Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlaoi
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh; na dlaoi
ainmneach iolraidh: dlaoitheanna (dlaoitheachaí)
1.
foithnín; seamaide.
+
Níor fhan dlaoi ghruaige ar a cloigeann nachar thuit
Níor fhága siad dlaoi uirre thoir ann. Thug siad lomadh na caorach di. Cé'n bhrigh ach go sílfeá go raibh sí siúd cho galánta, agus nach dtiubharfadh sí míol ná aicíd léithe in a crioslaigh …
TUILLEADH (2) ▼
Dlaoi de ghruaig a máthar atá sa ruidín beag sin atá faoin a muineál. Is ceart dlaoi de ghruaig t'athar nó do mháthar a choinneál. Ní fhéadfaidh tú tada eile a choinneál
Níl dlaoi ar a mullach nach bhfuil faoi shneádh
+
Níl dlaoi fhéir ar bith ar na cnocáin nach bhfuil spalptha leis an triomach. An ghionnóid féin níl ann
Is diabhlaí puinteáilte an fear é. Má's é an coca tuighe fhéin é, ní fhágfaidh sé dlaoi ná dlaoidheoig ar sliobarna leis. Chonnaic mé thuas é ag scrathadh portaigh, an lá faoi dheireadh. Nuair a bheadh píosa scraithte aige igcomhnaí, ghabhfadh sé ar ais go mbainfeadh sé lorgachaí a chos as an mbínse!
TUILLEADH (4) ▼
Ní fheicfeá dlaoi fhéin bhruimfhéir is na fataí i mbliana ní ag tabhairt gubh air é! Meastú cé'n fáth! Nó [an] é an sneachta a ghiorróchadh leis
Is diabhlaí an loscadh sléibhe é sin a bhí ar chuid T. an oíche cheana. Ní bheidh dlaoi fhraoigh imbliana ann
Foighid ort! Tá dlaoitheachaí féir ar do sheaicéad. Cá raibh tú do t'ionnfairt féin?
Cuir an racán ar an gcoca sin, agus bain na dlaoitheachaí sin dó. Tá sé cuileach ar fad. Is gránna an rud a fhágáil mar sin
+
Tá an rópa sin uilig ag scéitheadh. An bhfeiceann tú na dlaoitheannaí ag teacht dhe?
Fagh dlaoi rúine (róine) agus fáisc ar sin é. Coinneochaidh sin é
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh dlaoithín ar bith agad a dhéanfadh glinne. Is gearr go dteighidh mé ag iascach
Sin fíonnach bó — an dlaoi sin. Is furasta aithinte é
'Bhfuil a fhios agad céard é sin? Sin dlaoi oakum. Is mór dhe a spíon mé 'sa bpríosún
2.
slaimín gruaige, lín, barraigh, féir agus rl.
·
"Bheidís dhá bhualadh ar an talamh in a dhlaoitheachaí, nó go ndéanfaidís a lagachan le tuairgín lín — na dornáin scaoilte istigh aca ar an urlár. Nuair a bheadh sé lagtha thugaidís leo é agus d'fhaghaidís cathaoir agus leagaidís ó dhlaoi go dlaoi ar shlinneán na cathaoireach é, agus iad dhá bhualadh le slis scuitseála agus sceamhadh ar 'chaon taobh di mar a bheadh bois maide rámha. Bhaineadh an scuitseáil an síol agus eile as" (giota as cuntas faoi'n líon a fuair mé ó m'athair)
·
Tá a gruaig ina dlaoitheannaí móra fada caithte thrín a chéile
Sraoill cheart í sin. Má theigheann tú isteach chuice lá ar bith — Domhnach agus Dálach 's aon-chás amháin é — ní bhíonn a dhath cíoradh ar a gruaig aice, ach í in a dlaoitheachaí móra gránna anuas ina súile. Tuinte fada na h-óinsighe, adeir siad
+
D'fheicfeá ag fás in a dhlaoitheannaí ar na clocha thíos 'sa gcladach é
Ná bac le tuighe chuileach! Níl dlaoi de'n méid tuighe a chuir sé ar an teach nach bhfuil cuileach as éadan
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbáithtí istigh 'sa teach é, dheamhan dlaoi tuighe a chuireas mise dhó. Ba chumaoin dom go deimhin!
·
Tá mé go dtí an dlaoi mhullaigh leis an stráca seo. Dhá mbeadh cupla dual agus baibín agam innte, ní dhéanfainn níos mó indiu = an tuighe is aoirde a bhíos ar an teach, as cionn an mhaide mullaigh
Tiubharfaidh mé liom go dlaoi mhullaigh anois an stráca seo ó a thosuigh mé chor ar bith air. Is measa an chíor ná an teach féin
3.
fogha amháin de chorrán ag baint arbhair.
+
Bhain mé dlaoi choirce agus chaith mé thar claidhe chuice é, ach ní thiubharfadh sí bolg dhó = an oiread agus a bhainfeá d'aon-fhogha amháin le corrán
Leagann sé na dlaoitheachaí thart ar sraith gan a nglanadh chor ar bith
TUILLEADH (6) ▼
Cuir dlaoi eile ann. Má tá tú dhá leagan ina dhornáin, níl cion dornáin 'sa méid sin.
Is áibhéil an dlaoi corráin atá aige. Diabhal mé go bhfuil dornán is 'chuile dhlaoi
Pioc an sop as an dlaoi sin. Is maith an buannaidhe thú! Ní féidir go bhfuil tú dhá leagan thart mar sin ar feadh an lae. Má tá muis níl ann ach ath-obair. 'Sé a théighfeas má tá mórán de shop an tséaláin sin ann
Is furasta coirce a bhaint a fhearacht seisean. Ní bheadh ar dhuine ach an dlaoi a leagan thairis gan glanadh ná piocadh ar bith. Ghabhfainn féin poll maith isteach ingarrdha coirce, lá ar an gcaoi sin.
Seo é atá agad a dhéanamh nuair a bhainfeas tú an dlaoi. Breathnuigh ormsa. Beir ar a cheann mar sin, agus scag amach a bhun, agus leig do'n tsop tuitim as. Craith go maith é mar sin, ach coinnigh greim maith ar a cheann. Níl mórán call glanta dhó má ghníonn tú sin leis
Ní bheadh gar ar bith dhuit a dhul ar do dhearnachaí annsiúd mar chaithfeá eirghe in do ghamal le 'chuile dhlaoi tá an eorna siúd cho salach sin
4.
an ribe nó an fíonnach ar náire mná.
+
Scoilt sé an dlaoi aice = scoilt sé an dollán aice; scoilt sé a ribe; an rud a dtugtar an "maiden hair" air a bhriseadh; ach deirtear é le có-riachtan ar bith le bean go minic
Scoilt sé an dlaoi aice lena chleith chábáin
TUILLEADH (1) ▼
Tá an dlaoi scoilte go maith aice faoi seo ar aon-chor

Féach freisin

Dlaoi in iontrálacha eile (1)

 
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)