) ▼
An claí dólámhach atá tú ag brath air a dhéanamh ansin? Cén tsomhaoine dhuit thú féin a mharú leis. Nach bhfuil a fhios agat gur gearr go mbainfidh tú stangadh asat féin le na clocha móra sin, mura nglaca tú t'ionú nó go bhfaighe tú cúnamh. M'anam nach ceird do dhuine a bheith ina scanrachán mar sin
 
domhain 1
Chaithfeá a dhul amach ar an domhain mhóir (amach an-fhada) le iasc mór mar sin a mharú. Ní thaobhaíonn na cnúdáin ná na colmóirí ná na brain an cladach chor ar bith
 
Bhí — an domhnaíocht. An domhnaíocht tincéaraí atá mé a rá: ní hé a malrait a bhí ann. Bhí snaidhm de mhaide buailte ort ag chuile choirnéal. Is maith a chuaigh mé as nár maraíodh mé. Deirimse cruinneáil (cruinniú) leat: cruinneáil tincéaraí!
 
domlas
Chuaigh an domlas in mo chroí an lá a raibh siad ina gciontsiocair le mo mhac a mharú
 
dona
Dhá n-abraíteá leis sin gur mharaigh tú duine, ní abródh sé leat "is dona a rinne tú é". Sin é an sórt duine é
 
Dhonódh sé daoine an oíche sin meireach gur baineadh an revolver dhó (dhe). Tá sé de bheith air sin go maróidh sé duine eicínt as a dheireadh
 
doras
Níl call dó corraí as béal an dorais aon lá sa mbliain le breac a mharú. Tá an fharraige buailte air
 
dorcha
"Sorcha sorcha: polláirí dorcha: lig sí urchar, agus mharaigh sí éan" (rann a bhíos ag gasúr)