Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deatach
ainm-fhocal.
Fireann agus buineann? (Ní shéimhigheann sé aidiacht ina dhiaidh, ach glacann sé na ins an tuiseal geineamhnach uathaidh go minic i.e. "baladh na deataighe", "ag cur na deataighe amach". Ins an tuiseal geineamhnach uathaidh bíonn an fhuaim í — deataí — in a dheireadh. Cruthú é sin gur "ighe" atá ann arae dá mbadh -igh — deataigh — a bheadh ann, fuaim i — deatai — a bheadh ann mar a bhíos ins an tuiseal geineamhnach uathaidh d'fhocla fireanna i gcomhnaí i.e. coili(gh), máirnéala(igh), a fhleasca(igh) agus rl.).
toit, gail, gail bhruithte, rossamh, púir.
a.
+
Tá sé ag cur deataighe in aer = ag diúgadh píopa go santach
Níor chaith mé aon-ghail thobac ariamh. Cé'n samhaoine dhomsa a dhul ag leigean deataighe le gaoithe
TUILLEADH (7) ▼
Diabhal bréag nach bhfuil tú ag leigean deataighe le gaoith, bail ó Dhia ort, agus cho daor agus atá tobac
Sin é a bhuac sin a bheith ag leigean deataighe le gaoith. Is dona uaidh a luach a shaothrú muis
Ní dhearna siad faice ó mhaidin indiu ach istigh i lúibinn an chlaidhe ag leigean deataighe le gaoith. Sin iad an chuingir agad.
B'fhurasta deatach a leigean le gaoith roimhe seo, ach ó a dhaoirsigh an tobac, ní fheicfeá an oiread sin dhe.
Ba bhreagh uaidh deatach a leigean le gaoith anuiridh cho uain agus a bhí sé ag saothrú pighneachaí, ach caithfidh sé déanamh dá fhuireasbhaidh anois. An té nach bhfuil teine aige féin, déanadh sé a ghoradh le gréin, mar adeir an ceann eile
Ní feasach dom cé'n fáth a gcaithfinn tobac. Ag leigean deatach le gaoith ab eadh? Is suarach an cheird a bheadh orm muis
Dar príosta, níl aon-deatach agamsa le scaoileadh le gaoith ach an oiread le duine ar bith eile. An síleann tú go bhfaghaimse mo chuid tobac in aisce. An té nach bhfuil tobac aige anois cuireadh sé giolcach in a phíopa
+
Tá deatach aige seo thíos = deatach as an simléar
Sílim go mbeidh sib ar bheagán deataighe imbliana ar shon a bhfuil de mhóin tirm againn. An uair a bhí í a thapú fuair sí cead lobhadh ar na portaigh
TUILLEADH (5) ▼
Is maith luath atá deatach aige = is maith luath atá sé in a shuidhe
Níl dé na deatach ann (fc. )
Níl an simléar atá ins an teach nuadh ag tarraint na deataighe chor ar bith, ach ag puthaighil 'chuile phuínte. Níor léar dhuit do láimh ins an gcisteanach scaithtí
Bhrath na póilíos an deatach. Ní féidir an deatach a chur i bhfolach. Sin é an buille. 'Sé an deatach i gcomhnaí a ghníos spiadóireacht ar fhear an phoitín
Tá súile na deataighe aige = súile agus iad ag silt, nó cosamhlacht orra go mbíonn siad faoi'n deatach
+
Ní raibh puth deataighe againn cheana le coicís, ach tosuigheann sé (an simléar) ag caitheamh anuas i gcomhnaí ar an ngaoith seo
Níl an puth féin deataighe againn anois ó a thóig J. Dh. láimh as cionn an tsimléir. Tharraingeochadh sé páiste de'n teallach anois. Roimhe sin bhíodh púir dheataighe ar fud an tighe i gcomhnaí. Bhí muid in ainriocht aige
TUILLEADH (3) ▼
Baineadh sé móin nó ná baineadh, bíonn púir dheataighe aige i gcomhnaí
Aiteann atá dhá dhóghadh ann. Is uaidh an phúir dheataighe sin
Níor léar dhuit troigh de'n bhóthar ann ag púireannaí deataighe go ceann trí lá th'éis na "bambála".
·
Tá roilléire deataighe aige seo thíos féin sáthach moch ar maidin. Chaithfeadh sé go bhfuil sé ag dul ins an tráigh indiu
Tá brionglán deataighe (dlaoidheoig dheataighe, striochlán deataighe agus rl.) as an simléar
+
Ní bhíonn deatach ar bith gan teine = má bhíonn cosamhlacht ann, ní bhíonn sí gan údar
Ní bhíonn deatach ar bith gan teine. Marach go raibh aicíd eicínt ann, 'tuige a raibh siad ar fad in a luighe, agus gur chuir an dochtúr aithne ar dhaoine gan a dhul isteach ann
TUILLEADH (2) ▼
Marach go ndearna sé gaduidheacht eicínt, cá bhfuigheadh sé a raibh d'airgead aige. Ní bhíonn deatach ar bith gan teine
Breagh ar chuir sé caoi ar an teach agus ar chuir sé fuireann nuadh isteach marach go raibh rún pósta aige. B'fhurasta aithinte é. Ní bhíonn deatach ar bith gan teine, bíodh a fhios agad. Is beag an mhaith dhó a bheith dhá shéanadh anois. Ní phósfadh aon-bhean é: sin é a bhí air
+
Deatach le spóirt é = fear a raibh a theach dhá dhóghadh adubhairt é seo: mar dhóigh dhe, nach raibh an dream a bhí i láthair ann ach ag fáil spóirte ar an dóighteán
Is deatach le spóirt é mo chuid aitinn ó mhaidin = dhóigh gasúir é
TUILLEADH (2) ▼
Má's deatach le spóirt aca sin é, ní deatach le spóirt ag daoine eile é. A dtabhairt 'un cúirte a bhí a dhéanamh, 'sé sin. Ní spóirt ar bith loscadh sléibhe de'n tsórt sin.
Deatach le spóirt é agus is mairg nachar dóghadh é, mar adeir P. Sh. fadó agus an teach thrí lasadh
b.
+
Ní hé baladh na deataighe atá ort bail ó Dhia ort, pé'r bith cá'r eirigh sé leat = ní hé baladh na pluide atá ort; tá baladh óil ort; bhí tú ag ól
Mo léan géar, ní hé m'fhearacht féin é, ní hé baladh na deataighe a bhí uirre, th'éis an S. Meastú cá'il sí ag fáil a luach igcomhnaí. M'anam gurb ait atá sí ag cruthachtáil, gurb ait sin
TUILLEADH (3) ▼
Coinnigh i leith. Ní hé baladh na deataighe atá ort ar maidin. 'Gcuiridh Dia an t-ádh ort! Gheobhfaí baladh fuisce uait thíos ag ceann an bhóithrín
Ní hé baladh na deataighe a bhí air maidin Dé Luain … bhuel ní móide gurb é. B'fhéidir gur baladh airgead luachra nó baladh eicínt eile mar sin a bhí air
Ná teara isteach annseo agamsa anois ag toidheacht ar ais duit agus baladh na deataighe ort mar a bhíos i gcomhnaí. Is beag a aireochas do sparán, cúig nó sé de ghloineadhachaí maith fuisce
c.
+
Mo dheatach ort! (eascainí gan mórán gaimhe) = díol cam ort; droch-chríoch ort agus rl.
Mo dheatach ort le caoi a bheith ort!
TUILLEADH (8) ▼
Mo dheatach air, mara deas an cheird atá air, ag imeacht as a chranna cumhachta mar sin le postamhlacht
Mo dheatach ort a stór, mara beag a thastuigheas hata uait! Ní raibh hata ar aonduine de do chine ariamh, agus rinne siad gnatha maith dhá fhuireasbhaidh freisin. Ach níl a fhios ag mná na beag-mhaitheasa cá suidhfidh siad ná cá seasfaidh siad le teann suimeamhlacht'
Mo dheatach uirre le cleas a dhéanamh! Shílfeá mara bhfuil cuíbheamhlacht innte, go mbeadh suim aice ins an bposta atá aice. Mara bhfaghaidh sí bóthar anois, tá an t-ádh uirre!
Mo dheatach air agad, nach ndúineann suas é. Tá na daoine sáruighthe ag éisteacht leis ó a tháinic oíche. Is olc an rud an iomarca d'aon-earradh
Mo dheatach orra féin agus ar a gcuid cathaoireachaí boga. Ba bheag na cathaoireachaí boga a bheadh aca, dhá gcaillidís mórán leo!
Mo dheatach orra féin agus ar a gcuid páipéir. Tá an oiread dindiúirí ar an "dole" céadna, scáth leath-choróinín ghágach, agus nach fiú an tairbhe an trioblóid
Mo dheatach ar an sean-chlog céadna. Tá sé stoptha 'chuile ré soluis
Mo bheannacht do Sheán ach mo dheatach ar Sheumas, arae is eisean féin nach bhféadfadh an slacht a dhéanamh
d.
+
Tá deatach as an aoileach sin amuigh
Tá deatach as an gcarn aoiligh le neart an triomaigh atá ann. Ní fhágfaidh an stolladh sin rud ar bith gan spalpadh
TUILLEADH (5) ▼
Tá an chruach choirce sin téighte. An bhfeiceann tú an deatach atá aisti. Coirce breoidhte a bhéas againn i mbliana
Chaithfeadh sé go bhfuil an coca feamuinne siúd ag lobhadh. Tá púir dheataighe as
Deatach ins an ngleannach agus gan aon-splanc ann (tomhais) = bualtrach chapaill
Sin bualtrach úr. Nach bhfeiceann tú an deatach aisti fós
Bhí deatach as mo chuid éaduigh cho luath agus a leigeadh an teine chuca. Báitheadh go craiceann mé
·
Ní simléar atá ann ach poll deataighe (fc. poll)
e.
·
An bhfeiceann tú an deatach sin thiar idir thú agus léas. Níl annsin ach gail thriomaigh. An-uair ag móin í ar chuma ar bith.
f.
deannach.
·
Tá deatach asta indiu le dubhachan (as guirt fhataí)
g.
rúscadh.
+
Bhain sé deatach as an gcapall abhaile = thug sé neart bóthair di; bhain sé an-tsiubhal aisti
Chuaidh sé suas an bóithrín indiu, ag baint deatach as an asal. Níl aon-tsnaoim (snaidhm) dá raibh sé a thabhairt dó nach gcloisfeá thiar dtuaidh
TUILLEADH (1) ▼
Gabh amach, 'gcuiridh Dia an t-ádh ort, agus bain deatach as an mbulán sin amuigh. Nach hé eallach an Diabhail anois é go gcaithfeadh sé imeacht as an áit a raibh sé go bolg i bhféar ann. Béidh a shliocht air: ní go m[aith] a ghabhfas an imirce uabhair sin dó muis
+
Bainfidh mé deatach asad mara dtugaidh tú mo "phump" ar ais agam
Má leagann tú méirín fhliuch air, bainfidh mise deatach asad. Diabhal bréag nach mbainfidh
TUILLEADH (8) ▼
Bainfidh siad deatach as na Gearmánaigh anois, má tá siad cuibhrighthe mar sin aca. B'fhéidir nach miste beirthe é. Dhá mbeadh máistireacht aca féin, ní móide go mbeadh aon-ghaisce orra, ach an oiread le na Sasanaigh
Má fhaghann T. leigean ar bith ar Ph. bainfidh sé deatach as de bharr an chleas a rinne sé féin air
Bíodh sé ar a shon féin, nó bainfidh mise deatach as na másaí aige
Tá triúr aca ag baint deatach as coirce thíos ins an gcró. Sin iad na buachaillí agad, nach mbeidh i gcleitheamhnas "meaisín" ar bith ach a bhuailfeas a gcuid coirce féin go gaedhealach mar a rinne na daoine ariamh é. Ach tá an iomarca de'n spreallaireacht anois ar thuilleadh le dornán a thógáil in a láimh agus bualadh na cloiche a thabhairt air. Chuile shórt dhá chur ar éascaidheacht ar an saoghal seo. 'Seadh inDomhnach!
Baineann an máistir seo thoir deatach asta scaithtí muis, ach 'ar ndú, má bhaineann féin, ní milleán sin air. Chuirfidís aonduine faoi'n ngréin ghil le báinídhe
Bhain mise deatach as a[...] ar maidin. Cheangail mé do'n ursain é, agus chuir mé taobhach air le'r bhuail mé air, le feac láighe. Feicfidh tú féin air go gcomhairleochaidh mise é, gan a dhéanamh aríst
Theastóchadh ó dhuine eicínt deatach a bhaint as, ar scáth a bhfuil d'fhaitíos aige roimh an mbaile seo. Airigheann sé na daoine go dona: sin é atá air. Tá an stramhasachán sin thiar ag M. T. cho dona leis 'chuile orlach
Tá deatach dhá bhaint as na sionnaigh ó a tháinic fear an ghunna ar an mbaile. Is géar a thastuigh sin uatha. Bhí an áit bánuighthe aca. Sin é an gléas anois orra: neart gráin a chur ionnta
·
Tá an máistir beag ag baint deatach as an máistireás fhada ar an saoghal seo (ag suirghe léithe as éadan). Is diabhlaí an mac é, de thulóig cho beag leis. Ach mara bhfuil gabhail na gaoithe ann, tá déanamh na ngnaithí ann, mar adeir an ceann eile. Dar fiadh tá!

Deatach in iontrálacha eile (20)

 
dall 3
Tá mé dallta ag an deatach sin. Oscluighidh doras na gaoithe agus b'fhéidir dhó a thabhairt leis
+
2
Ní fhaca mé ó shoin dé ná deatach air = ní fhaca mé amharc air ó shoin
TUILLEADH (2) ▼
Níl dé ná deatach air ar an saol seo hébrí cá'il sé sáithte. Bí siúráilte nach bhfuil sé ag dul amú ar chaoi ar bith
Ní féidir dé ná deatach a fheiceál uirre le seachtain marar bhailigh sí léithe aríst. Thiocfadh di.
 
Tá sé in a dheargán anois agad le cuimilt. Is diabhluí an lear súighe a bhí air. Shílfeá nach mbeadh an oiread sin súighe ná deataigh ar lampa a bhfuil gloine air
 
deifir
Is mór de dheifir garrdha agus guirt a bhí air ariamh, agus céard atá dhá bharr aige indiu ach an oiread linne. Dheamhan a dheatach!
 
deis
Níl aon-ghoir aige 'chaon tsórt a dhéanamh in éindigh. Tabhair ionbhadh dhó. Bainfidh sé deatach as Sasana 'nuair a thiocfas sé ar a dheis. Siúd é an buachaill aice
 
Chaith mé trí h-uaire istigh ann aréir agus is beag bídeach nar plúchadh mé le deatach, agus len a raibh istigh ann. B'éigin dom a theacht amach uair nó dhó go bhfaghainn deoladh gaoithe. Ní raibh a sheasamh agam
 
Ní raibh an deoruidhe féin istigh rómham. Ná dheamhan Dé ná deatach a bhí ann. D'fhan mé annsin cosamar uaire, nó go dtáinic T.
+
diaidh
Chuaidh sé indiaidh a mhullaigh ann agus tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Ní raibh sé gabhthach le comhairle, agus tá a shliocht air anois. Bainfidh sí siúd deatach as. Ní raibh breith bonn báis aige nó go bpósfadh sé í sin. Spéir na gréine a bhí innte a mhic ó, má b'fhíor dó féin. Déanfaidh sí siúd spéir na gréine dhó (dhe) shul a bhéas sí réidh leis
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé thíos annsiúd ag cur deatach amach as an sean-dúda indiaidh a leicinn, agus ag innseacht faoi "bhliain annseo a raibh garrdha an tS. curtha agam, agus nach raibh aon-fhata ann ní ba mhó na cubharláin lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad cho mór le turnapaí Domhnach Chrom Dubh." Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
 
M'anam go bhfuil an díomhaontas caithte in aer aige ó phós sé. Bainfidh sí siúd deatach as. 'Sí atá deas air
 
dóigh 1
Má fhaghaimse an dóigh, bainfidh mé deatach as, ach is mór m'fhaitíos nach bhfuighead. Tá sé an-áirdeallach le goirid, agus leig sé faoi go mór ins an nglaodhmaireacht, thar agus mar a bhí sé. Measaim go mbraitheann sé nach bhfuil aon-iarracht fanta ag na daoine air, agus nach mór dó a bheith ar a shon féin feasta
 
Bheadh dóighteán ann agus dóighteán dháiríre marach an chaoi ar tapuigheadh é. Bhrath duine eicínt an deatach, as an mbun-tsop. Suas leis. Bhí an bun-tsop thrídh lasadh. D'fhuagair sé ar chongnamh. Bhí an lasair déanta siar leis an mbun-tsop ar fad, ach is gearr a bhí siad dhá mhúchadh in a dheidh sin, go leigidh Dia slán an congnamh. Dhá gcairthigheadh sí amach ins an díon chor ar bith loiscfeadh sí an dá theach agus an iothlainn
 
Anois céard deir tú leis a thosuigh ag dornáil na mná as comhair a raibh istigh. Bhainfeadh sé deatach aisti marach gur coinnigheadh uaithe é
 
dris
Tá muide ar an mbun chreidim. Ach mara dteigheamuid fhéin an cluiche ní leigfeamuid an bun amach, agus beidh geábh eile air. Bainfeamuid deatach asaibh annsin. Is muid atá deas air! Chuaidh muid faoi'n dris anocht. Tá ádh imeartha orainn
 
dubh 2
A dhuth ná a dhath féin níor thug sé dhom. Dheamhan a dheatach! Ná bac le gortach! Siúd é atá gortach!
 
dún
Dhúineamar simléar N. M. le cláistéar mór de scraith agus is beag nar plúchadh istigh iad le deatach shul ar bhrath aon-duine é
 
Tá deatach ag dul go h-aer as = cho fada leis an aer
 
Ní thugaimse cluais de leath a gcloisim ag dul tharm, ach is cosamhail in a dheidh sin go raibh údar eicínt leis an luaidreán sin. Ní bhíonn deatach ar bith gan teine, arsa tusa