Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dearcadh
Ainm-bhriathar, Ainm-fhocal.
breathnú go grinn; na súile a chuir thrídh … ; féachaint go géar; amharc tollta a thabhairt. (Tá sé coitianta ach is "staring" a bhíos i gceist níos mó ná looking. Bíonn sé aistrightheach agus neamh-aistrigheach. Dhearc sé mé = he looked (stared) me up and down. Dhearc sé orm = he looked at me intently. Tá níos mó ná "he looked at me" i gceist, ach is ar éigin má tá sé cho cinnte le "he stared at me". "He looked at me interestingly", nó "he looked at me purposely", "he examined me closely with his eyes". Ach tabhair faoi deara freisin: "Dhearc sé orm" — níl sé i gceist ann gur bhreathnuigh sé ins gach uile áit ort, ach ar ghiodán áirid .i. t'éadan go h-iondamhail).
+
Dhearc sé mé. Shíl mé go gcuirfeadh sé na súile thríom. Fhobair mé fiafruighe dhó (dhe) an raibh dhá chloigeann orm nó eile, leis an gcaoi a raibh sé do mo dhearcadh.
Dhá bhfeictheá an chaoi a raibh sé de do dhearcadh nuair a thug tú do dhruim dó. Thiubharfá dearcadh air
TUILLEADH (3) ▼
Ha, tá tú ag ceapadh nachar fhéad sé thú a dhearcadh. Mo léan géar thú! Ní fhaca tú go raibh scáthan ar a chúl agus ar a aghaidh. Níor bhain sé a shúil de'n scáthan ó a chuaidh tú isteach nó go dtáinic tú amach aríst. Is olc an rud a bheith cho simplí sin
Níl le déanamh agad ach tosuighe dhá dhearcadh agus beidh sé in a choileaichín ar an toirt. D'ionnsóchadh sé thú gan tsiocair ar bith faoi'n domhan, ach an méid sin
Bhí sí dhá dearcadh ar feadh an Aifrinn. Shílfeá go mba mhór léithe di a seál nuadh
+
Chaith sé chúig nóiméad ag dearcadh idir an dá shúil orm 'nuair adubhairt mé an méid sin leis. Déarfá gur faitíos a bhí air mé a chreisteamhaint. Thosuigh sé ag cur dathannaí dó (dhe) fhéin annsin
Bhí sé beo-phianta ceart, arae chaith sé an oíche ag dearcadh ar an gclog, ach bhí leisce air corruighe in a dheidh sin. Gheobhaidh sé túirne Mháire ó'n mbean faoi fhanacht amuigh an fhad seo ins an oíche
TUILLEADH (7) ▼
Ní theagann iadhamh air ach na súile beaga friochanta siúd i gcomhnaí ag dearcadh ar 'chuile rud: i gcomhnaí i gcomhnaí
Ag dearcadh ar shlabhra do watch atá sé (páiste). Níl aon-ghoir agad é sin a fháil anois! Óra, fear buile gan bríste!
Ba bheag a bhéarfadh ormsa a chur ó dhearcadh orm marach go raibh leisce orm faoi'n a raibh istigh. Ní raibh agad ach sin a dhéanamh leis: do mhéarachaí a ghlasáil mar sin, mar dhóigh dhe gur coinín a bheadh ann, agus bheadh sé ingealta ar an bpuinte. Ní thaithnigheann leis an dream sin coiníní a shamhlú leo, beag ná mór
Má áitigheann tú ag dearcadh uirre, is gearr go ndeargaidh sí suas go dtí bun a dhá cluas, agus tosóchaidh sí ag sníomh ins an gcathaoir. Níl goir ag aonduine tosuighe ag breathnú uirre nach mbíonn sí mar sin
Bhí sé ag dearcadh idir an dá shúil orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dhá dtuiteadh déidín aige dhá fhuireasbhaidh, dheamhan deoir de mo chuid-se a gheobhadh sé len ól
Leigfidh tú de do chuid dearcadh ar an drisiúr nó cuirfidh mise ó dhearcadh thú. Nach bhfuil a fhios agad dhá mbeadh sé ann go bhfuightheá é, agus gurb shin é a bhfuil faoi. Cá bhfuigheadh muid tae agus an saoghal atá ann
Aithneochaidh tú aríst mé ar chaoi ar bith leis an dearcadh atá agad orm! Ní taisí mé ná eile! Nó ar ghoid mé aon-cheo uait?
+
Is aige a bhí an dearcadh ar do hata nuadh. Is beag nach sílfeá gur ag brath ar a iarraidh ort a bhí sé
Is tollta an dearcadh atá aige. Ach má's eadh fhéin, níl sé meabhrach chor ar bith. Sílim nach bhfuil ann ach bealach atá leis
TUILLEADH (4) ▼
Tá dearcadh sáthach mí-chéadtach aige nuair a thogruigheas sé é. Ach níl aon-ghangaide ins an duine bocht in a dheidh sin. Diabhal gangaide ná cuid de ghangaide!
Is géar an dearcadh atá aice. Tiubharfaidh sí léithe uiliog thú d'aon-amharc amháin. 'Sí atá deas air.
Ní thaithnigheann a dhearcadh chor ar bith liom. Sílim go bhfuil muid braithte aige. Ar éigin a bheannuigh sé féin, té (cé) go mbíonn sé an-fháilidhe go h-iondamhail. S. B. go siúráilte nachar choinnigh a raibh a fhios aige in a bholg!
Tá an-dearcadh isteach thar claidhe ag an mbideach seo, mar adeir fear Árann. Má fhaghann sí blas na h-áite sin do cheann-finne ní choinneochaidh as í. Tá an-fhéar anois ann

Dearcadh in iontrálacha eile (2)

 
diaidh
Bhí sé i gciúin-chomhrádh liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon-fhear go h-iomaidh ba spleodaraighe ná é. Maidir le scéalta bhí siad aige: bás na caillighe, pósadh na mná óige, cogadh, aontaigh agus eile. Ach hébrí cé'n dearcadh a thug sé indiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ó'n oíche fadó ar ionnsuigh sé é ag teacht aniar ó'n R.
 
Tá an-lághaidheacht ann mar sin, ach ní fhágann sin nach bhfuil sé deangmháilte in a dheidh sin féin. Breathnuigh air Satharn ar bith inG. Níor léar dhó duine, leis an dearcadh a bhíos aige fea'int (feachaint) a bhfeicfeadh sé na boicíní. Cuirfidh mé geall leat nach bhfeicfidh tú ag bualadh aon-bhleid ar fhear na tíre é. Mo chreach mhaidne ghéar thú!