Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déidín
Ainmfhocal — fireann.
Iolraidh — déidíní
1.
crapadh a theagas ins an ngiall agus siar ins an mbéal. Glasálann an giall agus ní féidir a oscailt le spúnóga féin scaithtí; lockjaw.
+
Tá déidín tuithte aige (baintear leas as an mbriathar tuit leis i gcomhnuí)
Thuit déidín aige
TUILLEADH (12) ▼
Is olc an rud déidín tuitim ag duine
Ní fhaca mé déidín tuitthe ag duine ariamh ach chonnaic mé tuithte ag capall é. Bhí sí annsin thuas againn — capall a raibh sé tuithte aice. Tugadh as í — le tíortháil
Is déidín a thuit ag P. Á. Ghortuigh bulán ar an aonach é. Tugadh isteach ins an aspuicil (hospital) é ach dheamhan maith a bhí siad indon a dhéanamh dhó. Bhásuigh sé ann.
Dhá bhfágtaí capall ro-fhada gan rud len ithe, thuitfeadh déidín aice. Thuit déidín ag capall le N. Th. fadó an lá. 'Sé mo ghéar-chuimhne iad a fheiceál thuas in a h-éadan ins an gcró. Bhí 'chuile dheis aca léithe, ach chinn orra in a dheidh sin. Bhí an giall craptha ar fad, agus as sin ní fhágfad sé. Leagha na bhFíonn ní dhéanfadh aon-mhaith di … is cosamhail gur fágadh ro-fhada in a troscadh í, aindeoin go mbadh "set" (dream) iad a thugadh an-ghiollaidheacht do'n rud a bhíodh aca. Ach rinneadh éagcóir uirre ar chuma eicínt — rinneadh sin
Tuiteann déidín le gortú freisin. 'Bhfeiceann tú mac Th. G. annsin thiar ar bhuail capall de chic é isteach ar an ngiall. Níor chorruigh sé an giall go ceann fada. Bhí sé tugtha suas do'n bhás agus gan súil ar bith len a theacht. Chaith dochtúirí seachtain dhá láimhseáil, dar diaguí shrian sé as faoi dheire. Sílim nach dteagann sé roimhe, ná a dhath
Is diabhaltaí nach dtuitfeadh déidín ag lucht na bacsála sin agus na h-iarrantaí dalba a fhaghas siad ar na géill. Chonnaic mise fear dhá bhualadh i Sasana, agus dar brigh an leabhair duit thiocfadh sí thrídh ghiall chruaidhe. Shín sé ar shlatrachaí a dhroma é agus shílfeá dheamhan a bhéal a bhí sé i riocht a oscal. "Tá do phasóid agad a bhuachaill" adeirimse liom féin, "mara bhfuil déidín tuithte agadsa, ní chreidfidh mise go deo go raibh sé tuithte ag C. an uair a bhuail asal an tincéara é".
An té a mbeidh déidín tuithte aige ná bac thusa leis. Má bhíonn sé tuithte ceart aige, is fear réidh é. Dochtúirí na cruinne ní leigheasfadh é. Má ghníonn an giall crapadh tá sé craptha, agus ná bac thusa len a thabhairt ar ais, mar níl aon-ndán ar ais dó. Déarfaidh do rogha dochtúr leat é cuirfidh mise geall
Deirimse leatsa gur beag dochtúr atá sásta a dhul i dtréim le déidín. Fuadóchaidh siad ag an ospuicil (oispidéal) ar an bpuinnte é (an té a bhfuil déidín tuithte aige) agus sin ní fhágfaidh sé go dteighidh sé ar thaobh eicínt. Maidir le go dtiocfaidh dochtúr amach annseo ag méirínteacht leis, is beag an baoghal a mhic ó.
I leabhar a léigh mé é gurb iad féitheachaí an ghéill a strompas má chuireann rud eicínt as a riocht iad. Annsin ní bhíonn siad indon an giall a oibriú síos na suas. Sin é an déidín … 'Sé má's é. Breagh nach mbíonn sé amhlaidh le fuacht. Is minic ariamh a stromp fear a chodlóchadh amuigh. Bheadh sé craptha ar fad, ach dá mb'fhéidir a bhéal a oscailt, bheadh leis. Is mór an t-iongnadh, má's iad na féitheachaí a strompas, mar adeir tusa, nach dtuitfeadh déidín ag a leithide sin. Scéal agus a thóin leis atá in do chuid leabhra
Ní déidín ar bith a bhí tuithte aige sin ach sine siadháin. Is mór atá eatorra a mhic ó. Is furasta an tsine siadháin a leigheas, ach ní hé sin do'n déidín é. Droch-éadáil ceart é sin. Bíonn an tseamair Mhuire ag an té a theagas uaidh. Buaileann sé caiple agus beithidhigh cho maith leis an duine agus níl a fhios agam nach measa a bhíos sé orra ná ar an duine. Tabhair faoi deara nach measa freisin
Thiubharfainn an leabhar go raibh déidín tuithte ag an luadhán cuit seo agam an oíche faoi dheire. Bhí plaic in a bhéal agus gan í ag dul siar ná aniar, agus é ag cínnt air a caitheamh amach ná a bhéal a oscailt len a caitheamh amach. Bhí sé ag sníomh agus ag lúbadh agus a dhrioball in a bhior aige, gan mothú ar bith. Hébrí cé'n sórt ualach a bhí air chuir sé dhó (dhe) ins an deire é. Dhá n-imigheadh sé féin, is beag an chaitheamh in a dhiaidh a bheadh againn: is beag é a mhaith ná a mhaoin. Má tá eallach ar bith fairsing timcheall an tighe seo, is cuit iad. Bhainfidís an greim amach as do bhéal
'Sábhálaidh Dia sinn: déidín tuithte aige. Má tá muise is fear réidh é. Céard d'eirigh dhó? 'Ar ndú (ndóigh) ní hí an spala a buaileadh air thoir annseo is cionntaighe. Chaithfeadh sé go raibh tsiocair (siocair) eicínt aige thairis sin. Is deacair le déidín tuitim. Chuala mise cheana gur buaileadh iarraidh d'ord ceardchan ar an gC. a bhí thuas annseo agus é sínte ar an mbóthar. Cuireadh cnáimh a ghéill as áit agus in a dhiaidh sin féin dheamhan déidín a thuit aige. Mara b'shin í a dhóthain de shiocair castar leis é, ach bhí giall cruaidhe aige siúd, deir siad
2.
+
Tá déidín tuithte agam leis an bhfuacht, leis an ocras, le codladh; ag fanacht le duine eicínt, cheal tobac, go dteightheá ag damhsa, ag obair agus rl. = ní bheadh an déidín tuithte dháiríre, ach go mbeitheá thart, nó scrútuighthe cheal an rud áirid sin; nó go mbeitheá in ainriocht de bharr rud áirid a bheadh ag gabhail duit. (Ach ní fuláir a thabhairt faoi deara nach gcuirfí an luighe seo air, le tinneas ná le péin, nó le rud a bhfuil an duine ag saothrú an tsaoghail leis, ionann agus cho mór agus dá mbeadh déidín tuithte aige, nó é tugtha uaidh go mór. Ní abróchthaí cuirim i gcás: "Tá déidín tuithte aice le tinneas cloinne", nó "tá déidín tuithte aige le tinneas droma", nó "tá déidín tuithte ag an sean-duine bocht le scoilteachaí", nó "tá déidín tuithte ag an duine bocht ag iarraidh greim a mbéil a shaothrú dá chloinn". Ach déarfaí "tá déidín tuithte ag an gcirc sin go mbeiridh sí an ubh". An uair is cúrsaí tinnis shealadaigh é nach mbíonn ro-mhór is féidir a rádh)
Tá déidín tuithte agam leis an ocras agus gan aon-chosamhlacht aon-ghreim annseo
TUILLEADH (3) ▼
Bhí déidín tuithte agam d'fhuireasbhaidh gráinne tobac agus gan aon-ghráinne ag gábhail leis an D. Chuir mé fios tigh Bh. N. air le S. seo thuas, ach sin é teachtaire an Fhiadha ó'n Áirc. Beidh déidín tuithte agam faoi dhó ach a mbeidh sé sin ar ais.
Go dtugaidh an diabhal coirce dhuit, croisim aríst thú. Dhá dtuiteadh déidín agad muis d'fhuireasbhaidh tae dheamhan thiomanta deoir a chuirfeas tú ar do bhéal dhe, go mbeidh sé in am agad é a chuir air. Ní bhíonn sé ólta agaibh dhá mhionóid an uair a bhíos sibh ag sclamhaireacht dhá iarraidh aríst. Ní sheasfadh stór mór an tae libh leis an gcaoi atá oraibh
Bhí déidín tuithte againn leis an ocras an uair a fuair muid aon-ghreim, agus an uair sin féin ba gann gortach uatha é a thabhairt duinn. Stiallóigín bheag aráin a bhfeicfeá dealg indo mhéir thríd, agus scudalach tae ar baineadh an t-anam as — má bhí sé ariamh ann — le neart brutha. Méaracáinín beag fuisce annsin nach n-aireochthá a bhlas ar do theanga. Tugaimse mo mhallacht ar chuma ar bith do bhainseachaí Bh.
·
Ara a dhearbhráthair mo chroidhe tú tá déidín tuithte ag a bhfuil ins an teach seo cheal "fags", agus é ag cínnt orra aon-cheann a fháil. Ní cheal a shaothruighthe é muis. Chuaidh duine aca soir cho fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann adeirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh ins an teach thú an uair a bhíos siad dhá bhfuireasbhaidh. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinic mé isteach an lá cheana agus ubh agham a fuair mé beirthe. Hébrí cé'n chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb sheo é Seascach na gCearc — leath-fhocal é atá agham — "m'anam nach hé" adeir sé "nach (ach) Seascach na "bhfags" agus an tobac". Tá a fhios ag mo chroidhe go mbeadh truaighe agad dóib scaithtí an uair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasbhaidh
Tuitfidh déidín aige cheal mná shul má phósfas sí siúd é. Diabhal mise muis gurb aige atá an mheas air fhéin — a leithide de shean-chuaille — ag tnuthán go bpósfaidh gearrchaile é nach bhfuil an scór sáruighthe fós aice. Ach 'siad na cráinfhir sin is measa a bhíos an uair a bhuaileas an rachmall iad
+
Tá déidín tuithte agam ag fanacht leis agus dheamhan a chos atá ag teacht. Béidh a shliocht air: beidh moill aríst air shul á fhanfas mise leis — beidh sin
Tá déidín tuithte aige ag fanacht go n-imighidh an deirbhshiúr agus go bhféadaidh sé pósadh, agus gan cuimne ar bith féin ag an deirbhshiúr aon-chois a chorruighe as siúd. Tá an iomarca aoise aice anois le go n-iarrfadh duine ar bith le pósadh í, mara mbeadh sean-súmaire go díreach ann, a chaith a shaoghal i réigiún coimhthigheach eicínt agus a thiocfadh abhaile lobhtha le airgead. Ní chuirfeadh sean-raicleach ar bith aon-éiseall ar a leithide sin
TUILLEADH (3) ▼
… Ach creid mise dhuit ann go raibh déidín tuitthe aige ag iarraidh imeacht an uair a leig mise uaim é. Ní thiocfainn ins an gceann sin leis chor ar bith, marach cho dúlaidhe agus a bhí sé le fanacht idtús oíche. Feicfidh tú féin air nach hé an chéad bhall a chasfar in mo theach-sa aríst é — nach hé sin
Bhí déidín tuithte aice ag súil le geampa de'n fheoil ach is túisce a chaithfinn amach ins an aoileach í ná a thiubharfainn aon-cheo di. Mharbhuigh siad féin dhá chaora le dhá bhliain agus b'olc fúithe iad. Ní fhaca muid mórán dá mbarr ar aon-nós. Dheamhan ruainne ná sprúille muis!
Dheamhan duine muise as an teach a thiocfas a (do) chongnamh dó dhá dtuiteadh déidín aige ag forcabhás orra. Nach réidh a gheobhadh sé daoine ag dul dhá marbhú féin dó-san, agus gan é ach ag magadh fútha aríst ar fud an bhaile. Chuaidh beirt as an teach dhá lá le coirce aige anuiridh, agus 'sé'n siomsán (seamsán) a bhí aige soir faoi na bóithrí aríst, go mb'fhearr dóibh a bheith ag déanamh rud eicínt ó thárla nach raibh aon-choirce aca féin. Ag ceapadh go dtiubharfadh muide lá do'n fhear sin aríst!
+
Tá déidín tuithte aige go gcailltear an tsean-lánamhain agus go n-eirighidh an áit leis féin. Ach dheamhan agus móide fód dó a chomhairfeadh sé go bráth th'éis an forcabhás atá aige air. Tá an tsean-bheirt siúd sáthach aigeanta freisin, agus tá daoine is goire dóibh ná eisean, len a gcuid a thabhairt dóibh
Fear oibre mo chreach! Bíonn déidín tuithte aige go mbuailidh sé an cúig a chlog. Ní dhéanfad sé mogal in a dhiaidh dá mbeadh do chailleadh go deo leis
TUILLEADH (2) ▼
Shíl mé go dtuitfeadh déidín aige nó go gcloiseadh sé céard a bhí inghean an Mh. a dhéanamh i bhfus againn an Domhnach seo caithte, ach dheamhan fairnéis a fuair sé air uaimse. Ní labhróchainn amach as mo bhéal air leis dhá mbadh rud é a choinneochadh i bpiolóid é. Agus bí siúráilte muis go (gur) b'eadh
Tuitfidh déidín aige siud mara dtugaidh sibh cupla scilling dó le dhul ag an gcéilidhe. B'fhearr dhaoib, má tá aon-phighneachaí beaga ann a gcaitheamh aige. Nach bhfuil an duine bocht ag saothrú an tsaoghail sáthach dona agus gan é a choinneál istigh ins an oíche Dé Domhnaigh. Dheamhan a n-éiligheann sé imeacht aon-oíche eile.
+
Dheamhan gráinne tobac a gheobhfadh sé uaithe siúd dhá dtuiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd cruadh coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thiubharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin
Ní thiubharfainnse aon-deoir óil dó dhá dtuiteadh déidín aige. Bhí sé in a sheasamh thiar ag an gcúnntar an-tsubháilceach go deo, agus é ag forcabhás ar 'chuile dhuine a thiocfadh ag glaodhach deoch. Bhain sé féin an lá as an bpionta ag súil le 'chuile dhuine eile
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé annseo anuiridh agus dheamhan lá beo ach an Domhnach féin nach mbíodh sé thíos ag ceann an bhóthair roimhe fhear an phosta. Ag fanacht le scéala faoi'n "dole" a bhíodh sé, agus bhí an-mhoill air ag teacht. Shíl mé go dtuitfeadh déidín aige faoi dheire thál (ó thárla) nach raibh sé ag teacht
Tá sé in a mhaide seaca thoir annsin ag an mbinn ó mhaidin ag faire uirre a theacht amach. Mara dteagaidh sí amach muise roimhe an oíche, tuitfidh déidín aige. Tuilleadh ghéar de'n diabhal aige. Breagh nach bhfanann sé thiar ins an mbaile, maran fada aniar atá a chosa dhá thabhairt annseo
D'fhanfadh sé in a sheasamh annsin gan é a iarraidh, go dtuiteadh déidín aige. D'fhanfadh. Ní fhaca mé aon-duine ariamh is lugha triollúis ná é. Níl aon-ghna (gnó) aige a dhul rith coirce ó bhaile choidhchin nó is fear é a gheobhfas ocras

Déidín in iontrálacha eile (11)

 
Níl na ceanna cruacháin ná na malraí cháit sin len ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an dubhán agad, caith ag an deachma iad. A mhaltraid níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann-cruacháin. Bhí mé lá i mbliana annsin thíos ar an storráinín, agus bhí siad do mo bhualadh cho tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfairrge. Ach dhá mbeinn ann go dtuiteadh déidín agam, ní bhfuighinn priocadh ó thada eile. Ghlionndáil mé suas mo dhorugha faoi dheire le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin.
 
Thuitfeadh déidín aige an oíche sin, mara dteigheadh sé ag an damhsa. Ba hé sin fhéin an damhsa deacrach do'n chréatúr. Bhris sé a chois i bhfad uainn an anachain ag teacht abhaile. Níor eirigh sé de chúl a chinn ó shoin, ach sínte istigh annsiúd
 
Deallruigheadh é muise ar an mbóthar aréir ag fanacht léithe. Tháinic sí faoi dheireadh thiar thall, ach b'fhada é. Bhí déidín tuitthe aigesan ag fanacht léithe ar aon-chor
 
dearc
Bhí sé ag dearcadh idir an dá shúil orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dhá dtuiteadh déidín aige dhá fhuireasbhaidh, dheamhan deoir de mo chuid-se a gheobhadh sé len ól
 
deoch 1
Cneagaire ceart é: ní sheasfadh sé aon-deoch dhuit dhá dtuiteadh déidín agad dhá uireasbhaidh
 
diaidh
Cé'n meanmna a chas aníos chugainn é! Cheal nach bhfuil a fhios agad. Indiaidh óil. D'eile. Shíl sé go mbeadh aon-bhrabach orainn. Bailigheadh leis anois. Dhá dtuiteadh déidín aige ag súil leis, dheamhan deoir a gheobhfadh sé annseo
 
Bhí sé ag cur tuairisc Bh. liom an lá cheana. "Is fadó an lá nach bhfaca mé isteach í" adeir sé. Is cosamhail nar thug sí aon-díolaidheacht dó le fada. Ní mórán maitheasa dhó muise guth a bheith aige uirre siúd. Beidh déidín tuitthe aige ag fuirgheacht leis shul a dhéanfas sí siúd díolaidheacht leis
 
dligh
Mo chreach-mhaidne muise, níor dhligh an diabhlánach sin tae ná arán a fháil ins an teach seo, agus níor chumaoin daoib a dtabhairt dó ach an oiread, dhá mbeadh aon-fhuil ionnaibh. Níl cuimhne ar bith agaibh ar an uair a raibh sib fhéin thíos aige-san agus ar leig sé amach sib agus déidín tuithte agaibh leis an ocras. Ach sin é. Marach a bheith gan náire dhó is fada amach ó'n teach seo a d'fhanadh sé. Ach is fear gan náire é ar aon-chor.
 
dóigh 1
Céard adeir tú? … Mar dhóigh de nach raibh spéis ar bith agadsa a dhul in éindigh léithe, ach gurb ise a chuir an chluain ort. Innis é sin anois d'fhear adhartha. Bhí déidín tuithte agad ar feadh na h-oíche go mbeitheá in éindigh léithe
 
Cuirfidh sé sin duifean muis ar dhaoine má chloiseann siad é sin. Na ridirí airgid seo, bhí déidín tuitthe aca faitíos go mbuailfí Sasana san gCogadh, ach mara mbeidh aon-mhaith le airgead Shasana anois, béarfaidh siad searrach nó rud eicínt!
 
dúil
Bhí mo chuid fiacal ag déanamh uisce le dúil ins a bpíopa ach dhá dtuiteadh déidín agam dheamhan thiomanta gail a thiubhradh sé dhom