Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

maraigh (50+)

 
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé ro-fhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní leigfeadh an faitíos dó a rá nar mharaigh
 
Bhí cearc eile annseo agus a fhearacht siúd mharaigh muid í (fearacht an scéil ar ball) = ní raibh againn a marú; ba den dímheabhair dúinn a marú; dhá mbreathnaíodh muid romhainn ní mharódh muid í chor ar bith
 
Níor mhór dhuit agad d'fhear fobhairne an lá sin. Bhí do chnaipe déanta marach go ndearna sé tártháil ort. Mharódh na Peaitseachaí thú
 
focal
Shíl mé go sceannfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leó, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean th'éis nach raibh sé ag tabhairt sásamh ar bith faoin domhan dóibh
 
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
 
Féadfaidh duine a bheith fial frasach nuair a thiocfas an ócáide air, agus is corr-uair é sin. Ní hé gach aon-lá a maraíonn Páidín iasc adeir siad
 
Tá an iomarca freigisí uilig ag an gceann céanna. Mharódh sé le cóirí catha thú. = gaileamaisíocht; suimiúlacht; bealaigh beaga corra a bheith leis
 
Fágaim le m'uacht agus le m'anam go maróidh mé thú! Ní bheidh sé níos saoire agad
 
fág
Marach gur eirigh liom a theacht i láthair, sin ní fhágfá. Bhí tú réidh leis. Mharódh sé thú ar bhall na háite
 
Níl rud ar bith a bhíos cho fágha leis an duine scaití. Tá beithigh eile indon snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treóraíocht ar bith san duine
 
Sén chaoi ar shá mé na síolta ann, agus nuair a shá, chuir mé mám diúain síos sna fágálachaí ag cur fearasbar maitheasa orra má b'fhíor dom fhéin. 'Ar ndó' mo chreach mhaidne! Mharaigh mé le leasú iad. Ro-leasaithe a bhí siad roimhe sin fhéin
 
Maróidh sé é féin anois, ach tá sé fánach obair an droch-lae a thabhairt isteach trathnóna
 
Ná cuir araoid ar bith air sin. Sin é úll na haithne. Dar príosta má chuirinns (má chuireann tú) ní leat a ghabhfas. Tá marú duine air sin. Tiúrfaidh sé na físeachaí agus an pínneachaí corra dhuit feicfidh tú fhéin air.
 
fíóg
Dhá mbeadh slam fíógaí againn ghabhfadh muid ag coinnleóireacht. Ba bhreá an rud glac smólachaí a mharú agus a róstadh. Rinne muid íosbairt mhór orra anuiridh
 
fiann
Mharódh an poitín siúd na Fianna bhí sé cho láidir sin
 
Ba bheag í m'fhoghail-sa feasta choichín ar scramaire mar é sin. Mharódh sé sin triúr de mo leithide = ní bheadh aon-ghoir agam air ag troid
+
fonn
Leis an bhfonn atá air a bheith ag obair, maróidh sé é féin
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an chaint a bhí aige ag cur fonn orm é a mharú, ach d'éist mé leis in a dheidh sin
Maróidh sé é féin le teann fonn damhsa
 
fraigh
Gabhfaidh sé sna fraghachaí. Is fhearr dhuit gan treas ar bith a chur air. B'fhéidir gur thú a mharú a dhéanfadh sé. Siúd é úll na haithne
 
Cár eirigh an t-ól leis aréir meastú? Go deimhin, níl aon-ghnatha d'aon-ól aige, ná ag fear ar bith atá cho franncuithe leis. Tá marú duine air, ar an dá luath agus a mbeidh braon caite aige
+
Fuagair ar an madadh sin nó maróidh sé na cearca. Tá sé ro-dhéan (dhian) orra
TUILLEADH (2) ▼
D'fhuagair mé corp agus anam ar an bhfear a bhí ag dul thart. Dheamhan a raibh a fhios agam ó thalamh an domhain cé hé féin. Marach sin mharódh na tincéaraí mé = d'iarr mé ar an bhfear a bhí ag dul thart mé a chosaint ar na tincéaraí; gan leigint dóibh mé a mharú
Fuagruím cara agus coimrí ort. Ná tabhair cead dó seo mé a mharú = iarraim ort mé a shábháil air seo
 
fás 2
D'fhás siad suas go maith ar an mbaile seo. 'Ar ndú' d'fhás nuair a bhí na daoine go dona agus an iomarca omóis dóibh ar fad. Bhí a gcuid oibre dhá dhéanamh dhóibh, agus bhí maith an bhaile aca in aisce. Mara ndéantaí ach sicín a mharú, chaithfidís greim di a bheith aca. Ach m'anam gur tháinig ciall do na daoine le goirid
 
Caith uait an t-iongás sin. B'fhéidir gur thú fhéin a mharú a dhéanfá leis. Da mba féirín é, ní thiúrfadh sé dhuit é
 
D'eirigh siad roimhe i bhfaltanas (as faltanas) agus thug siad leath-mharú air
 
Tá faobhar chlaimhe Oscair a mharódh trí chéad ar a aghaidh, trí chéad ar a chúl, agus trí chéad ar gach taebh dhe, ar an rásúr seo = macalla ón bhFiannaíocht é seo, agus cuid de na somplaí eile seo. Maireann siad san gcaint go fiú agus ag daoine nar chuala mórán den fhianaíocht
 
feall 1
Tuilleadh ghéar den diabhal aige anois! Ba bheag an scruball a bhí aige fhéin an fear bocht sin thiar a mharú. É a mharú a rinne sé scáth ar fhága sé beó dhe. Sé cóir Dé é anois gur eirigh an cleas céanna dhó fhéin. Más feáll filleann
 
fiach 1
"Céard a bhí t'athair a dhéanamh inné?" — "Ag fiach san ngarraí" — "Céard a bhí sé a fhiach?" — "chuile rud dhá raibh sé a mharú, d'fhágadh sé in a dhiaidh é" (ag marú miol in a chloigeann a bhí sé)
 
Is ait na fiagaithe sib agus dhá choinín a mharú
+
Maróidh mé é lá eicínt, mara dtuga Dia foighid dom
TUILLEADH (6) ▼
Is mór an fhoighid (is iomdha foighid) nach fuláir do dhuine a bheith aige in éindigh leis siúd. Má leigeann tú taghd ar bith in do ghoire, ní dóighide dhuit rud a dhéanamh ná a mharú
Tá mé ag ceapadh nach mór do mháistir scoile an-fhoighid a bheith aige. Agus má leigeann sé an fhoighid ó stuaim chor ar bith; ní dóigh cleas dó ná duine eicínt a mharú
Cén neart a bhí aige air. Chuaigh an fhoighid ó stuaim air, agus bhuail sé snaidhm ar an sean-fhear. Ní raibh rún ar bith aige é a mharú, ach mharuigh in a dheidh sin
Choinnigh mé stuaim ar an bhfoighid cho maith agus a d'fhéad mé, ach bhí sé ag dul thríom é a mharú chuile phuinnte in a dheidh sin
Níl de leigheas air anois ach a mharú le foighid = níl de leigheas air anois ach a bheith foighdeach fulannach, agus b'fhéidir gurbh amhlaidh ab fhearr é leis an aimsir.
Tá an geábh sin uainn, agus níl le déanamh anois ach mar dúirt an fear fadó: a mharú le foighid
 
Tá fuigheall na bhfuigheall de chuile chineál éisc san bhfarraige sin amuigh, an té a bhfuil de rath air a mharú
 
fód
Níor mhór dhuit an talamh sin a mharú le leasú le barr a bhaint dhe. Tá an fód fíáin ann
 
fuacht
Sé fuacht na gcrúba a mharaigh uilig mé. Dhá mbeadh miotógaí orm bhí agam
 
Cár mharaigh tú an fháiméad de bhallach sin … poll Charraig Mh. Ba mhaith é poll Charraig Mh. chuile lá ariamh
 
Bhí a fhios agam nach aon-deámheanmna a chas 'un an tí é ar an dá luath agus a bhfaca mé é, agus ar ndú ba gearr go raibh a chomharaíocht len a chois. Rug sé ar an gcroich go maraíodh sé a raibh istigh
 
de
Mharaigh an chú an giorria de dhá léim
 
diabhal 2
A mharú a bhí a dhéanamh, marab é an diabhal in a chraiceann é!
+
dia 1
Mara bhfuil ag Dia maróidh sé é féin = maróidh sé [é] féin ach Grásta Dé
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfeiceann tú anois é sin dhá mharú fhéin ag tochailt idir leacrachaí annsin ag iarraidh fataí agus arúr a shaothrú, agus mo chreach mhaidne na fataí agus an t-arúr a bhéas annsin. Tá faochain agus gliomaigh agus muiríní go barr-bachall len ais annsin amuigh, agus is mó a bheadh aige de bharr seachtaine leo, ná dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoil ag mianadóireacht sna clocha sin, ach is fhearr leis ag scríobadh leis an ngántann in a dheidh sin. Chreidim gur h-iomdha duine ag Dia, agus nach h-ionann tréartha do 'chuile dhuine mar deir siad
+
dia 2
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn = tá geis ar na ceann-oibreachaí sin na laethantaí sin
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an marú salach Sathairn! Ní thaithníodh sé le sean-Bh. chor ar bith go ndéanaidh Dia grásta uirre!
Má's pirseóg ná pirseóg anois é, is gránna é an marú Sathairn. Marú salach Sathairn! Chuala muid caint 'chuile lá ariamh air!