Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearc
briathar
ainm briathartha: dearcadh
 breathnú go grinn; na súile a chur thrí … ; féachaint go géar; amharc tollta a thabhairt. Tá sé coitianta ach is staring a bhíos i gceist níos mó ná looking. Bíonn sé aistríoch agus neamhaistríoch. Dhearc sé mé = he looked (stared) me up and down. Dhearc sé orm = he looked at me intently. Tá níos mó ná he looked at me i gceist, ach is ar éigean má tá sé chomh cinnte le he stared at me. He looked at me interestingly, nó he looked at me purposely, he examined me closely with his eyes. Ach tabhair faoi deara freisin: dhearc sé orm — níl sé i gceist ann gur bhreathnaigh sé ins gach uile áit ort, ach ar gheadán áirid .i. t'éadan go hiondúil.
+
Dhearc sé mé. Shíl mé go gcuirfeadh sé na súile thríom. Fhóbair mé fiafraí dhó (dhe) an raibh dhá chloigeann orm nó eile leis an gcaoi a raibh sé do mo dhearcadh
Dhá bhfeictheá an chaoi a raibh sé do do dhearcadh nuair a thug tú do dhroim dó. Thabharfá dearcadh air
TUILLEADH (3) ▼
Ha, tá tú ag ceapadh nár fhéad sé thú a dhearcadh. Mo léan géar thú! Ní fhaca tú go raibh scáthán ar a chúl agus ar a aghaidh. Níor bhain sé a shúil den scáthán ó chuaigh tú isteach nó go dtáinig tú amach aríst. Is olc an rud a bheith chomh simplí sin
Níl le déanamh agat ach tosaí dhá dhearcadh agus beidh sé ina choileachín ar an toirt. D'ionsódh sé thú gan tsiocair ar bith faoin domhan ach an méid sin
Bhí sí dhá dearcadh ar feadh an aifrinn. Shílfeá go mba mhór léithe di a seál nua
+
Chaith sé chúig nóiméad ag dearcadh idir an dá shúil orm nuair adúirt mé an méid sin leis. Déarfá gur faitíos a bhí air mé a chreistiúint. Thosaigh sé ag cur dathannaí dó (dhe) fhéin ansin
Bhí sé beophianta ceart, arae chaith sé an oíche ag dearcadh ar an gclog, ach bhí leisce air corraí ina dhiaidh sin. Gheobhaidh sé tuirne Mháire ón mbean faoi fhanacht amuigh an fhad seo san oíche
TUILLEADH (7) ▼
Ní theagann iamh air ach na súile beaga friochanta siúd i gcónaí ag dearcadh ar chuile rud: i gcónaí i gcónaí
Ag dearcadh ar shlabhra do watch atá sé (páiste). Níl aon ghair agat é sin a fháil anois! Óra, fear buile gan bríste!
Ba bheag a bhéarfadh ormsa a chur ó dhearcadh orm murach go raibh leisce orm faoina raibh istigh. Ní raibh agat ach sin a dhéanamh leis: do mhéarachaí a ghlasáil mar sin, mar dhóigh dhe gur coinín a bheadh ann, agus bheadh sé i ngealta ar an bpointe. Ní thaitníonn leis an dream sin coiníní a shamhlú leo, beag ná mór
Má áitíonn tú ag dearcadh uirthi, is gearr go ndearga sí suas go dtí bun a dhá cluas, agus tosóidh sí ag sníomh sa gcathaoir. Níl gair ag aon duine tosaí ag breathnú uirthi nach mbíonn sí mar sin
Bhí sé ag dearcadh idir an dá shúil orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dhá dtiteadh déidín aige dhá uireasa, dheamhan deoir de mo chuidse a gheobhadh sé le n-ól
Ligfidh tú de do chuid dearcadh ar an drisiúr nó cuirfidh mise ó dhearcadh thú. Nach bhfuil a fhios agat dhá mbeadh sé ann go bhfaightheá é, agus gurb in é a bhfuil faoi. Cá bhfaigheadh muid tae agus an saol atá ann
Aithneoidh tú aríst mé ar chaoi ar bith leis an dearcadh atá agat orm! Ní taisí mé ná eile! Nó ar ghoid mé aon cheo uait?
+
Is aige a bhí an dearcadh ar do hata nua. Is beag nach sílfeá gur ag brath ar a iarraidh ort a bhí sé
Is tollta an dearcadh atá aige. Ach más ea fhéin, níl sé meabhrach chor ar bith. Sílim nach bhfuil ann ach bealach atá leis
TUILLEADH (4) ▼
Tá dearcadh sách míchéatach aige nuair a thograíos sé é. Ach níl aon ghangaide sa duine bocht ina dhiaidh sin. Diabhal gangaide ná cuid de ghangaide!
Is géar an dearcadh atá aici. Tabharfaidh sí léithe uileag thú d'aon amharc amháin. 'Sí atá deas air
Ní thaitníonn a dhearcadh chor ar bith liom. Sílim go bhfuil muid braite aige. Ar éigean a bheannaigh sé féin, té (cé) go mbíonn sé an-fháilí go hiondúil. S. B. go siúráilte nár choinnigh a raibh a fhios aige ina bholg!
Tá an-dearcadh isteach thar claí ag an mbideach seo, mar adeir fear Árann. Má fhaigheann sí blas na háite sin, do cheann fine ní choinneoidh as í. Tá an-fhéar anois ann

dearc in iontrálacha eile (4)

+
diaidh
Ní bhreathnódh sí díreach ort ar bhás an domhain, ach ag iarraidh thú a dhearcadh i ndiaidh a leicinn i ngan fhios.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé i gciúinchomhrá liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon fhear go hiomaí ba spleodraí ná é. Maidir le scéalta, bhí siad aige: bás na caillí, pósadh na mná óige, cogadh, aontaí agus eile. Ach hé brí cén dearcadh a thug sé i ndiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ón oíche fadó ar ionsaigh sé é ag teacht aniar ón R.
 
Tá an-láíocht ann mar sin, ach ní fhágann sin nach bhfuil sé diongbháilte ina dhiaidh sin féin. Breathnaigh air Satharn ar bith i nG. Níor léir dhó duine, leis an dearcadh a bhíos aige, féint (féachaint) a bhfeicfeadh sé na boicíní. Cuirfidh mé geall leat nach bhfeicfidh tú ag bualadh aon bhleid ar fhear na tíre é. Mo chreach mhaidne ghéar thú!
 
T. Sh.! É sin! Diúltaímid dó. Thabharfadh sé sin sá scine dhuit ar iontú an tsoip. Is air nach mbeadh an mhairg a Thiarna! Bhraithfeá é amantaí do do dhearcadh i ngan fhios agus scéin ann. Sin é "Dia aithnítear"