poll (50+)
→
freagair
Dhá bhféadainn leathbhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná púirín uirthi sin. Meas tú nach ndéanfadh gréasaí leathbhróig dom?
+
Bhí sé chomh maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslogaide ansin amuigh ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siobháin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin ansin go raibh sé in am a bheith ag gliondáil as
TUILLEADH (5) ▼
Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt (seanfhocal) — má bhíonn duine ag caitheamh dúthracht le saothar ar bith nach mbíonn aon bhalachtáil air, ná nach bhfaigheann sé aon ugach uaidh, b'fhearr dó ligean dó
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Éiríodh sé as agus iarradh sé an dole. Ba é ba somhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
Airíonn sé freagairt eicínt sa bpoll siúd thoir agus chomh taithithe agus atá sé ann le mí — fear ag suirí le cailín ag áit áirid
→
fág i
Fágaim fiche cliabh fataí a bheith i chuile pholl. Níl thairis iontu. Tá an oiread fataí agamsa leis ina dhiaidh sin, mar tá poill théagarthacha agam. Níorbh ait liom taibhsí a chlúdú ariamh
→
fáinne
Thit an breac den duán orm síos sa bpoll aríst. Ní raibh an oiread carghais ariamh orm lena raibh orm ag breathnú air ag déanamh fáinní ar bharr an uisce
→
cadhail
Ba é an lá ba mheasa é a chonaic mé ariamh. Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann. Bhí mé do mo chaidhleadh le báistigh, agus gan fiú is an cóta mór fhéin orm.
→
caidhl
Déan caidhlín de na píosaí bhuidéal sin go gcuirtear amach i bpoll an chlaí iad. Fainic Dia aithnítear, an dtiocfadh aon sclamh acub in do chois!
Níl an t-uisce atá sa bpoll sin thiar i gcruth ólta ag na beithígh. Tá sé faoi chailimhineog fré chéile.
→
ciste
Má tá ciste agus stór aige anois, teastóidh sé uaidh. Is mór atá aige nó is maith an poll a chuirfeas spré a sheisear iníon ann.
Go dtuga Dia ciall duit! Ba gearr le dhul do phúcán ar na farraigí coimhthíocha atá as seo go Meiriceá. Aon liagán amháin acub siúd, agus beireadh sé ar do phúcán, chuirfeadh sí go tóin poill í mar a d'fheicfeá sliogán (farraigí coimhthíocha — farraigí cithbhéalta, nó an teiscinn mhór. Bíonn farraigí scréachta mar sin go hiondúil, i bhfad ó chladach)
Má tá sé ann i ngan fhios ná i gcomhfhios, gheobhaidh an póilí rua atá ansin thiar é. Ní bheadh sé istigh i bpoll srathaire i ngan fhios dó. Deir na stiléaraí gur sháraigh sé a bhfaca siad ariamh.
→
cora
Tá mé thart ag fiacail atá agam a bhfuil poll inti. Dheamhan uair dhá n-ithim aon cheo nach dtéann cora den rud chrua isteach inti, agus nach gcránn sí go hanam mé.
→
beanna
Gabhfaidh sé go poll an chladhaire leis a bheanna a thabhairt leis an babhta seo tharas ariamh. Má fhaigheann an breitheamh greim air sa gcúirt, cuirfidh sé ag spíonadh 'oakum' é go ceann tamaill — cinnfidh sé ar a dhícheall a theacht saor má tugtar os comhair an bhreithimh é. Cuirfidh an breitheamh príosúntacht air
D'éirigh cuaifeach a chuir an bád timpeall, agus murach chomh maith agus bhí muid ar ár maidí, bhí muid ar thóin poill.
→
bhíogaíl
Chuala mé an ghoisín roilleach ag bhíogaíl istigh i bpoll an chlaí. Tá mé ag ceapadh gur easóg a d'ardaigh léithe í.
+
→
boscaed
Téirigh i gcoinne boscaed fataí chuig an bpoll.
TUILLEADH (1) ▼
Ghoid sé a sheaneire de chruit fhataí! Ghoid go deimhin! Dheamhan ceo le cion boscaeid a ghoid sé ar fad, ach is mó i gceist an méid sin acub ná dhá ngoideadh sé poll ar dhuine eile.
Chuir an béiléiste poll maith i luach an ghamhan sílim — bhearnaigh sé go maith a bhfuair sé ar an ngamhain le ar ghlaoigh sé d'ól i bpáirt leis an gceannaitheoir.
+
→
aer
Thiar atá an poll in éadromán an aeir; thiar atá éadromán an aeir pléasctha (tugtha uaidh; fabhtach srl.) — déarfaí seo nuair a bhainfeadh sé tamall maith báistí amach as gaoith aniar
TUILLEADH (1) ▼
Ní taobh le poll atá sé (.i. éadromán an aeir) ach criathraithe uileag — seo mar fhreagra ar dhuine adúirt go raibh poll ar éadrom an aeir
→
buail
Scothbhláthan maith a bhuail mé, ach nuair a bhí mé dhá réiteach as an duán, ná raibh ann murar sciorr sé thrí mo mhéarachaí síos sa bpoll aríst. Is beag bídeach nár cailleadh mé le cantal agus lig mé liom fhéin abhaile go gairid ina dhiaidh.
→
buinne 1
Líon suas an pota fataí sin go buinne bruach anois. Ní mór é. Nuair a bheas ár ndíol fhéin agus díol na muc bainte as, is maith an poll a bheas ann.
+
→
buíog
Thit éadan an phoill (fhataí) ina bhuíograchaí
TUILLEADH (2) ▼
Thit an poll fataí anuas ina bhuíograchaí orm.
Ní mórán eile buíograchaí a imeos aisti nuair a bheas poll maith inti (aill nó strapa)
→
airigh
D'airigh mé an braon a bhí i laidhricín mo choise ag dul i bpoll mo chluaise leis an olc a bhuail mé.
→
amach
Ná bac lena dhul amach inniu! Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann! — níl aon mhaith bheith ag caint faoi a dhul ag obair inniu. Tá an bháisteach an-trom.
Is géar a theastaíonns athnuachan ó bhóthar an rí aríst. Tá sé faoi sclaigeannaí agus faoi phoill as éadan
+
→
átha
Tochlaíonn an lábánach poill ar scainimh na hátha le leaba shíolraithe a dhéanamh don bhradán baineann. Luíonn an bradán baineann ar an mbeirtreach sin agus síolraíonn sí. Tagann an firbhreac ansin agus séideann sé síos na lábáin atá ann fhéin ar na heochrachaí a shíolraigh as an mbradán baineann. Is beag nach síolródh bradáin ar lagchlascannaí ar bith a bheadh amach as loch nó abhainn dhá mbeadh láib iontub. Chonaic mise ag síolrú iad ar fheadáin láibe thuas ansin. Dheamhan mórán ar bith nach raibh siad triomaithe amach is amach. An bhliain cheana a raibh an triomach mór ann, thriomaíodar i gclaise thiar le loch.
TUILLEADH (2) ▼
Cuirtear arbhar ar cruachan ar átha le poitín a dhéanamh dhe. Séard í an átha, púirín agus cloigeann caolaigh agus scraitheachaí air. Bíonn sé 'rounáilte', agus lota beag istigh ann, agus scartar an eorna théis í a bháthadh ar an lota sin. Bíonn siad (.i. lucht déanta an phoitín) dhá hiontú agus dhá barr iontú ar an lota go mbíonn sí cruaithe. Tá poll taobh amuigh ar an bpúirín mar a bheadh doras agus bíonn tine ag béal an phoill agus téann an teas faoin lota go gcruaí sé an eorna (S. Ó C.)
Poll na hátha — an poll thuasríofa ar an bpúirín.
→
failm
Bhuail sé d'fhailm de dhorna ar pholl na cluaise é agus chuir sé an sruthán fola go talamh leis. Diabhal a leithide d'iarraidh!
→
fianaise
Is beag aici sin fianaise bhréige a thabhairt (a dhéanamh), ní dhá roinnt léithe é. Bheadh sí sin ag mionnú nó go gcuireadh sí poll ar bhalla na cúirte a dheartháir mo chroí. Nach bhfuil a fhios agam go maith é
+
→
fiúntach
Níl poll ná púirín ar an gcóta sin té (cé) gur fiúntaí poll na píosa — gur gnaíúla; gurb onóraí
TUILLEADH (1) ▼
B'fhiúntaí go mór duit a dhul isteach ann idir chlár is chuinneog agus an bhean a iarraidh (le pósadh) go breá slachtmhar, ná a bheith ag imeacht i bpoill agus i bprochógaí agus dhá hiarraidh ar nós chuma liom
→
foghail
Tá an oiread fataí le baint agam ar chaoi ar bith agus gur beag é foghail duine orthu. Tá cion cheithre pholl mhaith eile le baint agam
→
foithín
Mo chreach muise an poll fataí atá clúdaithe aige sin. Tá: foithín beag agus gan dhá bhruithneoig ann. Is cuma leis sa diabhal é ach an comhaireamh a bheith aige
→
folamh 1
“A stóirín ó, ná tréig mé i ngeall ar a bheith folamh (dólom); Agus a ghairdeacht is bheadh na poill mhóra ag tabhairt na mbó uainn agus dhá mbascadh … " Cuachín Ghleanntán Éifinn
→
forás
Is fear gan forás ar bith é. Dhá mbeadh aon fhorás air, ní cead lobhadh sna poill a thabharfadh sé dhá chuid fataí anuraidh cheal a gcur isteach. Go deimhin ní fear tíobhais é
→
féirín
Is deas é m'fhéirín: píopa a bhfuil poll ar a thóin. B'fhurasta a aithinte, dhá mba rud ar fónamh é nach dhomsa a thabharfadh sé é
Ceanna breá fíneáilte iad sin agat bail ó Dhia ort! Na "poll-Angus" sin bíonn siad amhlaidh i gcónaí. 'Siad na beithígh is mó iad atá thart anseo anois.
→
fómhar
Tráthnóna fómhair; clocha i bpoll móna; níl aon mhoill ar thráthnóna fómhair ach mar a bheifeá ag caitheamh clocha i bpoll móna; níl i dtráthnóna fómhair ach mar a chaithfeá clocha i bpoll móna — téaltaíonn sé leis an-sciobtha agus titeann an oíche gan aireachtáil