Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dálach
ainm-fhocal
lá de'n tseachtain, nó lá thar an Domhnach is cosamhail. Níl sé ach sa leagan "Domhnach agus dálach".
+
Ná déan é sin Domhnach ná dálach ach an oiread le chéile = lá ar bith, is cuma cé'n lá é
Bíonn siad ag obair i Sasana anois Domhnach agus Dálach. Tá an t-an-deifir orra nó go gcriogaidh siad an Gearmánach
TUILLEADH (9) ▼
Go dtugaidh Dia ciall duit a mhic ó mo chroidhe. Leath na n-Éireannaigh atá i Sasana, ní bhíonn a fhios aca Domhnach thar Dálach, mar ní hé an Domhnach a bhíos ag cur imní orra
Dheamhan a fhios aige siúd an Domhnach nó dálach é, ach a bheith ag tirtheáil leis mar siúd. Eiriceach ceart é, ní dhá roint leis é
Is cuma leis Domhnach thar Dhálach má fhághann sé trácht in a shiopa. Sin é a bhfuil de Dhia aige sin
Bíonn siad annseo Domhnach agus Dálach. Tá muid sáruighthe aca. Níl neart ag duine a bhéilí a ithe nach ag breathnú isteach 'sa bpus ort a bhéas siad
Bím ar bóthar Domhnach agus dálach léar (de réir) mar a fhaghaim glaodhach. Níl aon-scíth indán domsa
Diabhal mé gur suarach an t-iongnadh go mbeadh an dochtúr sin amscaidhe féin ag imeacht, agus a bhfaghann sé de ghlaodhach. Tá sé ar a chois Domhnach agus dálach
Sin í a cheird sin — ag gróigeadh móna — Domhnach agus dálach. 'Sé an fear is antlásaighe annseo anois é
Bhí mise in áit agus ní aithneochthá an Domhnach thar an dálach ann. Maidir le go raibh suim sa Domhnach, dheamhan a bhaladh!
Níl lá ar bith is mó súnás oibre é ná an Domhnach. B'fhéidir gur in a chodladh a d'fheicfeá é ar an dálach

Dálach in iontrálacha eile (5)

 
Shílfeá mara mbeadh len íoc aige ach dálaí beaga mar sin go n-íocfadh sé iad = suimeannaí beaga airgid ó am go h-am
 
Cailín Domhnaigh í sin anois. Mara chéile an déanamh suas a bhíos uirre Domhnach agus dálach cho maith le chéile.
 
deis
Diabhal mórán a d'fheicfeá iad ag bualadh deise ins an ruta seo anois. Ní bhíodh domhnach ná Dálach fadó nach h-í a bhíodh uiliog thíos annsin thíos ar an mbóthar, ach ní fhaca mé ann anois í le na cianta. 'Sé an áit a mbíodh an daoradh bualadh againn ar an leic sin ó thuaidh de bhóthar, ar aghaidh gheata Mh.
 
Is dóibh is furasta a bheith díogáilte. Ní comártas (comórtas) ar bith dhuitse máistirí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an dearg-mhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon-tuiseal geineamhnach ar an gcuingir fhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar agus a bheith dhá dhíogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach agus dálach. Má fheileann, ní do'n talmhuidhe é
 
dlaoi
Sraoill cheart í sin. Má theigheann tú isteach chuice lá ar bith — Domhnach agus Dálach 's aon-chás amháin é — ní bhíonn a dhath cíoradh ar a gruaig aice, ach í in a dlaoitheachaí móra gránna anuas ina súile. Tuinte fada na h-óinsighe, adeir siad